Bás amháin eile de dheasca an choróinvíris fógartha, 539 cás nua deimhnithe

Tá an ráta scaipthe is ísle den víreas sa stát i gCiarraí i láthair na huaire

Bás amháin eile de dheasca an choróinvíris fógartha, 539 cás nua deimhnithe

Tá duine amháin eile ar a raibh an Covid-19 básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

539 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

331 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 70 díobhsan in aonad dianchúraim. Cuireadh 19 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé hAoine seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 567,023 duine agus an dara dáileog faighte ag 219,546 duine.

Bhain 26 den 539 cás den Covid-19 a fógraíodh inniu le Gaillimh.

21 cás a bhí i gcontae na Mí, 17 cás a bhí i nDún na nGall agus 15 cás a bhí i gCorcaigh.

Naoi gcás a bhí i Maigh Eo, níos lú ná cúig chás a bhí i bPort Láirge agus níos lú ná cúig chás a bhí i gCiarraí.

Meánráta 164 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Tá an dara ráta is airde sa stát i nDún na nGall (282) agus tá an ráta i gcontae na Mí (217) níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 121 atá i bPort Láirge, 118 atá i nGaillimh agus 65 atá i Maigh Eo. Ráta 41 atá i gCorcaigh agus 32 atá i gCiarraí, an ráta is ísle sa tír.

Ní raibh bás ar bith de dheasca an Covid-19 le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu.

65 cás nua den ghalar a deimhníodh i measc an 2,506 duine ar cuireadh tástáil orthu. 129 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 17 acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 730,471 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 125,017.

6,778 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,111 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,667 duine ó dheas di.

352,093 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 235,078 cás ó dheas den teorainn agus 117,015 cás ó thuaidh di.

Idir an dá linn, tá na srianta taistil 5 chiliméadar agus imeachtaí faoin aer ar chuid de na moltaí atá á bplé roimh chruinniú Rialtais an lae amárach faoi mhaolú shrianta an Covid-19.

D’fhéadfadh spóirt na n-óg agus cluichí idirchontae a bheith ceadaithe chomh maith.

Tráthnóna amárach a fhógróidh an Taoiseach Micheál Martin pé cinneadh a dhéanfaidh an Rialtas, ach is beag a cheapann go ndéanfar aon mhaolú mór mar go bhfuil an-imní ann go bhféadfadh an ceathrú maidhm a bheith chugainn san Aibreán nó sa mBealtaine.

Meastar go dtabharfaidh an Taoiseach uchtach beag do dhaoine trína insint céard a d’fhéadfadh tarlú sa mBealtaine agus sa Mheitheamh ó thaobh siopaí neamhriachtanacha a athoscailt agus cead ithe agus óil lasmuigh de thithe bia is óil.

Bheadh aon mhaolú ansin ag brath chomh maith ar chúrsaí sláinte phoiblí a bheith feabhsaithe.

Ar ndóigh bheadh a leithéid de mhaolú ag brath freisin ar an tsnáthaid in aghaidh an víris a bheith faighte ag na daoine is leochailí sa bpobal agus acusan atá os cionn 70 bliain d’aois.

Tá caint go leor ann go scaoilfear tuilleadh bóthair linn agus go scaoilfear na srianta taistil ó 5 chiliméadar go 10 nó 15 ciliméadar ón Luan seo chugainn, Luan Cásca.

Táthar ag súil chomh maith go gceadófar do pháistí dul ag traenáil spóirt arís.

Roinnt moltaí eile atá ar an mbord cead a thabhairt do dhá líon tí bualadh le chéile amuigh faoi spéir i spásanna poiblí, spóirt  a imrítear lasmuigh amhail galf agus leadóg, a cheadú agus cead a thabhairt do shiopaí seirbhís cliceáil agus bailigh a eagrú arís.

Tuairiscítear go maolófar cuid de na srianta i dtionscal na tógála ach nach n-athosclófar an earnáil ar fad.

An gad is gaire don scornach ag an Rialtas an ceathrú maidhm a sheachaint sula mbeidh tromlach na ndaoine fásta sa tír vacsaínithe in aghaidh an víris agus na scoileanna a bheith in ann oscailt arís ar an 12 Aibreán do na daltaí ar fad.

Inniu a chuirfidh an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí comhairle ar an Rialtas agus pléifidh coiste rialtais an Covid-19 a gcuid moltaí tráthnóna roimh chruinniú an Rialtais amárach.

Fág freagra ar 'Bás amháin eile de dheasca an choróinvíris fógartha, 539 cás nua deimhnithe'