Bealach éalaithe ag Cúige Chonnacht ach an deis a thapú

Níl aon rogha eile ag Cúige Chonnacht ach an bua a fháil as baile ar na Dragons

Bealach éalaithe ag Cúige Chonnacht ach an deis a thapú

Bhí scíth ceaptha a bheith againn ón bPro 14 an deireadh seachtaine de bharr thús Comórtas na Sé Náisiún amárach.

Ach ó tharla gurbh éigean cluiche Babhta 8 idir na Dragons agus Cúige Chonnacht a chur ar athlá de barr Covid-19, chinn an fhoireann bhainistíochta leas a bhaint as an mbearna le clár na gcluichí a thabhairt chun dáta.

Fágann sin go bhfuil ar Chúige Chonnacht, foireann a chaill sa dá chluiche deiridh den Pro 14, taisteal thar sáile agus iad gann ar roinnt imreoirí de bharr iad a bheith ar dualgas idirnáisiúnta. Tá na Dragons sa mbád céanna maidir le imreoirí.

Níor bhuaigh siadsan aon chluiche sa bPro 14  ó dheireadh mhí na Samhna. Cinnte, is cúis dóchais an méid sin do na Connachtaigh, ach is fiú a mheabhrú gur lig siad na maidí le sruth go dona i gcoinne na nOspreys coicís ó shin agus in aghaidh na Muimhneach an tseachtain roimhe sin, cluichí a cheart a bheith buaite ag na Connachtaigh. Muna bhfuil Andy Frend, fear ar cuireadh síneadh lena chonradh le gairid, in ann na laigeachtaí atá tagtha chun cinn a shárú is cinnte go mbeidh foireann na Gaillimhe i mbaol sciorradh siar ón dara háit i nGrúpa B.

Níl na Dragons gan spreagadh iad féin ach oiread.  Tá siad sa séú háit i nGrúpa A agus gan iad ach pointe amháin chun cinn ar Zebra an fhoireann, atá ar a íochtar an tábla. Nár mhór an chúis náire d’aon fhoireann ón mBreatain Bheag é dá mbeadh stádas níos airde ag an bhfoireann is laige san Iodáil ná iad?

Tá mise ag tuar bua as baile do Chúige Chonnacht mar nach bhfuil aon rogha eile acu anois. Tá siad sáinnithe faoi láthair. Is iad féin amháin is cúis leis sin.  Is iad féin amháin atá in ann é sin a leigheas.

Fág freagra ar 'Bealach éalaithe ag Cúige Chonnacht ach an deis a thapú'