Beidh an bhochtaineacht ag luí ar pháiste amháin as gach cúigear ceal téarnaimh

Deir an ESRI fiú má bhíonn na híocaíochtaí speisialta Covid-19 ar fáil an chuid eile de 2020 gur féidir a bheith beagnach cinnte go n-ardóidh an bhochtaineacht i measc leanaí 25% ar an meán

Beidh an bhochtaineacht ag luí ar pháiste amháin as gach cúigear ceal téarnaimh

D’fhéadfadh go mbeidh an bhochtaineacht ag luí ar pháiste amháin as gach cúigear mura dtagann feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta i mbliana, de réir taighde nua ón ESRI.

Meastar, mura dtagann aon téarnamh ar chúrsaí eacnamaíochta na tíre sa dara leath den bhliain seo, go n-ardóidh an ráta bochtaineachta i measc páistí ó 16.6% ag tús na bliana go 21.1% ag deireadh 2020.

Tá meastachán déanta ag ESRI ar conas a bheidh an bhochtaineacht ag luí ar pháistí in 2020 agus iad ag féachaint ar an líon an-ard postanna a cailleadh de bharr Covid-19 agus an líon teaghlach atá ag brath ar thacaíocht ioncaim paindéime an rialtais.

De réir an taighde, dá dtiocfadh feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta agus dá bhfillfeadh idir 61% and 82% de na hoibrithe a chaill a gcuid oibre ar ais ar a gcuid postanna roimh dheireadh Mheán Fómhair, 18% an ráta bochtaineachta a bheadh againn i measc páistí. 

Dúirt Mark Regan ón ESRI

“Chuidigh bearta éigeandála tacaíochta ioncaim amhail Íocaíocht Dífhostaíochta na Paindéime agus an Scéim Shealadach Fóirdheontas Pá le teaghlaigh le linn na paindéime. Mar sin féin, fiú má bhíonn na híocaíochtaí sin ar fáil an chuid eile de 2020, is féidir a bheith beagnach cinnte go n-ardóidh an bhochtaineacht i measc leanaí 25% ar an meán, mura dtagann feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta.”

Dhírigh an taighde nua ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) ar an tionchar a bhí ag an gcúlú mór eacnamaíochta in 2008 ar rátaí bochtaineachta agus ar mheastachán a dhéanamh bunaithe air sin ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bpaindéim ar a leithéid.

Sa gCúlú Eacnamaíochta in 2008, teaghlaigh ina raibh páistí ba mheasa a bhí buailte ag an mbochtaineacht, is é sin gan iad a bheith in acmhainn íoc as bunriachtanais agus bunseirbhísí an tsaoil.

Chuaigh an ráta bochtaineachta i measc na bpáistí in olcas go mór sa lag trá eacnamaíochta sin, ó 16% in 2008 go dtí 32% in 2013. Ba iad na páistí a bhí i dteaghlaigh aon tuismitheora nó teaghlaigh a raibh an ceann teaghlaigh dífhostaithe ba mheasa a bhí buailte. Bhí an bhochtaineacht ag luí ar bhreis is 60% díobh nuair ba mheasa a bhí cúrsaí eacnamaíochta.

Fág freagra ar 'Beidh an bhochtaineacht ag luí ar pháiste amháin as gach cúigear ceal téarnaimh'