Beagnach 70% den phobal a deir gur cheart go mbeadh cás na Gaeltachta i gcroílár an chórais tithíochta

Tá cúrsaí tithíochta i mbéal an phobail le roinnt blianta agus aird tarraingthe ag grúpaí áirithe ar an dochar atá an ghéarchéim sin a dhéanamh don Ghaeltacht agus do thodhchaí na Gaeilge

Beagnach 70% den phobal a deir gur cheart go mbeadh cás na Gaeltachta i gcroílár an chórais tithíochta

Creideann beirt as gach triúr den phobal gur chóir go mbeadh neartú na Gaeltachta lárnach sa gcóras tithíochta sa stát.

De réir suirbhé náisiúnta nua, deir 68% den phobal ó dheas gur cheart go mbeadh buanú agus neartú phobal na Gaeltachta i gcroílár aon chóras tithíochta a bhíonn ag feidhmiú sa nGaeltacht.

Tá an 68% sin níos airde ná an 58% den phobal a dúirt in 2021 gur chóir don rialtas córas pleanála tithíochta faoi leith a fheidhmiú sa nGaeltacht chun cabhrú le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail.

Nuair a chuirtear na torthaí ‘Ní fios/Gan tuairim’ as an áireamh i suirbhé 2025, 84% díobh siúd a ghlac páirt sa suirbhé a dúirt gur cheart go mbeadh cás na Gaeltachta i gcroílár an chórais tithíochta agus 16% nár aontaigh leis an ráiteas.

Tá na torthaí mar chuid den suirbhé náisiúnta a rinne an comhlacht Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge.

1,648 duine a bhí 18 mbliana agus os a chionn a cuireadh faoi agallamh ó dheas don suirbhé seo agus rinneadh na hagallaimh mí Iúil. Is é +/- 2.5% an corrlach earráide don phobalbhreith.

Tá cúrsaí tithíochta i mbéal an phobail le roinnt blianta anuas agus aird tarraingthe ag grúpaí áirithe ar an dochar atá an ghéarchéim a dhéanamh don Ghaeltacht agus do thodhchaí na Gaeilge.

Deir leithéidí Bánú agus Conradh na Gaeilge go bhfuil teaghlaigh Ghaeltachta atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge á mbrú amach óna gceantair dúchais ceal tithíochta.

“Caithfidh teaghlaigh a bheith in ann tógáil agus maireachtaint ina gceantracha féin,” a deir John Prendergast, Tánaiste Chonradh na Gaeilge.

“Gan tithíocht inbhuanaithe, níl todhchaí i ndán don dteanga mar theanga labhartha an phobail. Táimid ag iarraidh ar an Rialtas an Ráiteas Náisiúnta Pleanála Gaeltachta, atá le bheith ann in áit na dTreoirlínte Pleanála a gealladh thiar in 2021, a fhoilsiú, maoiniú breise a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun Roinn Tithíochta a bhunú, agus cumhachtaí nua a thabhairt don Údarás chun talamh a cheannach agus tacaíochtaí a bhaineann le tithíocht a sholáthar.

“Tá na bearta seo riachtanach chun todhchaí a chinntiú do cheantracha Gaeltachta agus don nGaelainn.”

Tá fearg agus díomá léirithe maidir le teip an rialtais na treoirlínte pleanála sin don Ghaeltacht a gealladh cúig bliana ó shin a fhoilsiú. Nuair a foilsíodh plean tithíochta nua an rialtais an mhí seo caite, tugadh le fios go ngabhfaí i ngleic leis an bhfadhb le ráiteas náisiúnta pleanála don Ghaeltacht ach go mbeadh 2027 ann faoin am go mbeadh an beart sin réidh.

Léirigh taighde a d’fhoilsigh an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta an tseachtain seo caite nach bhfuil ach 15% de theaghlaigh sa nGaeltacht ag tógáil a gclann trí Ghaeilge.

Tá an fhadhb aitheanta ag Cumann Lúthchleas Gael chomh maith agus é molta i dtuarascáil dá chuid le déanaí go bhforbrófaí Beartas Náisiúnta Tithíochta don Ghaeltacht chun déileáil leis an ngéarchéim thithíochta agus chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Beagnach 70% den phobal a deir gur cheart go mbeadh cás na Gaeltachta i gcroílár an chórais tithíochta'

  • Áighne Ní Chadhain

    Ba chóir go mbeadh cás na Gaeltachta i gcroílár an chórais tithíochta.

  • An Teanga Bheo

    Teach do chuile dhuine is ait conaí atá uainn ar fad anois is ní amarach ???????????????????