Beidh an bua ag na hÉireannaigh agus an cóitseálaí is fearr ar domhan

D’éirigh go maith le foireann na hÉireann i gcoinne na hAlban le roinnt blianta anuas agus tá a chéad rogha, beagnach, ar fáil do Joe Schmidt, seachas Jonathan Sexton, don chluiche seo

Beidh an bua ag na hÉireannaigh agus an cóitseálaí is fearr ar domhan

Joe Schmidt. INPHO/Billy Stickland

Is fada an lá ó bhí an oiread tnútháin sa tír seo le tús aon chomórtas rugbaí agus atá roimh Chomórtas na Sé Náisiún i mbliana. Is cinnte go bhfuil baint lárnach ag sár-imirt na foirne idirnáisiúnta le linn chluichí an fhómhair leis sin. Ní gá domsa bua iontach na hÉireann ar na hAll Blacks i Chicago i mí na Samhna agus ar na hAstrálaigh san Aviva cúpla seachtain ina dhiaidh sin a mheabhrú d’aon duine. Chinntigh bua sna cluichí sin ardstádas nua (an 4ú háit ar domhan) d’fhoireann rugbaí na tíre seo, rud a chiallaíonn go bhfuil na Gaeil i measc rogha na coitiantachta do Chomórtas na Sé Náisiún sula dtosaíonn sé in aon chor.

Is iad na Sasanaigh rogha na ngeallghlacadóirí ag 9/4. Cuimhnigh go raibh an bua ag na Sasanaigh i chuile cheann de na trí chluiche dhéag a d’imir siad go dtí seo faoi stiúir an bhainisteora, Eddie Jones. Sin curiarracht duit!

Ní imreoidh na Sasanaigh agus na Gaeil a chéile go dtí an 18 Márta. I mBaile Átha Cliath a bheas an cluiche sin agus seans gurb é a shocróidh toradh an chomórtais mar go gcreideann go leor go mbeidh an bua ag na Gaeil agus ag na Sasanaigh sna cluichí a bheas á n-imirt acu roimhe sin. Feicfidh muid linn, ach idir an dá linn tá ceithre chluiche le n-imirt ag na foirne ar fad.

Is iad na Gaeil a bheas as baile i nDún Éideann, iad ag imirt i gcoinne na hAlban le tús a chur le comórtas na bliana seo. D’éirigh go maith le foireann na hÉireann i gcoinne na hAlban le roinnt blianta anuas agus tá a chéad rogha, beagnach, ar fáil do Joe Schmidt, seachas Jonathan Sexton, don chluiche seo, rud a chiallaíonn gur deacair bua d’fhir an bhaile a thuar ag an am seo.

Mar sin féin, ní féidir sár-imirt Ghlaschú sa bPro 12 agus i gCorn na gCuradh a chur as an áireamh gan trácht ar na himreoirí as Albain atá ag imirt le foirne atá ar bharr Premiership Shasana agus an Top14 sa bhFrainc.Tá buntáiste an bhaile ag Alba freisin.

Fós féin, tá mise ag seasamh leis na hÉireannaigh mar gur acu atá an cóitseálaí is fearr ar domhan faoi láthair, cé nach mbeidh tada éasca faoin gcluiche seo.

Sa gcluiche Sé Náisiún eile ar an Satharn, beidh na Sasanaigh sa mbaile i gcoinne a seannamhad, na Francaigh. Cé go bhfuil mé ag tuar bua do na Sasanaigh, beidh an cluiche seo an-suimiúil ar fad mar go dtabharfaidh sé radharc agus léargas dúinn ar chur chuige na bhFrancach.

Ar an Domhnach, beidh na Breathnaigh ag taisteal go dtí an Róimh le tabhairt faoi na hIodálaigh. Bhí an bua ag na hIodálaigh ar an Afraic Theas agus iad faoi stiúir Conor O’Shea le linn chluichí an Fhómhair, ach ina ainneoin sin, tá mise den tuairim go mbeidh an lá leis na cuairteoirí.

Is fiú a mheabhrú go mbeidh foirne faoi 20 agus foireann na mban ag cur tús lena gcuid comórtas Sé Náisiún féin an deireadh seachtaine seo freisin.

 

Fág freagra ar 'Beidh an bua ag na hÉireannaigh agus an cóitseálaí is fearr ar domhan'

  • Pól Réamonn

    Ní beidh bua againn.