Beidh an lámh in uachtar ag Cora Finne agus Naomh Uinsionn i gcluichí na gclubanna

Imreofar na cluichí leathcheannais i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann tráthnóna agus mórfhoirne na gcúigí ag tabhairt aghaidh ar a chéile

Beidh an lámh in uachtar ag Cora Finne agus Naomh Uinsionn i gcluichí na gclubanna

Gary Sice, Cora Finne. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cora Finne v Na Crócaigh

Páirc na nGael, 16:00

Tá 25 bliain ann ó bhuaigh Na Crócaigh Craobh Shinsir Peile na gClubanna, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar chumann Tomás Dáibhis ó Bhaile Átha Cliath sa chluiche ceannais. Ó shin i leith, áfach, is minic, a cuireadh na Cróchaigh go tóin poill sa bhabhta leathcheannais.

Tá cluiche leathcheannais na hÉireann bainte amach acu cúig huaire ó 1992, ach níor éirigh leo ach ceann amháin de na cluichí sin, cluiche leathcheannais 2007, a bhuachan. Beidh siad ag iarraidh an méid sin a chur ina cheart tráthnóna, ach is mór an dúshlán atá rompu agus iad ag tabhairt aghaidh ar churaidh na Gaillimhe, Cora Finne.

Bhuaigh fir na Gaillimhe craobhacha an chontae agus an chúige gan mórán stró in 2016 agus níl ann ach dhá bhliain ó d’éirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan i bPáirc an Chrócaigh.

Cé nár thosaigh ach triúr d’imreoirí an chumainn, Bernard Power, Liam Silke agus Gary Sice, ar fhoireann bhuacach na Gaillimhe i gcluiche ceannais Chonnacht anuraidh, tá neart imreoirí eile acu – leithéidí Ian Burke, Cathal Silke, Michael Lundy agus Michael Farragher – a mbeidh súil á coinneáil ag bainisteoir an chontae, Kevin Walsh, orthu.

Buille is ea do na Crócaigh go bhfuil an chuma ar an scéal nach mbeidh fáil acu ar Eoin Brosnan, ach níl aon easpa imreoirí a bhfuil taithí idirchontae orthu agus beidh tábhacht mhór ag baint leis na teaicticí a chuirfidh Cora Finne i gcrích chun réalta Chill Airne a choinneáil faoi chois.

Tá Colm Cooper ar dhuine de na peileadóirí is cumasaí sa tír i gcónaí agus cé nach bhfuil aon imreoir inchurtha leis ag Cora Finne, seans go bhfuil scuad níos láidre acu.

Rogha Tuairisc.ie: Cora Finne

Naomh Uinsionn v Sleacht Néill

Páirc Esler, 14:00

Beidh peileadóirí Shleacht Néill ag iarraidh eiseamláir na mban a leanúint inniu agus áit bainte amach cheana ag mná an chumainn i gcluiche ceannais camógaíochta na hÉireann. Ní bheidh sé éasca ag na fir agus aghaidh á tabhairt acu ar fhathaigh Bhaile Átha Cliath, Naomh Uinsionn.

Seo é an dara huair ag foireann Dhoire an cluiche leathcheannais a bhaint amach sa Chraobh Shinsir. Tháinig siad aniar aduaidh ar chumann Aibhistín de Staic as Ciarraí dhá bhliain ó shin, agus beidh taispeántas níos fearr fós ag teastáil más fúthu an ceann is fearr a fháil ar Dhiarmuid Connolly agus a chomhghleacaithe i bPáirc Esler tráthnóna.

Tá na himreoirí idirchontae, Brendan Rogers agus Chrissy McKaigue, ar bheirt de na ceannairí atá ag Sleacht Néill agus beidh ar Naomh Uinsionn súil ghéar a choinneáil freisin ar Shane McGuigan, a d’aimsigh cúig phointe i gcluiche ceannais an chúige in aghaidh Chill Chua.

Cé gurb é Diarmuid Connolly stiúrthóir na foirne ag Naomh Uinsionn, is é an seanfhondúir Tomás Quinn a aimsíonn formhór na scóranna dóibh. Níl siad ag brath ar Quinn amháin, áfach, agus tá  Shane McCarthy agus Enda Varley go maith in ann an t-ualach a iompar nuair a bhíonn lá ciúin aige.

Caithfidh Sleacht Néill níos mó díocais a thaispeáint ná Naomh Uinsionn más fúthu an bua a fháil tráthnóna, ach gach seans go mbeidh Naomh Uinsionn róláidir dóibh.

Rogha Tuairisc.ie: Naomh Uinsionn