Beannachtaí na Féile McGregor ón Teach Bán

Roghnaigh Rialtas na hÉireann bealach an phlámáis agus na géilliúlachta an tseachtain seo caite, agus fuair siad cic sa tóin mar luach saothair  

Beannachtaí na Féile McGregor ón Teach Bán

Ag leathuair tar éis a deich maidin Dé Luain, am na hÉireann, d’eisigh Ambasáid na hÉireann sna Stáit Aontaithe teachtaireacht ó Rúnaí Stáit na Stáit Aontaithe, Marco Rubio, ar X:

“Is deis atá sa lá inniu ár gcairdeas agus na ceangail bhuana eadrainn a athdhearbhú le teann bróid… Agus Lá Fhéile Pádraig á cheiliúradh ag an bpobal ar an dá thaobh den Atlantach, tá muid ag súil le tuilleadh deiseanna a aimsiú chun ár gcomhghuaillíocht stairiúil a neartú.”

50 nóiméad níos túisce, d’eisigh an Teach Bán ráiteas ar X a nocht tuiscint rialtas Mheiriceá ar cad is brí le tapú na ndeiseanna sin. Físeán de Conor McGregor a bhí ann ag guí beannachtaí na Féile Pádraig ar dhaoine ón Teach Bán féin.

Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin chonaiceamar an fear céanna ar ardán sheomra preasa an Tí Bháin, é míshocair neirbhíseach agus é ag fáil faoi réir “don chruinniú is tábhachtaí do thodhchaí mo thíre”, mar a dúirt sé ar na meáin shóisialta sular thuirling sé in Washington. Cén fáth go raibh sé sa Teach Bán?  “Tá mé anseo chun na ceisteanna atá os comhair phobal na hÉireann a ardú … níor labhraíodh riamh cheana ar an bpríomhardán faoi na ceisteanna sin. Tá glór phobal na hÉireann tréigthe ag ár rialtas, agus tá sé thar am go gcuirfí Meiriceá ar an eolas faoin méid atá ag tarlú in Éirinn.”

Lean an fear a fuarthas freagrach as ionsaí gnéis a dhéanamh ar Nikita Hand, agus ar leagadh air os cionn €248,000 a íoc léi dá bharr [a achomharc le héisteacht], lena leagan féin den phlámás Éireannach atá i réim in Washington le seachtain anuas: “Is deartháireacha iad Éire agus Meiriceá. Is mian linn go dtabharfadh an ‘bro’ mór aire dúinn, ba chóir do na Stáit Aontaithe aire a thabhairt don ‘bro’ beag.”

Agus í ag cur McGregor i láthair i Seomra Preasa an West Wing, dúirt Karoline Leavitt, príomhurlabhraí an Tí Bháin, nach bhféadfaí “smaoineamh ar aoi níos fearr don tráthnóna seo”.

In ainneoin go ndúirt an Tánaiste, agus an tAire Gnóthaí Eachtrach Simon Harris, go gairid ina dhiaidh sin nach raibh McGregor sa Teach Bán chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ná ar phobal na hÉireann – “ ní labhraíonn sé ar son na hÉireann, ní labhraíonn sé ar son phobal na hÉireann, níl aon mhandáid aige chun é sin a dhéanamh” –  bhí rud amháin soiléir:

Ba é seo freagra Trump ar obair chór taidhleoireachta na hÉireann le seachtain anuas, ar ghéilliúllacht an Taoisigh san Oval Office, ar chaint an Tánaiste ar chuireadh a thabhairt do Donald Trump labhairt os comhar Thithe an Oireachtas. An freagra? ‘Déanaigí dearmad ar rialtas tofa na hÉireann, seo an leaid ba chóir a bheith i gceannas dar linn (nílimid róchinnte cén chumhacht atá ag Uachtarán na hÉireann, ach is cuma linn faoi Bhunreacht nó dlíthe ar aon nós).’ Agus, mar a dúirt Leavitt, ‘ní fhéadfadh muid smaoineamh ar aoi níos fearr’.

Cuireadh físeán ar fáil ansin tráthnóna a thaispeáin an bheirt acu san Oval Office, Donald Trump agus Conor McGregor ag moladh eitic a chéile. McGregor, atá freagrach de réir breith ghiúiré i gcás sibhialta i mBaile Átha Cliath as bean a éigniú, agus Trump, atá freagrach de réir breith ghiúiré i Nua-Eabhrac as bean a éigniú. Aithníonn ciaróg ciaróg eile.

Níor chóir go gcuirfeadh sé seo iontas orainn i ndáiríre. Ach léiríonn sé arís eile nach bhfuil aon chur chuige ar fáil do thír atá níos laige ná na Stáit Aontaithe a chinnteodh go bpléifear go cothrom nó fiú go béasach léi. Roghnaigh Rialtas na hÉireann bealach an phlámáis agus na géilliúlachta an tseachtain seo caite, agus fuair siad cic sa tóin mar luach saothair air. Ní féidir brath ar réimeas Trump sa Teach Bán beag ná mór, tá an domhain ag athrú, agus caithfidh cúpla comhrá deacair a bheith againn sa tír seo – faoinár múnla eacnamaíochta, faoinár gcaidrimh thrádála, agus faoinár gcomhghuaillíochtaí.

Fág freagra ar 'Beannachtaí na Féile McGregor ón Teach Bán'

  • RidireBawn

    Rechte: Muc i measc na muca!

  • Seán Mag Leannáin

    An-alt le Cuan. An tairne buailte ar an gcloigeann aige. “Roghnaigh Rialtas na hÉireann bealach an phlámáis agus na géilliúlachta an tseachtain seo caite, agus fuair siad cic sa tóin mar luach saothair air. Ní féidir brath ar réimeas Trump sa Teach Bán beag ná mór, tá an domhain ag athrú, agus caithfidh cúpla comhrá deacair a bheith againn sa tír seo – faoinár múnla eacnamaíochta, faoinár gcaidrimh thrádála, agus faoinár gcomhghuaillíochtaí.”

  • JP

    Ana-aiste.

  • Carraig

    ‘Conor Trump’ mar íochtarán ar Éirinn? Cá bhfios?