FÍSEÁN: Fianaise i mBéarla iarrtha ar fhinné ag Coiste Oireachtais ‘Uisce’ agus an córas ateangaireachta briste

B'éigean don abhcóide Séamus Ó Tuathail iompú ar an mBéarla ag cruinniú Coiste Oireachtais faoi Uisce Éireann inniu toisc nach raibh an córas ateangaireachta ag obair

FÍSEÁN: Fianaise i mBéarla iarrtha ar fhinné ag Coiste Oireachtais ‘Uisce’ agus an córas ateangaireachta briste

B’éigean don abhcóide Séamus Ó Tuathail iompú ar an mBéarla agus é ag tabhairt fianaise inniu ag cruinniú Coiste Oireachtais faoi chúrsaí Uisce Éireann toisc nach raibh an córas ateangaireachta ag obair.

Bhí an cruinniú ar siúl i Seomra Coiste 4 i dTithe an Oireachtais, an seomra ina mbíonn córas ateangaireachta ar fáil go hiondúil, agus an seomra ina bpléitear cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta de ghnáth.

Nuair a thosaigh Ó Tuathail ag labhairt i nGaeilge ag an gcruinniú tráthnóna, chuir an Cathaoirleach, an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh, in iúl dó go raibh fabht ar an gcóras ateangaireachta agus nach raibh baill uile an Choiste in ann Ó Tuathail a thuiscint dá bharr.

Cuireadh an cruinniú ar fionraí a fhad is a bhí an cheist á fiosrú agus beartaíodh sa deireadh nach bhféadfaí dul ar aghaidh leis an gcruinniú dá mba i nGaeilge a dhéanfadh Ó Tuathail a chuid cainte.

Cuireadh tús leis an gcruinniú arís i ndiaidh sos cúig nóiméad agus chualathas fianaise ó fhinné eile sular thug Ó Tuathail a phíosa cainte uaidh i mBéarla.  Dúirt an t-abhcóide go labhródh sé i mBéarla ach é a bheith ar an taifead gur “in aghaidh a thola” a bheadh sé á dhéanamh.

Dúirt Ó Tuathail go raibh “an-díomá” air faoin scéal agus nárbh é seo an chéad uair ar tharla a leithéid i dTithe an Oireachtais.

“Is fíor droch scéal é.  Is léir go bhfuil teip leanúnach san Oireachtas freastal ar an gcéad theanga náisiúnta.  Rinne mé fiosruithe roimhré leis an gCoiste breis is seachtain ó shin, agus dúradh liom go mbeadh córas aistriúcháin comhuaineach ar fáil, ach is léir nach raibh socrú ar bith déanta, dar liom.  Lean mé ar aghaidh i mBéarla, ach faoi agóid, bhí fearg orm,” a dúirt sé le Cormac Ó hEadhra ar an gclár Cormac ag 5 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Pádraig Ó Céidigh, an Seanadóir neamhspleách ar cainteoir dúchais as an Spidéal é, go raibh díomá air féin nach raibh an córas ateangaireachta ag obair agus ghabh sé leithscéal leis an abhcóide. Ba thrua le baill eile den Choiste an scéal freisin, ina measc an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Alan Farrell, a dúirt go raibh “díomá” air nach raibh an córas ag obair agus nach raibh deis ag Ó Tuathail labhairt ina rogha teanga.

Cáineadh an easpa seirbhíse ateangaireachta i dTithe an Oireachtais an mhí seo caite ag cruinniú de chuid an Choiste Oideachais agus Scileanna. Bhí ionadaithe ó eagraíochtaí Gaeilge i láthair an chruinnithe i Seomra Coiste 3 Thithe an Oireachtais, áit nach bhfuil an tseirbhís ar fáil.

Thug urlabhraí de chuid Thithe an Oireachtais le fios do Tuairisc.ie an uair sin gur i Seomra 4 amháin atá an tseirbhís ateangaireachta ar fáil ach go bhfuiltear ag fiosrú na bhféidearthachtaí an córas a thabhairt isteach sna trí sheomra eile i láthair na huaire.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Thomas Byrne, gur údar náire an easpa seirbhíse agus gur sárú ar chearta teanga an Bhunreachta a bhí i gceist.

Tá stádas na Gaeilge daingnithe in Alt 8 den Bhunreacht agus tá an ceart chun an Ghaeilge a úsáid i dTithe an Oireachtais daingnithe i bhfo-alt 6(2) d’Acht na dTeangacha. De réir an ailt sin, ‘Beidh ceart ag duine a bheidh ag láithriú os comhair ceachtar Tí den Oireachtas nó os comhair coiste, comhchoiste nó fochoiste den sórt sin ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid’.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Fianaise i mBéarla iarrtha ar fhinné ag Coiste Oireachtais ‘Uisce’ agus an córas ateangaireachta briste'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Nár chinntigh an cathaoirleach go mbeadh an córas i bhfearas agus ateangaire ar fáil?