Bean tofa mar uachtarán ar Choimisiún na hEorpa den chéad uair

Dúirt Ursula von der Leyen gurb í a teachtaireacht mar uachtarán ná go gcaithfí obair le chéile ar mhaithe le hEoraip ‘aontaithe láidir’

Bean tofa mar uachtarán ar Choimisiún na hEorpa den chéad uair

Tá bean ceaptha den chéad uair mar uachtarán ar Choimisiún na hEorpa agus Ursula von der Leyen tofa sa phost sin tráthnóna.

Tiocfaidh aire cosanta na Gearmáine i gcomharbacht ar Jean Claude Juncker tar éis d’fheisirí pharlaimint na hEorpa a mbeannacht a thabhairt dá hainmniúchán, 383 vóta in aghaidh 327 vóta.

Dúirt Ursula von der Leyen gurb í a teachtaireacht mar uachtarán ná go gcaithfí obair le chéile ar mhaithe le hEoraip “aontaithe láidir”.

Dúirt an t-uachtarán nuacheaptha níos túisce inniu go mbeadh sí sásta síneadh ama eile a chur leis an mBreatimeacht dá mbeadh cúis mhaith lena leithéid.

Dúirt sí go raibh aiféala ar an AE faoin mBreatimeacht ach go nglactar leis mar chinneadh.

Dúirt sí gur chinntigh an comhaontú aistarraingthe go mbeadh “síocháin agus seasmhacht” in Éirinn.

Tá geallta chomh maith aici go mbeidh an an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn a bheidh carbóin-neodrach agus go dtarlóidh sin faoi 2050.

Gheall sí go dtabharfaidh sí isteach ‘margadh glas’ don AE laistigh de 100 lá agus go ndéanfaidh sí ‘banc glas’ de Bhanc Infheistíochta na hEorpa.

Tar éis cainteanna fada, shocraigh ceannairí na 28 ballstát i dtús na míosa gurbh í Ursula von der Leyen a d’ainmneofaí le teacht i gcomharbacht ar Jean-Claude Juncker, an chéad uair gur ainmníodh bean mar uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach. 

Cuirfear tús anois le ceapadh na gCoimisinéirí Eorpacha.

Fág freagra ar 'Bean tofa mar uachtarán ar Choimisiún na hEorpa den chéad uair'

  • Reif Mac Aodhgain

    Comhgairdeas lei agus go mbeidh neart aice sna blianta seo chughainn.