Beidh an focal scoir faoi Éire Aontaithe ag an dream nár nocht a dtuairim go fóill

An dream a chuirfidh le chéile an plean is cuimsithí, is ciallmhaire agus is mealltaí dóibhsean a bhuafaidh an reifreann

Beidh an focal scoir faoi Éire Aontaithe ag an dream nár nocht a dtuairim go fóill

‘Ná déan dóigh de do bharúil’ an mana ba cheart a bheith againn agus torthaí pobalbhreitheanna á scagadh againn. Is iomaí toghchán a bhain geit asainn mar gur bhaineamar míbhrí as an méid a dúradh le lucht na suirbhéanna, fiú nuair a bhí na tuairisc inmhuiníne.

Ó foilsíodh pobalbhreith Lucid Talk don Sunday Times an Domhnach seo caite tá dianphlé ar siúl abhus faoi cheist reifreann na teorann. Tuairiscíodh go raibh móramh i dTuaisceart Éireann i bhfabhar reifreann a reáchtáil faoin teorainn taobh istigh de chúig bliana. 51% a bhí ar a shon, 44% a bhí ina aghaidh agus 5% neamhchinnte.

I bhfianaise na guagachta atá cothaithe ag an mBreatimeacht anseo agus sa Bhreatain Mhór ní hiontas é go bhfuil níos mó daoine den bharúil gur ghearr uainn scoilteadh na Ríochta Aontaithe. Ní haon iontas é an bá le reifreann faoin teorainn ach oiread, ach níor cheart d’éinne talamh slán a dhéanamh den toradh go fóill.

Thosaigh caint láithreach i measc lucht éilimh an reifrinn faoi mhóramh a bheith i bhfabhar Éire aontaithe/Éire nua. Ar an dara hamharc áfach ba léir go raibh móramh 47% ag iarraidh fanacht sa Ríocht Aontaithe i gcomparáid le 42% ar theastaigh Éire nua uathu. Ar an láimh eile thug 47% le fios go mbeidís sásta le hÉire Aontaithe agus 47% a dúirt go mbeidís míshásta – an scoilt chóir a bheith cothrom.

B’údar imní d’aontachtaithe é sin agus an móramh mór i bhfabhar fanacht sa Ríocht Aontaithe caillte. An dtabharfaidh na páirtí aontachtacha faoi fheachtas chun an t-aontas ríoga a dhíol leis an bpobal, mar a mhol Peter Robinson cúpla bliain ó shin? Ba é an seanfhreagra a bhí ag an DUP agus ag Arlene Foster go háirithe – níor ghá déileáil leis an gceist mar nach dtarlódh sé. Tá cuid d’fheisirí an pháirtí anois ag rá gur cheart buntáistí na Ríochta a chraobhscaoileadh. Tá milleán á chur ar an DUP as an nasc leis an mBreatain Mhór a lagú lena pholasaithe faoin mBreatimeacht.

Méadú mór ab ea an 42% ar son ‘Éire Aontaithe’ ar an 25% a thug an freagra céanna ar shuirbhé Life & Times anuraidh. Laghdú ab ea é, áfach, ar an 45% i bhfabhar ‘Éire Aontaithe’ i bpobalbhreith eile de chuid Lucid Talk anuraidh. San dá bhlaiseadh sin de thuairimí an phobail, bhí 14% neamhchinnte faoin gceist i suirbhé Life & Times agus 8% a bhí i gceist i gcás Lucid Talk.

Mhéadaigh líon na ndaoine a bhí neamhchinnte (nó nach raibh toilteanach freagra a thabhairt) go 10.7% sa phobalbhreith nua ag Lucid Talk.

’Sí an cheist do lucht feachtais – ar an dá thaobh – cén líon den dream neamhchinnte a d’fhéadfaidís a mhealladh. Tá sé soiléir ó na toghcháin a bhí againn le cúpla bliain anuas go bhfuil líon na ndaoine ‘sa lár’, mar a thugtar air abhus, méadaithe. Tá vótaí meallta ó dhá thaobh na deighilte ag Alliance, an Comhaontas Glas agus Pobal Seachas Brabach. Iománaí ar an gclaí, is ea Alliance maidir leis an gceist bhunreachtúil cé go mba pháirtí aontachtach é tráth. Tá siad ag iarraidh an dá thrá a fhreastal go fóill agus deir an lucht ceannais nach mbeachtófar leagan amach an pháirtí faoi reifreann go dtí go mbeidh tuilleadh taighde ar fáil agus na roghanna pléite.

Chruthaigh an Breatimeacht go mbeadh sé seafóideach reifreann a reáchtáil gan an réamhobair a dhéanamh. Cé na roghanna a bheadh ag daoine? Rialtas lárnach amháin i mBaile Átha Cliath nó socrú feidearálach de shórt éigin? Cosaint do chearta daonna an mhionlaigh aontachtaigh? An gcoinneodh aontachtaithe a saoránacht Briotanach? Seirbhís sláinte phoiblí, saor in aisce? An mbeidh pinsin slán? An gcothódh geadán beag dílseoirí fadhbanna slándála? Agus na scórtha ceisteanna eile.

Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil céatadán áirithe ar chaon taobh atá tiomanta dá leagan amach féin, iad docht dolúbtha. Airteagail chreidimh acu fanacht san Ríocht Aontaithe nó tír na haislinge, Éire Aontaithe, a bhaint amach. Ach cé a ghabhfaidh i bhfeidhm ar na dreamanna idir eatarthu? Cad iad na hargóintí a bheidh cinniúnach? Cúrsaí eacnamaíochta? Caighdeán maireachtála? Luachanna sóisialta? An Eorpachas nó an Bhriotanacht? Rud níos teibí?

Áirítear go bhféadfadh breis is 20% den phobal vótála a bheith i gcás idir dhá chomhairle, i bhfad níos mó ná an 11% a bhí neamhchinnte i bpobalbhreith an Domhnaigh. Tá comhráite agus cruinnithe poiblí eagraithe ag náisiúnaithe den uile lipéad le tamall de bhlianta ach bhí sé deacair léamh ar leagan amach na ndaoine éiginnte ó chúlra aontachtach a fháil. An tseachtain seo d’fhoilsigh iarTheachta Tionóil ón UUP, Philip Smith cuntas ar eolas a bhí á bhailiú aige in eagraíocht nua, Uniting UK.

Bhailigh sé tuairimí ó mhná meánaosta, meánaicmeacha aontachtacha, ó mhic léinn agus roinnt daoine gairmiúla. Ní raibh meas ar bith acu ar na páirtithe aontachtacha, go háirithe an DUP a chothaigh col leis an Ríocht Aontaithe, dúirt sé in alt san Newsletter. Bhí siad compordach leis an ngné Éireannach dá saol, dar leis, ach ní raibh fuadar chun aontú na hÉireann orthu. Theastódh uathu na figiúirí, na buntáistí agus na míbhuntáistí a scrúdú sula ndéanfaidís cinneadh, ar sé.

Sna blianta seo romhainn – go ceann cúig bliana seans – is ag a leithéidí a bheidh cóimheá na cumhachta san vótáil. Is iad an dream a chuirfidh le chéile an plean is cuimsithí, is ciallmhaire agus is mealltaí dóibhsean a bhuafaidh an reifreann.

Fág freagra ar 'Beidh an focal scoir faoi Éire Aontaithe ag an dream nár nocht a dtuairim go fóill'