Bean Ghaeltachta sa chúigiú háit i Maratón Nua-Eabhrac

Chríochnaigh Diver, arb as Béal an Mhuirthead ó dhúchas di ach atá anois ina cónaí san Astráil, in am 2:26:23

Bean Ghaeltachta sa chúigiú háit i Maratón Nua-Eabhrac

Pictiúr: INPHO/Morgan Treacy

B’iontach an lá a bhí sa lá inné do Shinéad Diver, bean Ghaeltachta as Maigh Eo ar de bhunadh Ghaoth Dobhair í, agus an cúigiú háit bainte amach ag i Maratón Nua-Eabhrac.

Chríochnaigh Diver, arb as Béal an Mhuirthead ó dhúchas di ach atá anois ina cónaí san Astráil, in am 2:26:23. Ní raibh sí ach dhá shoicind chun deiridh ar Nancy Kiprop as an gCéinia a bhí sa cheathrú háit.

Is í Joyciline Jepkosgei a tháinig sa chéad háit i Maratón na mBan in am 2:22:38.

Tá cruthaithe go maith ag Diver i mbliana. Chríochnaigh sí sa seachtú háit i Maratón Londan mí Aibreáin.

Tá áit bainte amach aici ag na Cluichí Oilimpeacha i dTóiceo an bhliain seo chugainn de bharr an ghaisce sin. Is ar son na hAstráile a bheidh sí san iomaíocht ag na Cluichí Oilimpeacha agus seacht mbliana déag caite aici ina cónaí san Astráil ó chuaigh sí ar imirce in 2002.

Tá ceangail láidir ag Diver le Gaeltacht Thír Chonaill chomh maith. Is as an mBun Beag i nGaoth Dobhair dá hathair, Eddie.

Níor thosaigh Diver, atá 42 bliain d’aois, ag glacadh páirte i rásaí go dtí 2011 ach tá dul chun cinn iontach déanta aici ó shin.

Chríochnaigh sí sa 14ú áit sa rás 10,000m i gCraobh Lúthchleasaíochta an Domhain i Doha mí Mheán Fómhair. Ghlac sí páirt ar son na hAstráile i gcraobh lúthchleasaíochta an domhain i mBéising in 2015 agus i Londain in 2017 chomh maith.

Fág freagra ar 'Bean Ghaeltachta sa chúigiú háit i Maratón Nua-Eabhrac'