Beidh comhar na gcomharsan ag teastáil go géar arís sna míonna seo romhainn

Tá fadhbanna go leor romhainn mar thoradh ar an bpaindéim agus an cogadh

Beidh comhar na gcomharsan ag teastáil go géar arís sna míonna seo romhainn

Bhí muid ar fad ag tnúth le tamall anois leis an deireadh seachtaine seo, Lá Fhéile Pádraig dá cheiliúradh mar is ceart den chéad uair le dhá bhliain agus Lá Saoire Bainc breise inniu le deis a thabhairt dúinn anáil a tharraingt tar éis fulaingt agus saothar na mblianta seo caite.

Tá an lá inniu, Dé hAoine, ainmnithe ina lá cuimhneacháin agus ómóis leis na daoine ar fad a chaill muid le dhá bhliain a thabhairt chun cuimhne agus le hómós a thabhairt dóibh siúd a bhí sa mbearna bhaoil i rith an ama ag obair sna seirbhísí tábhachtacha a choinnigh an córas sláinte ag imeacht agus na seirbhísí riachtanacha eile a theastaigh leis an tír a choinneáil ag feidhmiú.

Tá na srianta maolaithe, na sluaite ag cruinniú le chéile agus na mascanna caite uathu ag tromlach na ndaoine. Ná déanadh muid beag is fiú den Covid in am ar bith mar sin féin.

Thart ar 10,000 cás a bhíonn ann chuile lá i gcónaí agus tá beagnach 6,700 duine a raibh an galar míthrócaireach seo orthu caillte againn. Deirtear linn go bhfuil sé maolaithe agus go bhfuil na vacsaíní éifeachtach ina aghaidh ach ní mór dúinn i gcónaí a bheith airdeallach. Tá a rian fágtha go láidir ag Covid-19 ar an bpobal agus ar an meon náisiúnta.

Níl raibh deis againn fós dul i ngleic leis an rian atá fágtha ag an bpaindéim ar na daoine, é a iniúchadh ná a ríomh. Tá uafás agus tubaiste na hÚcráine tar éis chuile scéal eile a ghlanadh as an mbealach faoi láthair. Is deacair a rá cén lorg a fhágfaidh an scéal sin ar mheon na ndaoine, ní hamháin pobal na hÚcráine ach pobal an domhain trí chéile. 

Ag tús na paindéime ba mhór i gceist comhar na gcomharsan. Daoine ag faire amach dá chéile agus ag teacht i gcabhair orthu siúd a bhí sean agus lag. Tá éacht den saghas céanna á dhéanamh ag pobal na hÉireann faoi láthair – iad ag fóirithint ar mhuintir na hÚcráine le hearraí agus tearmann is lóistín dóibh siúd atá ag teitheadh ón uafás. 

Faoi láthair is iad na ceisteanna bunúsacha a bhaineann le soláthar fuinnimh, gual don tine agus ola leis an teach a théamh atá in intinn daoine abhus. Costas beatha, bainne agus torthaí. Daoine gur cuimhin leo blianta an dara cogadh domhanda ag trácht ar na cuimhní atá acu ar chiondáil. 

Tá roinnt beartas fógartha ag an rialtas chun aghaidh a thabhairt ar chostas breosla agus fuinnimh. Deir siad linn go dtuigeann siad an brú atá ar dhaoine ach nach féidir leo leanúint go brách ach an oiread ag tabhairt fóirdheontais leis an cúrsaí a dhéanamh níos éasca.

Tá fadhbanna go leor romhainn mar thoradh ar an bpaindéim agus an cogadh. Ná déanadh muid dearmad nach bhfuil ceist an phrótacail agus an Bhreatimeachta iomlán réitithe fós ach an oiread. 

Beidh comhar na gcomharsan ag teastáil sna míonna seo romhainn chomh mór agus a bhí ag aon tráth le tamall de bhlianta. Le linn dúinn a bheith ag smaoineamh orthu siúd a chaill muid de bharr Covid cuimhníodh muid freisin gur léirigh sé dúinn gur i dteannta a chéile ie fearr muid.

Fág freagra ar 'Beidh comhar na gcomharsan ag teastáil go géar arís sna míonna seo romhainn'

  • Antóin

    Is léir nach bhfuil na ‘vacsaíní’ éifeachtach má tá 10,000 ‘cás’ ann chuile lá. Tá sé sin ag teacht le toradh na dtrialacha a d’fhoilsigh Pfizer in éadan a dtola le déanaí a léirigh nach ráibh a gcuid vacsaíní sábháilte ná éifeachtach.

    “Ní raibh deis againn fós dul i ngleic leis an rian atá fágtha ag an bpaindéim ar na daoine ….’ a deir tú ach níl fonn da laghad ar an rialtas dul i ngleic leis an rian atá fágtha ag na ‘vacsaíní’ ar dhaoine – orthu siúd atá ag fulaing de dheasca na ‘vacsaíne agus iad siúd a fuair bás dá deasca

    Beidh comhar na gcomharsan ag teastáil go géar cinnte.