Bata agus bóthar faighte ag Seansailéir Státchiste na Breataine Kwasi Kwarteng

Tugadh bata agus bóthar do Kwarteng roinnt seachtainí i ndiaidh dá mhionBhuiséad na margaí agus cúrsaí eacnamaíochta a chur go mór trí chéile

Bata agus bóthar faighte ag Seansailéir Státchiste na Breataine Kwasi Kwarteng

Tá bata agus bóthar tugtha ag Príomh-Aire na Breataine Liz Truss do Sheansailéir an Státchiste Kwasi Kwarteng agus gan ach sé seachtaine caite aige sa phost.

Tugadh bata agus bóthar do Kwarteng roinnt seachtainí i ndiaidh dá mhionBhuiséad na margaí agus cúrsaí eacnamaíochta a chur go mór trí chéile.

B’éigean cistí pinsin a tharrtháil agus tháinig ardú ar rátaí morgáiste i ndiaidh an bhuiséid inar fógraíodh ciorruithe cánach nach raibh maoiniú socraithe dóibh.

Fógraíodh go bhfuil Jeremy Hunt, a bhíodh ina Aire Sláinte agus Gnóthaí Eachtracha, ceaptha ina Sheansailéir, an ceathrú duine sa ról sin i mbliana. Chuir Hunt a ainm chun cinn don Phríomh-Aireacht ach cheal dóthain tacaíochta thacaigh sé le feachtas Rishi Sunak.

Táthar ag súil le fógra ó Liz Truss go bhfuil tuilleadh de na ciorruithe cánach a fógraíodh sa bhuiséad le cur ar ceal.

Dheimhnigh Kwarteng inniu go raibh bata agus bóthar faighte aige nuair a scaip sé ar Twitter an litir inar ghlac sé le cinneadh Truss.

“Tá iarrtha agat orm seasamh ar leataobh ó bheith mar Sheansailéir agat. Ghlac mé leis sin,” a dúirt sé.

Dúirt sé chomh maith gur chreid sé i gcónaí gurb í fís Truss an fhís cheart.

“Mar atá ráite agam go minic le roinnt seachtainí anuas, go bunúsach ní haon rogha é cloí leis an status quo. Rófhada atá an tír seo cráite ag rátaí fáis íseal agus cáin ard– is gá fós é sin a athrú chun go mbeadh rath ar an tír seo.”

Ag Kwarteng a bhí an dara tréimhse ba lú riamh mar Sheansailéir Státchiste na Breataine. Ag Iain Macleod a bhí an tréimhse ba lú sa phost sin. I 1970, fuair Macleod bás tobann de bharr taom croí agus gan ach 30 lá caite aige mar Sheansailéir.

Fág freagra ar 'Bata agus bóthar faighte ag Seansailéir Státchiste na Breataine Kwasi Kwarteng'

  • An Teanga Bheo

    Scéal casta é an cinneadh seo do Rialtas na Breataine agus is deacair an am é seo do Truss.