Thosnaigh séasúr na craoibhe iomána i roinnt contaetha an deireadh seachtaine seo caite agus chríochnaigh sé i gcontae eile. Chomh maith le háiteanna eile, cuireadh tús leis an aicsean i Luimneach, sa Ghaillimh agus i gCorcaigh. Imríodh an cluiche ceannais na sinsear i gCiarraí mar ar ardaigh Crotta Uí Néill corn Neilus Flynn den chéad uair ó 1968.
Déarfainn go raibh cuid maith ceiliúrtha ansin agus gach seans go bhfuil sé fós ar siúl.
Ar an taobh eile den teorainn le Luimneach, ní raibh mórán ama don cheiliúradh ag seaimpíní na hÉireann agus iad go léir ar pháirc na himeartha arís agus craobh Luimnigh tosnaithe. Is dócha gurbh é rogha na gcluichí sa chéad bhabhta seo an ceann idir Tobar Phádraig agus na Piarsaigh. Ba iad Tobar Phádraig a thug leo na pointí, foireann lena n-imríonn an bheirt dheireanach a bhuaigh iománaí na bliana, Cian Lynch agus Diarmaid Byrnes, agus an té is mó atá á lua leis an ngradam sin i mbliana, Aaron Gillane. Bua, 2-15 in aghaidh 1-16, a bhí acu ar na Piarsaigh, seaimpíní an chontae anuraidh. Bhí an focal ‘roicéad’ á lua agus tuairisceoirí ag tagairt don chúl a scóráil Gillane i gcoinne a sheanchomrádaí Shane Dowling, a bhí idir na postaí don fhoireann ó cheantar Chathair Dháibhín.
Is comórtas sinsir dhá fhoireann déag atá á imirt i Luimneach ó 2018. Tá dhá ghrúpa sé fhoireann ann, agus na foirne is láidre sa chontae sa chéad ghrúpa. I ndiaidh na gcluichí cáilithe (cúig cinn), téann na chéad cheithre fhoireann ó ghrúpa a haon agus an chéad dá fhoireann ó ghrúpa a dó go dtí na babhtaí deireanacha.
Dar ndóigh, is astusan a thagann seaimpíní an chontae agus is deas an rud é do na laochra contae bonn sinsir contae a chur leis na cinn shinsir idirchontae atá ag foireann chaithréimeach an chontae.
Agus trasna na teorann eile ó Chiarraí, cuireadh tús le craobh Chorcaí. Bhí tamall ann nuair a thugtaí ‘Cork’s Little All Ireland’ ar an gcraobh shinsir i gCorcaigh. Ar ndóigh níl an tarraingt chéanna ar an chraobh chontae sa chontae le tamall maith de bhlianta anois.
Bhuas mo chéad bhonn sinsir contae iomána le Cumann Barra Naofa i 1977. Ag an am sin bhí an fhoireann contae i mbarr a réime agus iad i lár trí chraobh na hÉireann a bhuachaint. Sa chluiche ceannais sin i 1977 bhí Fánaithe an Ghleanna mar fhreasúra againn agus Denis Coughlan agus Martin Doherty ó fhoireann an chontae acu agus réaltaí mar Gerald is Charlie McCarthy agus Jimmy Barry Murphy againne. Go deimhin bhí an fhoireann s’againne breac le himreoirí a d’imir don chontae i bpeil agus in iomáint. De réir na bhfigiúirí oifigiúla, d’fhreastail 35,000 ar an gcluiche agus is minic ó shin a bhuaileas le leantóirí fud fad na tíre a dúirt liom go raibh siad ag an gcluiche céanna.
Mar a dúirt, tá an ré sin críochnaithe ach leanann an craobhchomórtas ar aghaidh. Tá na Barrs ar ais mar sheaimpíní agus tús curtha acu le cosaint na corónach seachtain ó shin. Tháinig siad slán i gcoinne Bhaile Nua Sheandroma agus chuadar chun páirce arís aréir i gcoinne na Sáirséalach, a chaill a gcéad chluiche.
Mar is eol do chách a leanann an iománaíocht tá an-suim sa spórt fós sa chontae agus bhí slua maith ag na cluichí go léir a bhí ar siúl an tseachtain seo caite agus tá súil leis na sluaite arís an deireadh seachtaine seo.
I gcuid maith contaetha eile tá na comórtais chraoibhe ag druidim le ceann scríbe.
Fág freagra ar 'Beag sos ag gaiscígh Luimnigh agus iad i mbun aicsin dá gclubanna'