‘Beagáinín salachair’ ó Mhicheál Ó Leidhin ar ‘Carrmuc’ ag a Cúig

‘Chríost, seanscéal agus meirg air,’ arsa Cormac bocht nuair a thriail bean an Lucht Oibre a rá gurb é an toghchán an t-aon phobalbhreith! Tá sé chomh maith aige ceaintín brasso a cheannach mar tá meirg aicídeach amach roimhe!

Cormac copy

Deirtear linn gur ré iarchríostaí atá againn faoi láthair ach tá meafair na Críostaíochta slán ag polaiteoirí agus craoltóirí. Is léir nach aniar aduaidh a tháinig an toghchán seo – bhí an obair bhaile déanta, na laigí aimsithe agus an bréagnú réidh – gach iarrthóir ag cloí leis an script faoi láthair agus craoltóirí á spochadh le spalla fealltach a bhaint astu. Meas tú an mbíonn áras múisce i ngach stiúideo leis an díthocsainiú a dhéanamh?

Fianna Fáileach, Fine Gaelach agus Sinn Féineach a bhí ar Cormac ag a Cúig (nó Carrmuc ag a Cúig, mar a thugann siad air i RnaG). Téarnamh cóir, freagracht stuama agus fíor-rogha a bpaidreacha. Níl cosúlacht ar bith idir Fianna Fáil agus Sinn Féin, arsa Seán Ó Fearghail agus níl bun ná barr lena gcuid polasaithe airgeadais – liobairt na hóinsí don amadán? Ní ghabhfaidh Sinn Féin i gcomhrialtas ar bith a mbeidh Fianna Fáil nó Fine Gael ‘i gceannas’ air, arsa Micheál Mac Donnacha Sinn Féin – an bhfeiceann aon duine eile an bogha ceatha sin ag breacadh ag fíor na spéire? Comhfhreagraí polaitíochta RnaG, Micheál Ó Leidhin bocht, leimhe an fheachtais a bhí ag cur as dó agus trí seachtaine fágtha. Impí amháin aige –  ‘beagáinín salachair’. Thriail Cormac daba Ultach a chaitheamh le Sinn Féin faoi chúlra Adams ó thuaidh, bhuail racht fiáin straoisíola Fergus O’Dowd Chontae Lú agus é ag raiseáil leis faoi Tiddlywinks. Glaise Uí Chuív agus giolcaireacht an dá Mhary, Hanafin agus Cowen, an t-aon phuiteach a caitheadh le Fianna Fáil agus doicheall Kenny chun díospóireachta smál Fhine Gael. Síleann an dall gur míol é gach meall!

Ón salachar go dtí an spioradáltacht d’aon léim thobann amháin a chuaigh Cormac agus é féin agus léirmheastóir na meán, Áine Ní Ghlinn, ag caint faoi chlár Naomh Bríd ar TG4 . Ní mé an é spiorad nó anam Chormaic a chonaic sí i mbaol mar dúirt paidir mhór agus casadh ceol suaimhneach neamhaí. Ní ar ghleo amháin a mhaireann clár raidió – b’éigean dom éisteacht arís leis go bhfeicfinn ar tharla sé!

Pé cloch atá sa muinchille do Chormac Ó hEadhra in RTÉ, nárbh é ‘Cormac ag a Deich’ a bhí romham arís ar an Late Date ar RTÉ Raidió 1. Lucht Oibre, Fianna Fáil, agus beirt neamhspleách a bhí aige an geábh seo lena mbó a chur thar abhainn. Mhol Christy Burke chuile dhuine – Sinn Féin a sheanpháirtí, Gerry, Bertie, Healy-Rae agus Gregory. An mbeidh sé ina Healy-Rae lár BháC? Beidh comhdháil aige agus glacfaidh sé comhairle a lucht tacaíochta má fhaigheann sé aon tairiscint fhiúntach sa Márta. Ar a bhealach ar chuairteanna oíche ar dhaoine gan dídean a bhí sé agus chaith Carrie Smith dhá bhliain ag obair le Pobal Shíomóin, ach ní shábhálfaidh dea-thoil iad i stiúideo. Ní aineolas faoi na boicht atá ar pholaiteoirí ach neamhaird ar dhaoine nach vótálann go féiltiúil agus nach dtaithíonn  stiúideonna agus bhí Joan Collins ag iarraidh a utopia féin a mhíniú sa ngleo. Thomas Byrne ag iarraidh leithscéal ón Lucht Oibre faoin tréas a chuir Gilmore i leith Cowen agus Fianna Fáil agus chaill sé an bloc ar fad nuair a fiafraíodh de cén difríocht atá idir  Fianna Fáil agus Sinn Féin – marfóirí, coirpigh agus seachantóirí cánach.

‘Chríost, seanscéal agus meirg air,’ arsa Cormac bocht nuair a thriail bean an Lucht Oibre a rá gurb é an toghchán an t-aon phobalbhreith! Áiméan, áiméan, a deirimse ach ceannaigh ceaintín brasso, a Chormaic mar tá meirg aicídeach amach romhat!

Tráchtairí a bhíonn sáinnithe sa stiúideo rófhada agus gan d’fhoinsí acu ach agallaimh agus preasráitis, is furasta dóibh gnáthvótálaithe a dhearmad agus a cheapadh gur polasaithe stuama don todhchaí is tábhachtaí linn uilig. Tá teach i nGaillimh a bhfuil naoi vóta ann agus níl de phraghas orthu ag an bhfear a chuala mé ar RTÉ ach duine a chuirfeadh ‘extractor’ isteach sa gcisteanach dá Mhama, agus tá bean i mBaile Átha Cliath atá ar chúl an dorais ag fanacht le bileoga eolais sa gcaoi go gcaithfidh sí ar ais leo iad agus cead acusan féin an bruscar a íoc. Tá muintir chuile dhuine atá faoi mhíchumas scanraithe faoi scannail mhí-úsáide a d’fhéadfadh a bheith buailte faoi chois, tá lucht leighis na tíre ar eitleáin ag fágáil na tíre ar mhaithe lena sláinte féin agus tá sclaigeanna sna bóithre a mharós daoine. Agus lá díom agam, is léir gur fearr le hiarrthóirí a bheith ag caint ar na seanspiteannaí, ar an ‘spás fioscach’ (a bhfuil an oiread baint ag an tSín agus an Meán-Oirthear leis agus atá againne) agus nach bhfuil aon spéis ag aon duine in aon bheart nach mbaineann leis an gcéad chúig bliana eile. Níl fís 20 bliain léirithe ag aon duine agus níl aon vóta i nGaeilge ná Gaeltacht.

Fág freagra ar '‘Beagáinín salachair’ ó Mhicheál Ó Leidhin ar ‘Carrmuc’ ag a Cúig'