Bás ‘tráthúil’ Freddie Scappaticci

Díol suntais ab ea é gur sheas Sinn Féin le Freddie Scappaticci nuair a nochtadh 20 bliain ó shin gur ghníomhaire é - níl éinne sna sodair á chosaint anois

Bás ‘tráthúil’ Freddie Scappaticci

‘Nach tráthúil’. Ní hé an gnáthfhreagra é ar scéala báis ach b’in é a cluineadh nuair a fógraíodh go raibh Freddie Scappaticci marbh agus adhlactha faoi rún i Sasana.

Cothaíodh amhras mar gur eisíodh an nuacht nuair a bhí aird gach éinne ar theacht Joe Biden, Uachtarán Mheiriceá – ‘lá maith chun scéal conspóideach a chur i bhfolach’ mar a deirtear. Thairis sin cothaíodh míshuaimhneas i measc na ndaoine a bhí ag fanacht le cinneadh ón tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí faoi choireanna a luaitear leis an ngníomhaire Stakeknife san IRA agus le daoine a láimhseáil é do sheirbhísí faisnéise Arm na Breataine. Shéan Freddie Scappaticci gurbh eisean Stakeknife ach theith sé agus mhair faoi chosaint finné i Sasana le scór bliain.

De bhunadh na hIodáile ar thaobh a athar, b’as Béal Feirste é. Bhí sé 77. Bríceadóir ab ea é ina óige, imtheorannaíodh é i 1971 agus faoin am ar saoradh é i 1974 bhí sé ina bhall den IRA Sealadach. Sna hochtóidí cuireadh i gceannas é ar aonad slándála an IRA, oibríocht frithspiadóirí na bparaimíleatach. Thuill sé cáil na míthrócaire mar cheannasaí an aonaid sin a mbíodh daoine á bhfuadach, a gciapadh agus á marú acu agus admhálacha nó ‘faoistiní’ á n-eisiúint, i ndiaidh na maruithe, go leor acu bréagach.

Is cosúil gur briseadh as an ról é i dtús na nóchaidí nuair a bhí amhras ar dhaoine san IRA gur ghníomhaire é ach murab ionann agus go leor eile níor tugadh breith bháis airsean; srianadh damáiste ceaptar. Díol suntais ab ea é gur sheas Sinn Féin leis nuair a nochtadh fiche bliain ó shin gur ghníomhaire é. Níl éinne sna sodair á chosaint anois.

Fuair sé bás nádúrtha ina leaba, más fíor, pribhléid nár cheadaigh seisean d’an-chuid a frítheadh caite le hais bóithre, púicíní orthu agus piléar i gcúl a gcinn. Theastaigh ó ghaolta cuid mhór de na daoine sin Scappaticci a fheiceáil os comhair cúirte. Sé bliana ó shin bunaíodh fiosrú Kenova faoi cheannas Jon Boucher, iarphríomh-chonstábla as Sasana chun coireanna Stakeknife, maille le comhpháirteachas a lucht láimhseála sa tseirbhís faisnéise míleata sna coireanna sin, a scrúdú.

Sna blianta ó shin bhailigh foireann Boucher, idir phóilíní agus sibhialtaigh 1,000 ráiteas, na mílte cáipéisí agus breis is milliún foilseán. Chuir siad 33 cód chuig an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí trí bliana ó shin ach ní raibh cinneadh fógartha faoin am ar tharla an cor nua. Deir an tSeirbhís nach féidir leanacht le cás in aghaidh amhrastach nach maireann ach gur féidir daoine eile atá luaite sa chás céanna a chúiseamh más é sin cinneadh an Ionchúisimh.

Deir Jon Boucher go bhfuil na himpleachtaí a bhaineann le bás Scappaticci á meas aige féin agus a fhoireann. Gheall sé do na teaghlaigh go raibh sé diongbháilte go bhfaigheadh siad an fhírinne agus go gcuirfear cúiseanna coiriúla i leith roinnt daoine. Tá rún aige a thuairisc eatramhach a fhoilsiú go luath.

Is léir go bhfuil ciallachais thromchúiseacha ag bás Scappaticci don bhfiosrú agus do thóir na n-íobartach ar an gcóir. Is furasta a thuiscint go mbeadh imní agus amhras orthu nach gcuirfí an dlí ar éinne nuair atá an príomhamhrastach ar iarraidh. Tá ardmheas ag íobartaigh ar fhiosrú Boucher. Is minic a deir a ndlíodóirí gur chruthúnas é cur chuige oibríocht Kenova gur féidir oidhreacht na dTrioblóidí a fhiosrú go héifeachtach.

Bréagnú is ea fiosrú Boucher ar mhaíomh rialtas Caomhach na Breataine nach féidir oidhreacht na dTrioblóidí a fhiosrú go héifeachtach. Baintear úsáid as an obair sin chur cur i gcoinne Bhille na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann: Oidhreacht agus Athmhuintearas. Sé aidhm an bhille stop a chur le fiosruithe, cúisimh, ionchoisní agus cásanna sibhialta.

Ba mhór an feall é dá gcuideodh bás tráthúil Freddie Scappaticci le hiarrachtaí chun an fhírinne a scuabadh ar siúl.

Fág freagra ar 'Bás ‘tráthúil’ Freddie Scappaticci'

  • Seán Mag Leannáin

    “Díol suntais ab ea é gur sheas Sinn Féin leis nuair a nochtadh fiche bliain ó shin gur ghníomhaire é. Níl éinne sna sodair á chosaint anois.

    Fuair sé bás nádúrtha ina leaba, más fíor, pribhléid nár cheadaigh seisean d’an-chuid a frítheadh caite le hais bóithre, púicíní orthu agus piléar i gcúl a gcinn.”

    Díol suntais gan aon agó.