Beag seans go gceilfear ar Áth Cliath an cúigiú ceann, ach beidh an iomáint ina Corn Uí Riada

Bainimis sult agus lán ár ndá súil as gaiscígh an spóirt in 2019 agus go mbeire muid beo ar an am seo arís…

Beag seans go gceilfear ar Áth Cliath an cúigiú ceann, ach beidh an iomáint ina Corn Uí Riada

Paul Mannion agus Jim Gavin. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

‘Faoin am a mbeidh an turcaí leáite agus tusa leis, ní dhéanfadh sé aon dochar súil a chaitheamh chun cinn ar an mbliain spóirt atá amach romhainn,’ a deir an t-eagarthóir liom mar a dhéanann sé i gcónaí ag teacht don Nollaig. Níl a shárú ann agus an bealach deas sin atá aige faoina gceapfá gur gar atá sé a dhéanamh dhuit seachas a bheith ag cur anró ort.

Dar m’anam, a deirimse liom féin, ach cuid den bhliain chéanna againn cheana féin mar nach raibh sé de mhúineadh ar Chumann Lúthchleas Gael na gCúigí fanacht go n-athródh an féilire beag ná mór gur chuireadar tús le comórtais 2019. Tá siad ag lascadh liathróide i gcomórtais thánaisteacha na Mumhan, Uladh agus Laighean le bunáite trí seachtaine anois.

Tá mé ag dul amú freisin nó is é an seanphort céanna a bheas amach romhainn ó thaobh na peile Gaelaí le teacht na hathbhliana agus tús na Sraithe go háirid, nuair a bheas léargas le fáil ag níos mó daoine ar na hathruithe rialacha atá le cur i bhfeidhm féachaint le beagán snasa a chur ar an gcluiche in athuair.

Daoibhse a bheas ag brú amach an bhoird uaibh as seo go ceann cúpla lá agus a thiocfas ag déanamh aeir ag cluichí i Sraith FBD, i gCoirn Mhic Craith, Mhic Cionnaith nó Uí Bhroin, seo leagan simplithe de na rialacha sin daoibh:

  1. Trí phas láimhe as a chéile ar a mhéid
  2. Ciceanna taobhlíne le dhul chun cinn
  3. ‘An Marc’ ceadaithe taobh istigh den líne 45, fad is gur thaistil an liathróid os cionn 20m in imirt oscailte
  4. 10 nóiméad i loca an phionóis as cárta dubh
  5. Gach cic amach ón líne 20m agus ní mór don pheil gluaiseacht lasmuigh den líne 45m, sula dteagmhóidh cosantóir léi – sin murar theagmhaigh céile comhraic léi faoi bhealach.

Laghdú ar an bpasáil láimhe agus géarú ar luas na himeartha atá ón gcuid is mó de na daoine a bhfuil labhartha agamsa leo le cúpla séasúr – an aimsir a neosfaidh an dtarlóidh a leithéid. Tarlaíodh nó ná tarlaíodh, ní mheasfainn go bhfuil riail sa leabhar ná foireann sa tír a mbeidh ar a cumas an cúigiú Craobh as a chéile a cheilt ar Áth Cliath.

An ‘Gléas Suite Domhanda’ féin (GPS daoibhse, a Luddaigh!) ní thiocfadh sa seans ar cheann scríbe Chorn Mhic Cárthaigh 2019 a ainmniú. Ní cuimhin liom bliain nuair a d’fhéadfaí cás réasúnta láidir a dhéanamh ar son 75% de na hiomaitheoirí. I gCorn Uí Riada féin ní tharlódh sé.

Beidh a gcuid maicíní bána againn ar fad, ach dá mbeadh caighdeán na hiomaíochta baol ar a bheith chomh maith is a bhí sé an séasúr seo caite, ba mhór an cúiteamh sin nuair a thiocfadh an lá a bhfaighidh na maicíní céanna bata agus bóthar.

Craobh na Sé Náisiún an chéad mhórchomórtas a bhainfidh scréach asainn. Faoi ghiodal a théann foireann rugbaí na hÉireann chun páirce na laethanta seo agus ní gan údar. An gad is gaire den scornach is fearr a ghearradh i dtosach a deirtear, agus sin díreach a bheidh le déanamh ag foireann Joe Schmidt nuair a imreos siad Sasana san Aviva an lá tar éis Lá ‘l Bríde.

Lá na Naomh Uile a imreofar babhta ceannais Chorn Rugbaí an Domhain – comórtas a chuirfidh clabhsúr ar ré Schmidt. Nárbh fheiliúnach an bealach é le slán a fhágáil aige – Corn Webb Ellis a bheith i lámha Rory Best i Yokahama na Seapáine ar an gcéad lá de Shamhain.

Beidh sé seachtaine iomaíochta feicthe againn faoin tráth sin – na hÉireannaigh ag dul chun páirce den chéad uair in aghaidh na hAlban an Domhnach deireanach de Mheán Fómhair agus an tSeapáin, an Rúis agus Samó freisin rompu i nGrúpa A.

Cosamar sé bliana déag tar éis dó éirí as agus a fhoireann buailte 2-1 ag an Eilvéis, gheobhaidh Mick McCarthy deis eile seasamh ar an taobhlíne i mbosca an bhainisteora nuair a imreoidh Éire agus Giobráltar a chéile i réamhbhabhtaí Chraobh Sacair na hEorpa ar an 23 Márta agus arís san Aviva in aghaidh na Seoirsia trí lá dár gcionn. Uisce na habhann ní ghlanfaidh é mura dtiocfaidh lán an mhála de chúil agus sé phointe as an dá chluiche.

Faoin tráth sin beidh Féile Rásaíochta Cheltenham thart agus, ach oiread le scéal na foirne rugbaí, tá oiread de ghaisce déanta ag capaill Éireannach ansiúd le cúpla bliain gur deacair a bheith ag súil go mbeidh ar a gcumas sin a dhéanamh arís.

Ba chapaill a bhí á dtraenáil sa tír seo a bhuaigh 17 de na 28 rás a ritheadh i Prestbury Park anuraidh agus chuireadar curiarracht ar fáil an bhliain roimhe sin nuair a bhuaigh 19 acu. Ach féach go mba chapaill de chuid Gordon Elliott (14) agus Willie Mullins (13) a

bhuaigh 75% acu sin. Is ag an mbeirt sin atá plúr chapaill na tíre seo agus sa gcás go gclisfeadh ar dhuine acu is ar éigean go mbeadh traenálaithe beaga na tíre in ann an bhearna a líonadh.

Ní bliain Oilimpeach í an bhliain amach romhainn, ach is ceann í ina mbeidh lúthchleasaithe an domhain ag géarú ar a n-iarrachtaí cáilíocht a bhaint amach don ócáid spórt is mó ar domhan nuair a reáchtálfar sin i dTóiceo in 2020.

Beidh cur agus cúiteamh go leor le déanamh i dtús báire faoin dornálaíocht a bheith mar chuid de na Cluichí sin, nó gan a bheith. Faoi láthair tá deireadh le haon chaidreamh idir an Chomhairle Idirnáisiúnta Oilimpeach agus lucht ceannais na dornálaíochta, an AIBA, siocair Garfur Rakhimov a bheith tofa acusan mar Uachtarán. Measann lucht na gCluichí gur coirpeach é agus é toirmiscthe chomh fada siar le Bliain na Mílaoise.

An Breatimeacht is mó a chuireann an scéal céanna i gcuimhne dom. Chuile dhuine ag caint agus gan aon duine ag éisteacht.

Ba chóir a lua freisin go bhfuil athrú ó bhonn ar an gcaoi a mbainfidh lúthchleasaithe raoin agus faiche cáilíocht amach chuig na Cluichí.

Riamh anall ba spriocanna ama nó achair a bhíodh leagtha síos dóibh – Trí nóiméad 33.20 soicind do rás an 1500m in Rio 2016 cuir i gcás, nó 20.5 méadar do chaitheamh an mheáchain ansiúd.

Ach an sprioc sin a bhaint amach uair amháin bhí a bpaisinéireacht acu.

I gcás Chluichí Oilimpeacha 2020 is é rangú an lúthchleasaí ar an ord fiúntais domhanda a chinnteoidh nó a choiscfidh a n-áit i dTóiceo.

Sin an córas a bhíonn i réim i bhformhór mhóreagraíochtaí spóirt na cruinne sa lá atá inniu ann – spórtanna foirne agus na ndaoine aonaracha (leadóg, galf, dornálaíocht, etc.). Tá an IAAF iad féin anois le dul ina bhun.

Bunófar an rangú sin ar na cúig chomórtas ab fhearr inar chruthaigh na lúthchleasaithe idir lár 2019 agus lár na bliana seo chugainn.

Pébrí seans atá ann go bhfaighfear leigheas ar phlá na pasála láimhe, ba cheart go gcinnteodh athruithe na gCluichí Oilimpeacha flúirse rásaíochta den chéad scoth sa mbliain amach romhainn.

Bainigí sult agus lán bhur dhá súil astu ar fad agus go mbeire muid beo ar an am seo arís.

Fág freagra ar 'Beag seans go gceilfear ar Áth Cliath an cúigiú ceann, ach beidh an iomáint ina Corn Uí Riada'