Athruithe móra á dtuar i ndomhan an fhaisin de thoradh Covid-19

Ní fadhb de chuid an chéad domhain amháin é an scrios atá déanta ar chúrsaí faisin, a deir ár gcomhfhreagraí

Athruithe móra á dtuar i ndomhan an fhaisin de thoradh Covid-19

Tá sé ráite le tamall anois go bhfuil neart pubanna agus bialanna dúnta de bharr Covid-19 nach n-osclóidh a ndoirse arís nuair a bheidh an ghéarchéim sláinte phoiblí faoi smacht. Is cinnte go bhfuil an scéal céanna fíor i gcás siopaí agus comhlachtaí faisin agus ní hiad na haonaid bheaga amháin atá i gceist. 

Tá scrios as cuimse déanta ag an ngalar ar thionscal an fhaisin, gnó a bhí agus atá áirithe ar an liosta de ghnóthaí ‘neamhriachtanacha’ nach bhfuil cead acu oscailt go fóill sa tír seo.

Agus na chéad chéimeanna a dtógáil anois as an dianghlasáil faoi phlean an Rialtais níl cead fós ag siopaí faisin a gcuid doirse a oscailt don phobal. I dtús na míosa seo chugainn, ar an 8 Meitheamh, a cheadófar do shiopaí beaga nach bhfuil fostaithe iontu ach cúpla duine oscailt arís.

Ceadófar do shiopaí níos mó oscailt ar an 29 Meitheamh ach beidh cosc orthusan atá lonnaithe i lárionaid siopadóireachta oscailt go dtí 10 Lúnasa. Beidh orthu ar fad córais a bheith curtha i bhfeidhm acu don scaradh sóisialta.

Ach táthar ag tuar cheana féin go bhfuil oiread sin dochair déanta ag an víris marfach seo do ghnóthaí faisin nach mbeidh sé ar chumas cuid mhaith siopaí oscailt athuair.

Liosta le háireamh iad na fadhbanna atá acu – farasbarr stoic, earraí séasúracha atá imithe as faisean, orduithe a bheith curtha ar ceal agus sa mhullach orthu sin, fadhbanna le cíos, rátaí agus cúrsaí foirne.

Ar ndóigh, ní le siopaí beaga ná le hÉirinn amháin a bhaineann na fadhbanna seo. Is maith luath a thuig lucht stiúrtha an tionscail nach gceannaíonn daoine éadach nua le bheith ina suí thart sa mbaile. Agus cé go bhfuil tábhacht mhór le díolaíocht ar líne agus é sin ag méadú gach bliain, fós féin is i siopaí a dhíoltar os cionn 75% d’earraí faisin.

Sampla amháin de thionchar na géarchéime é an scéal gur dhúirt lucht stiúrtha Primark nuair a dhún siad gach ceann den 376 siopa atá acu ar fud an domhain, siopaí Penneys sa tír seo san áireamh, go mbeadh titim €700 milliún sa mhí ar a dteacht isteach. Sea, in aghaidh na míosa.

Dúirt úinéirí Next, gnó a thuill go maith an droch-chlú a tugadh orthu nuair a lean siad orthu ag trádáil ar feadh tamaill nuair a bhí gach gnó eile dúnta, go mbeadh titim £1,000 milliún ar a gcuid díolaíochta i mbliana.

Bhí fadhbanna le sárú ag cuid de shiopaí faisin an domhain sular tháinig an bhagairt nua seo chun cinn ar chor ar bith. In olcas ar fad a chuaigh cuid den tionscal ó shin agus tá fadhbanna ag Debenhams, a dhún a ngnó in Éirinn, chomh maith le Warehouse agus Oasis agus na céadta comhlacht eile. 

Agus cé go bhfuil neart daoine ann a déarfadh gur “fadhb de chuid an chéad domhain” í seo, seans maith gur sa tríú domhan is measa a bheidh a tionchar le feiceáil.

San India, sa Chambóid agus sa Bhanglaidéis a tháirgtear cuid mhaith de na hearraí faisin a choinníonn siopaí in iarthar an domhain ar oscailt. Go deimhin, cuireadh 2 mhilliún duine as obair láithreach sa Bhanglaidéis nuair a dhún 1,000 monarcha faisin i bhfíorthús na géarchéime.

Tá sé á thuar go bhféadfadh laghdú idir 30%-40% a bheith ar thionscal an faisin ar fud an domhain i mbliana – gnó gur fiú beagnach €2.5 trilliún é. Meastar gur ar líne amháin a bheith na féilte móra seachtaine faisin a thosóidh i Meán Fómhair i mbliana,  i Londain, Páras, Nua-Eabhrac agus Milano.

Tá daoine ann a chreideann go n-athróidh an tionscail ó bhonn – go mbeidh muid ar fad níos cúramaí faoi airgead a chur amú, faoi luach maith a fháil ar airgead, faoi chúrsaí tomhaltais agus faoi bheith ag ceannach an iomarca. Tá tuilleadh a chreideann nach fada a thógfaidh sé orainn filleadh ar an ngnáthchúrsa a bhí againn roimhe seo. Agus deirtear go mbeidh sladmhargaí ann nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo le muid a mhealladh ar ais ag ceannach.

Chun a gceart féin a thabhairt do lucht thionscal an fhaisin, bhí cuid acu fial go maith lena gcuid airgid agus thugadar síntiúis agus tacaíocht eile don iarracht le dul i ngleic leis an bpaindéim.

Bhí Versace, Armani, Dolce & Gabanna agus Prada imeasc na gcomhlachtaí móra gnaíúla sin.

Sa bhreis ar na síntiúis is cosúil gur sholáthraigh Armani éadach cosanta d’fhoirne leighis sna hospidéil agus gur maisc chosanta aghaidhe a chuir Prada ar fáil. Is féidir a bheith cinnte gur beag suntas a thug na foirne leighis do na brandaí mór le rá a bhí á gcaitheamh acu agus iad i ngleic leis an víreas marfach.

Fág freagra ar 'Athruithe móra á dtuar i ndomhan an fhaisin de thoradh Covid-19'