Bean mhisniúil chróga a raibh tallann aici ós na flaithis anuas

Brón agus briseadh croí dúinn go léir a chloisint go bhfuil Sinéad O'Connor imithe uainn gan choinne

Bean mhisniúil chróga a raibh tallann aici ós na flaithis anuas

Brón agus briseadh croí dúinn go léir a chloisint go bhfuil Sinéad O’Connor imithe uainn gan choinne.

Suaimhneas síoraí go mbí ag an gcréatúr a raibh de chuma uirthi go raibh trioblóidí móra an tsaoil á leanúint.

Bás tragóideach a mic óig Shane ní fada ó shin. Na meáin á clipeadh is á crá leis na cianta.

Ba bheag suaimhneas a thugadar di.

Í leochaileach go maith ó thaobh sláinte intinne an créatúir.

Guth cinn ós na flaithis anuas.

An raibh amhrán ná raibh sí ábalta a rá gan a croí is a hanam a nochtadh?

Sheasfá sa sneachta ag éisteacht léi, mar a deir na Connachtaigh.

Ní hamháin gur chan sí popamhráin go ceolmhar binn, ach bhí sí gan cháim chomh maith agus amhráin Ghaeilge á gcanadh aici.

An t-anam is an spleodar is an paisean lena gcanann sí Óró Sé do Bheatha Abhaile ar dhlúthdhiosca a chuir sí amach cúpla bliain ó shin…

Spreagfadh sí duine éirí amach agus troid ar son na hÉireann mar a bhí i gceist ag ár laoch Pádraig Mac Piarais, nuair a d’athscríobh sé an sean-amhrán, más fíor na húdair.

Bhí sí misniúil cróga ina saol i gcónaí.

Ar an gclár cáiliúil Meiriceánach Saturday Night Live, strac sí is dhein dhá leath de phictiúir Phápa na Róimhe, a’ díriú aird ar an truailliú morálta a dhearbhaigh sí a bhí san Eaglais Chaitliceach ag an am.

Dhein an beart cróga san an-díobháil dá gairm sna Stáit Aontaithe ag an am.

Fuair sí sciúrsáil ós na meáin.

Ach féach cé a déarfadh nach raibh an ceart aici aird a dhíriú ar chleachtais éagóracha lofa na linne san.

Ní raibh aon aithreachas riamh uirthi gur labhair sí amach.

Bean mhisniúil chróga a raibh tallann aici ós na flaithis anuas.

Guth aoibhinn ceolmhar. Nach sinn a bhraithfidh uainn í.

Sólás dúinn gur imithe romhainn is ní imithe uainn atá sí.

Fág freagra ar 'Bean mhisniúil chróga a raibh tallann aici ós na flaithis anuas'

  • Michael carolan

    Mar a deirtear i mBéarla “you nailed it”. Spéirbhean

  • Pádraig

    Beidh áit inár gcroíthe ag Sinéad go deo. Gabhaimís comhbhrón lena muintir uile, is trua linn go léir bhur mbris tubaisteach.

  • Carraig53@protonmail.com

    Ceol na n-aingeal go gcloise sí.