Beidh ar Dessie Farrell luí isteach ar an obair sách sciobtha agus foireann óg as Ciarraí ag feabhsú

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar shéasúr CLG 2020

Beidh ar Dessie Farrell luí isteach ar an obair sách sciobtha agus foireann óg as Ciarraí ag feabhsú

Bainisteoir nua Átha Cliath, Dessie Farrell. Pictiúr: INPHO

Beidh cluichí ceannais na hÉireann againn mí Eanáir 2020 agus craobhacha na gclubanna tugtha chun cinn. Beidh cumann Gaeltachta san iomaíocht agus iománaithe Mhícheál Breathnach as Gaillimh fós sna babhtaí leathcheannais sa Chraobh Shóisir.

Is iad seaimpíní 2019 atá ina rogha láidir na n-údar, Cora Finne sa pheil agus Seamróga Bhaile Héil san iomáint.

Tá fir na Gaillimhe ag iarraidh Craobh Shinsir na gClub a thabhairt leo den tríú bhliain as a chéile, gaisce nach bhfuil déanta ag aon chumann riamh roimhe seo.

Cuirfear tús leis na sraitheanna náisiúnta ag deireadh na míosa agus cuirfear an-suim sa chluiche peile i bPáirc an Chrócaigh ar an 25 Eanáir idir Áth Cliath agus Ciarraí. Ar ndóigh, is iad na foirne sin a d’imir i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh ach, níos spéisiúla fós, is é an cluiche seo an chéad chluiche a bheidh ag Dessie Farrell i gceannas ar fhoireann Átha Cliath agus é tagtha i gcomharbacht ar Jim Gavin.

Dála 2019, níl Áth Cliath ag glacadh páirt i gCorn Uí Bhroin i mbliana agus bhí tamall ann anuraidh sula raibh siad i mbarr a maitheasa.

Ní thiocfaidh líonrith ar lucht tacaíochta Átha Cliath mura mbeidh siad i mbláth a maitheasa i rith an earraigh ach beidh ar Farrell luí isteach ar an obair sách sciobtha agus foireann óg as Ciarraí ag feabhsú i gcónaí.

Beidh Gaillimh, atá anois faoi cheannas Phádraic Joyce, Maigh Eo, Dún na nGall agus Tír Eoghain uile ag iarraidh an bhearna idir iad féin agus an dá fhoireann is fearr sa tír a laghdú ach gach seans gur idir Áth Cliath agus Ciarraí a bheidh craobh na bliana seo arís.

Coinneofar súil ghéar ar an gCraobh thánaisteach Peile a gcuirfear tús léi i mbliana chomh maith. Beidh an togra uile ag brath ar spéis na n-imreoirí ann agus má dhéanann imreoirí cinneadh dul go Meiriceá seachas imirt sa chraobh nua, ní mhairfidh sí i bhfad.

San iomáint, beidh struchtúr nua ann sa tSraith Náisiúnta agus deireadh curtha le Roinn 1A agus Roinn 1B, ach is ar an gcraobh a bheidh na foirne móra ag díriú agus cuid mhaith acu den tuairim gur chaill siad amach ar dheis iontach in 2019. Is iad Tiobraid Árann a bhuaigh Corn Mhic Cárthaigh anuraidh ach beidh Cill Chainnigh, Luimneach, Loch Garman, Gaillimh agus cúpla foireann eile ag ceapadh gur chaill siad seans iontach cur lena stór.

Díograis agus TJ Reid a thug Cill Chainnigh chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann anuraidh agus níl mórán fianaise ann nach ag brath an iomarca ar Reid a bheidh siad arís in 2020. Bhí cuma na maitheasa ar Luimneach i lár an tsamhraidh ach chlis siad sa chluiche leathcheannais agus bhí beagáinín trioblóide acu ó thaobh cúrsaí smachta i rith na Nollag. Beidh siad ag súil an mianach atá iontu a chruthú arís in 2020.

Tá scata bainisteoirí nua tagtha i gceannas agus daoine nua ceaptha i nGaillimh, i gCorcaigh, i bPort Láirge agus i gcontae an Chláir. Tá cuid de na deacrachtaí céanna ag cur as do na foirne sin go léir agus athrú chun feabhais de dhíth orthu ar fad. Beidh siad ag súil go dtabharfaidh na fir nua ar an taobhlíne spreagadh breise sin dóibh.

Ní fios ach oiread an mbeidh Áth Cliath in ann coinneáil orthu ag feabhsú faoi cheannas Mattie Kenny nó an mbeidh Loch Garman chomh maith agus a bhí siad anuraidh.

Fágann na ceisteanna sin uile gurb iad Tiobraid Árann rogha na n-údar do Chraobh na hÉireann. Theip ar an bhfoireann seo faoi dhó cheana an dara craobh as a chéile a thabhairt leo agus buntáiste mór dóibh é go mbeidh Liam Sheedy i gceannas orthu arís in 2020. Idir na Mahers, na McGraths, Séamus Callanan agus na himreoirí óga atá ag teacht chun cinn, tá scuad den scoth acu agus beidh ar na contaetha eile feabhsú má tá siad chun iad a shárú.

Sa chamógaíocht beidh mná na Gaillimhe ag iarraidh cur leis an dul chun cinn a rinne siad in 2019. Tar éis dóibh cliseadh sna babhtaí leathcheannais le cúpla bliain, thug Gaillimh Craobh Chamógaíochta na hÉireann leo i mbliana den chéad uair ó 2013. Ba í Niamh Kilkenny laoch na foirne agus cé go mbeidh Corcaigh agus Cill Chainnigh láidir arís i mbliana, ba cheart go dtabharfadh an bua sin an-mhisneach do Ghaillimh.

Bhí bliain den scoth ag banpheileadóirí na Gaillimhe in 2019 chomh maith agus cluiche ceannais na hÉireann bainte amach acu den chéad uair ó 2005. Bhuaigh Áth Cliath orthu sa chluiche ceannais ach tá a lán imreoirí óga den scoth ag teacht chun coinlíochta sa chontae.

Is iad Áth Cliath boic mhóra pheil na mban fós, áfach, agus Craobh na hÉireann acu den cheathrú bliain as a chéile i mbliana. Má tá ábhar dóchais ar bith ann d’fhoirne eile, áfach, is é go bhfuil cuid de shárimreoirí na foirne ar an mbóthar le fada. Tá Sinéad Goldrick, Sinéad Aherne, Niamh McEvoy, Lyndsey Davey agus Noelle Healy ag imirt le breis agus deich mbliana agus cé nach bhfuil aon stop tagtha leo go fóill, ní fhéadfaidh siad a bheith chomh scafánta is a bhí go deo.

Fág freagra ar 'Beidh ar Dessie Farrell luí isteach ar an obair sách sciobtha agus foireann óg as Ciarraí ag feabhsú'