Béal Átha an Ghaorthaidh ina seaimpíní i gCeantar na nOileán tar éis sárdheireadh seachtaine peile

Gleann Fhinne a bhuaigh Craobh Shinsir na mBan agus Gaeil Fhanada a thug leo Craobh Shóisir na bhFear ag Comórtas Peile na Gaeltachta, ach d’fhág bua Bhéal Átha an Ghaorthaidh ar Naomh Conaill i gCraobh Shinsir na bhFear nach mbeadh an tríú corn ag dul go Dún na nGall

Béal Átha an Ghaorthaidh ina seaimpíní i gCeantar na nOileán tar éis sárdheireadh seachtaine peile

Ba mhaith le muintir Bhéal Átha an Ghaorthaidh go mbeadh Comórtas Peile na Gaeltachta á reáchtáil i Leitir Móir gach bliain. Ní hamháin gur bhain muintir Mhúscraí taitneamh as an sár-jab a rinne Naomh Anna ag reáchtáil chomórtas na bliana seo ach uair amháin eile d’fhág siad Ceantar na nOileán go buacach.

Scór bliain ó bhuaigh siad an Chraobh Shóisir ar an Máimín, thug Béal Átha an Ghaorthaidh Craobh Shinsir na bhFear leo den chéad uair riamh an deireadh seachtaine seo tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Conaill i gcluiche ceannais an Luain, 2-10 in aghaidh 0-11.

Chun an fhírinne a insint, is beag duine a bhí ag tuar  go mbeadh an toradh seo ar an gcomórtas ag tús an deireadh seachtaine. Measadh cinnte go mbeadh Naomh Conaill san iomaíocht do Chorn an Aire i mbliana agus an comórtas buaite ag na Conallaigh faoi dhó le blianta beaga anuas, ach ní raibh an chinnteacht chéanna ann faoi fhir Chorcaí. Tá siad sa ghrád shinsir sa bhaile cinnte, agus i bpríomhroinn na sraithe freisin, ach ní raibh fiú cluiche ceannais chraobh na sinsear ag an gComórtas bainte amach acu riamh roimhe seo. Níl aon amhras ann anois, áfach, ach gurb iad an fhoireann is fearr a bhí i Leitir Móir an deireadh seachtaine seo.

Bhí an bua ar éigean ag Béal Átha thar Bhearna na Gaillimhe le haon phointe amháin sna babhtaí ceathrú ceannais ach bhíodar i mbarr a maitheasa sa chéad bhabhta eile in aghaidh na Gaeltachta agus curaidh 2019 curtha de dhroim sheoil acu Corcaígh, 2-17 in aghaidh 0-11.

Choinnigh siad orthu ar an gcaoi sin sa chluiche ceannais agus bhí an liathróid báite san eangach ag an bhfear mór láir páirce, Conchúr Ó Loingsigh, agus gan ach trí nóiméad imeartha sa chluiche ceannais.

Ní bhuaitear go héasca ar fhoireann seo Naomh Conaill, áfach, agus níor thóg sé i bhfad orthu teacht isteach sa choimhlint. Tá Odhrán Doherty agus Charles McGuinness ar phainéal sinsir Dhún na nGall i mbliana ach tugadh cead dóibh beirt imirt i gConamara an deireadh seachtaine seo. Bhíodar lárnach sa teacht aniar a rinne Naomh Conaill agus bhí na Conallaigh chun tosaigh, 0-4 in aghaidh 1-0, faoin deichiú nóiméad.

Bhí sé deacair ag Béal Átha an Ghaorthaidh seilbh na liathróide a fháil le linn na tréimhse sin ach d’fheabhsaigh cúrsaí dóibh idir sin agus leath ama a bhuíochas cuid mhór dá sárthosach, Ben Seartan. Scóráil Béal Átha an Ghaorthaidh cúig phointe as a chéile sa 15 nóiméad den chéad leath agus ba é Seartan, a scóráil 1-7 in aghaidh na Gaeltachta an oíche roimhe sin, a fuair cúig cinn acu.

Imreoirí Bhéal Átha an Ghaorthaidh ag iarraidh Naomh Conaill a choinneáil amach. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí Béal Átha 1-7 in aghaidh 0-5 chun cinn ag leath ama agus cuireadh lena muinín  nuair a cuireadh Brendan McDyer ó Naomh Conaill den pháirc agus gan ach cúpla nóiméad imeartha sa chéad leath. Mar sin féin, thosaigh Naomh Conaill ag teacht ar ais sa chluiche arís agus ní raibh siad ach pointe chun deiridh leath bealaigh tríd an dara leath, a bhuíochas do shárimirt Charles McGuinness den chuid is mó.

Shocraigh Béal Átha an Ghaorthaidh síos nuair ba ghá, áfach. Scóráil an t-ionadaí Diarmaid Mac Tomáis agus Conchúr Ó Loingsigh pointí tábhachtacha dóibh agus cé gur tháinig Naomh Conaill ar ais le dhá scór eile, bhí sé ionann is cinnte go mbeadh Corn an Aire ag dul ó dheas nuair a scóráil Ben Seartan an dara cúl sa 53ú nóiméad. A dheartháir, Donagh, a fuair an scór deireanach sa chluiche agus Corcaíoch eile, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Larry McCarthy, a bhronn an corn ar chaptaen Bhéal Átha an Ghaorthaidh, Cian Ó Duinnín.

Corn an Aire ardaithe ag captaen Bhéal Átha an Ghaorthaidh, Cian Ó Duinnín. Uachtarán CLG, Larry McCarthy (ar chlé) agus Cathaoirleach Choiste Náisiúnta CPnaG, Seán Ó hEarcáin (ar dheis) atá taobh leis. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

D’fhág bua Bhéal Átha nach ó thuaidh a bheadh na coirn uile a bronnadh Dé Luain ag dul.

I gCraobh Shinsir na mBan, fuair Gleann Fhinne an ceann is fearr ar an bhfoireann baile, Naomh Anna, 0-9 in aghaidh 0-4. Bhí na Conallaigh d’uireasa leithéidí Yvonne Bonner, Karen Guthrie agus Katy Herron – iad gafa le foireann an chontae – ach bhíodar fós róláidir do Naomh Anna.

Beidh díomá ar mhná Chonamara leis an taispeántas a thugadar ach caithfear an-mholadh a thabhairt don tsárchosaint a rinne Gleann Fhinne ar éirigh leo triúr a bhí ar fheabhas do Naomh Anna sna babhtaí leathcheannais, Sarah Ní Loingsigh, Mairéad Ní Loingsigh agus Ríona Ní Fhlatharta, a stopadh arís agus arís eile. Scóráil Danielle McGinley trí phointe den scoth do Ghleann Fhinne agus bhí an dá phointe a fuair Brenda Carr sa dara leath cinniúnach agus chuir siad deireadh le haon seans a bhí ag Naomh Anna.

I gCraobh Shóisir na bhFear, bhuaigh Gaeil Fhanada ar Chill Chomáin ó Mhaigh Eo théis am breise, 2-11 in aghaidh 2-10. Bhí cuma na maitheasa ar Chill Chomáin nuair a scóráil Eoin McGrath cúl dóibh chun iad a chur dhá phointe chun cinn sa 54ú nóiméad ach d’éirigh le Gaeil Fhanada comhscór a fháil le pointí ó Bernard Mac Eiteagáin, a bhí ar fheabhas dóibh, agus Darren Mac Giolla Bháin. Chuir cúl ón ionadaí Séamus Mac Giolla Chearra Gaeil Fhanada ceithre phointe chun cinn luath sa dara leath den am breise agus cé gur laghdaigh Cill Chomáin an bhearna go dtí aon phointe amháin, theip orthu cúilín an chomhscóir a fháil agus bhí Corn Ghael Linn ag dul go Fanad den chéad uair ó 2013 agus den dara huair riamh.



Torthaí an Lae

Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir na bhFear

Béal Átha an Ghaorthaidh (Corcaigh) 2-10 Naomh Conaill (Dún na nGall) 0-11

Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir na mBan

Gleann Fhinne (Dún na nGall) 0-9 Naomh Anna, Leitir Móir (Gaillimh) 0-4

Cluiche Ceannais Chraobh Shóisir na bhFear

Gaeil Fhanada (Dún na nGall) 2-11 Cill Chomáin (Maigh Eo) 2-10

Fág freagra ar 'Béal Átha an Ghaorthaidh ina seaimpíní i gCeantar na nOileán tar éis sárdheireadh seachtaine peile'