Beartáin éadaí faiseanta ar leathphraghas le tacú le hoibrithe sa Bhanglaidéis 

Trí bhall éadaigh ar £35 ach beidh ort fanacht 6-8 seachtainí go bhfeicfidh tú a bhfuil ceannaithe agat 

Beartáin éadaí faiseanta ar leathphraghas le tacú le hoibrithe sa Bhanglaidéis 

Ar mhaith leat baill éadaigh fhaiseanta a fháil ar leathphraghas agus tacaíocht a thabhairt ag an am céanna d’oibrithe i monarchana faisin sa Bhanglaidéis a chaill a gcuid oibre de bharr Covid-19?  

Tá deis iontach an dá rud sin a dhéanamh a bhuíochas do thionscnamh nua atá forbartha ag comhlacht beag teicneolaíochta i nDún Éideann na hAlban. 

I lár na míosa seo caite scríobh mé anseo faoin drochbhail a d’fhág an phaindéim orthu siúd a oibríonn sna monarchana sa tríú domhan a tháirgeann cuid mhaith de na hearraí faisin a choinníonn siopaí in iarthar an domhain ar oscailt. 

Luaigh mé an dá mhilliún duine a cuireadh as obair láithreach sa Bhanglaidéis nuair a dhún 1,000 monarcha faisin i bhfíorthús na géarchéime. Luach na gcéadta milliún euro d’orduithe a bheith curtha ar ceal ag brandaí, dearthóirí agus siopaí móra an domhain chomh maith le scaipeadh an víris féin a d’fhág oibrithe bochta na Banglaidéise i gcruachás ceart. 

Agus is oibrithe bochta iad lucht oibre na monarchana faisin ansin fiú agus iad ag obair – ní shaothraíonn siad ach thart ar 500 Takas (€5) in aghaidh an lae. 

Faraor, níorbh acmhainn don Rialtas ansin tacaíocht airgid a chur ar fáil dóibh siúd a chaill a gcuid oibre. Ina áit sin, cuireadh béilí rialta ar fáil dóibh siúd a bhí fágtha ar an ngannchuid. Tá os cionn 160 milliún duine sa Bhanglaidéis, tír nach bhfuil ach a dhá oiread méid na hÉireann. Tá 10 milliún eile ar imirce ar fud an domhain agus bítear ag brath go mór ar an airgead a chuireann siadsan abhaile. Ach thit na síntiúis sin go mór nuair a fágadh na himircigh iad féin as obair le linn na paindéime.  

Spreag an t-eolas faoi scála na faidhbe fear gnó amháin as Albain le scéim tacaíochta a fhorbairt d’oibrithe faisin na Banglaidéise. Tá Cally Russell ina phríomhfheidhmeannach ar Mallzee, comhlacht sonraí agus teicneolaíochta a bhfuil aip faisin acu a thugann deis do dhaoine a gcuid siopadóireacht faisin a dhéanamh ar líne. 

Bhunaigh sé an suíomh gréasáin https://loststock.com/ le deis a thabhairt don phobal cuid den éadach as na horduithe móra sin a cuireadh ar ceal sa Bhanglaidéis a cheannacht ar leathluach.   

Gníomh tacaíochta seachas gníomh carthanachta amháin atá i gceist anseo agus tá margadh maith le fáil ag an gceannaitheoir agus ag an díoltóir. Bhí rún ag Cally Russell agus a chomhghleacaithe go n-éireodh leo cabhrú le 50,000 teaghlach sa Bhanglaidéis roimh dheireadh na bliana faoin scéim seo. Ach is fada an sprioc sin sáraithe acu agus iad ag tarraingt ar 100,000 anois.

Tá an córas an-simplí ar fad. Ordaíonn tú beartán éadaigh ón suíomh ar £35 (faoi bhun €40) agus tugann tú beagán eolais fút féin – méid, rogha dathanna (dorcha, neodrach nó bríomhar), agus cé acu is fearr leat éadach le patrúin nó gan patrúin. Iarrtar ort d’aois a thabhairt chomh maith le go ndéanfar iarracht

níos fearr éadaí oiriúnacha a roghnú duit. Ar ndóigh, tá roghanna d’fhir agus do mhná i gceist.

Beidh ort fanacht idir 6-8 seachtainí sula dtiocfaidh do bheartán chugat agus ní bheidh a fhios agat go cinnte go dtí sin céard a bheidh ann. Ach tá a fhios go mbeidh ar a laghad trí bhall éadaigh ann – barréadaí, léinte nó t-léinte, húdaí, geansaí, gúna nó seaicéad fiú. Ní bheidh lipéid ar an éadach seo cé gur do bhrandaí aitheanta ar nós Gap nó Topshop a rinneadh ar dtús iad. 

Mura dtaithníonn an t-éadach sa bheartán leat, tá sé de cheart agat é a sheoladh ar ais agus aisíoc a fháil ar do chuid airgid ach tá Loststock ag súil nach ndéanfaidh daoine é sin. Molann siad do cheannaitheoir aon rud nach maith leo a mhalartú le cairde, a thabhairt uathu mar bhronntanais nó a thabhairt do shiopa carthanachta. 

Is beag fonn a bheadh ar dhuine dul ag lorg a gcuid airgid ar ais nuair a fheiceann siad an ráiteas ó úinéir monarcha amháin ar shuíomh Loststock: “If Coronavirus doesn’t kill my workers, then starvation will.”  

Tá mé féin ag súil go mór leis an mbeartán atá ordaithe agam féin go bhfeicfidh mé céard a bheidh ann. Cá bhfuil an duine againn nach maith linn ‘surprise’! 

Fág freagra ar 'Beartáin éadaí faiseanta ar leathphraghas le tacú le hoibrithe sa Bhanglaidéis '