Bás Brian Hamilton – an tseirbhís sláinte, mar a bhí, mar atá, agus mar a bheidh…

Tá freagra cuimsitheach, fírinneach tuillte ag muintir Brian Hamilton faoina bhás, ach an dtiocfaidh aon athrú ar chúrsaí dá bharr?

Bás Brian Hamilton – an tseirbhís sláinte, mar a bhí, mar atá, agus mar a bheidh…

Ospidéal Thamhlachta. Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Bhí Brian Hamilton tuirseach oíche Dé hAoine seo caite.

Bhí dídean ag teastáil uaidh. B’fhéidir go raibh sé tinn chomh maith. Níl scéal iomlán a bháis ar eolas fós.

Bhí sé ina aonar nuair a shiúil sé isteach in Ospidéal Thamhlachta.

Bhí sé a dó a chlog ar maidin nuair a shuigh sé síos ar chathaoir san aonad práinne (dheimhnigh ceamara slándála an t-am).

Bhí sé san aonad práinne ar feadh 14 uair an chlog. Chuaigh sé chuig an leithreas thart ar a ceathair a chlog (arís, dheimhnigh taifead an cheamara slándála an t-am). Thairis sin, is ina shuí ar chathaoir a bhí sé. Ar feadh14 uair,  breis agus leath lae.

Bhí Brian Hamilton cráite, a dúirt a dheirfiúr Paula, ó fuair a mháthair bás anuraidh.

Bhí sé ag freastal ar chúrsa cónaitheach ‘detox’ a reáchtálann Simon le tamall agus é ag iarraidh an t-alcólachas a shárú. Dúirt Paula leis an Evening Herald gur ghlac sé páirt in dhá chúrsa eile roimhe sin ach nach raibh sé ábalta staonadh go buan ón deoch.

Bhí sé ábalta siúl isteach gan chúnamh san aonad práinne.  Mura raibh sé tinn, ní foláir nó gur bhuail stróc nó taom croí é nó gur tháinig tinneas éigin air agus é sa seomra feithimh.

Bhí 14 uair an chloig caite aige san ospidéal nuair a thug duine den fhoireann faoi deara, go gairid tar éis a trí a chlog tráthnóna Dé Sathairn, go raibh sé tite ina chnap, gan aithne ná urlabhra.

Bhí Brian Hamilton tar éis bháis in ospidéal.

 

 na Gardaí ag fiosrú a bháis. Mar aon le bainistíocht Ospidéal Thamhlachta.

Tá ráiteas eisithe ag an ospidéal: dúradh ann nár iarr Brian Hamilton cóir leighis sula bhfuair sé bás agus rinneadh comhbhrón lena mhuintir.

Tá an cheist is bunúsaí agus is tromchúisí faoi scéal a bháis curtha cheana féin ag a mhuintir.

Tá siad ag iarraidh a  fháil amach cén fáth, de réir cosúlachta, nach raibh iontas ar fhoireann an ospidéil go raibh Brian Hamilton ina shuí sa seomra feithimh ar feadh 14 uair an chloig.

Tá siad ag fiafraí freisin cén fáth nár iarradh air imeacht, tar éis dó an oíche a chaitheamh san ospidéal.

Tá meas acu, a deir siad, ar na dochtúirí agus ar na haltraí atá ag obair in Ospidéal Thamhlachta.

Tá a fhios acu go mbíonn siad faoi bhrú agus iad ag obair san aonad práinne, agus ní foláir a rá chomh maith nach bhfuil an scéal iomlán ar fáil faoi láthair.

Tá sé ráite acu mar sin féin nach féidir leo a thuiscint cén fáth nár thug duine ar bith aird, de réir cosúlachta, ar fhear a fuair bás agus 14 uair an chloig caite aige san aonad.

Tá freagra cuimsitheach, fírinneach tuillte ag a mhuintir.

Tá sé ionann agus cinnte nach mbeidh siadsan, ná go leor daoine eile, sásta le cibé scéal oifigiúil a chloisfear faoi dheireadh, ná leis an leithscéal a thabharfar.

 

Beidh míniú á thabhairt os comhair coiste cróinéara tar éis tamaill ar an tslí ina bhfuair Brian Hamilton bás.

Beidh alltacht ar mhórán nuair a chloisfear scéal iomlán a bháis, chomh fada agus is féidir é a insint cheal fianaise gur cuireadh aon chóireáil air. Ná de réir cosúlachta, cheal comhrá leis.

Beidh a mhuintir ag iarraidh arís an uair sin ar an HSE nó ar an rialtas an córas a fheabhsú ionas nach rachaidh duine eile in éag mar a fuair Brian Hamilton bás.

Beidh sé á rá arís gan dabht go gcuireann easpa airgid, foirne agus spáis isteach go mór ar Ospidéal Thamhlachta, agus ar ospidéil ar fud na tire.

Beidh an scéal á phlé go tréan, ar an aer, ar líne, sna nuachtáin, agus i nDáil Éireann.

Beidh náire orainn gur tharla a leithéid, cibé slí inar tharla sé. Nó ba chóir go mbeadh.

Fág freagra ar 'Bás Brian Hamilton – an tseirbhís sláinte, mar a bhí, mar atá, agus mar a bheidh…'