Agus an tsíorbháisteach ag cur masmas is ísle brí orainn go léir níl slí níos fearr an ceann a ghlanadh agus an mheanma a ardú ná sciuird a thabhairt ar an bpictiúrlann is giorra duit agus féachaint ar an dá scannán is mó ‘caint’ an samhradh Éireannach seo, Barbie agus Oppenheimer nó Barbenheimer mar atá na daoine is cliste amuigh a thabhairt orthu.
Fút féin atá sé cé acu ceann a rachaidh tú ag féachaint air ar dtúis.
An dteastaíonn uait trí uair a chloig a chaitheamh ag féachaint ar fhearaibh fhearúla ag sárú a chéile in iompar is i ngníomh, agus an buama is diamhaire ar domhan á phleanáil agus á chur i gcrích acu?
Nó tamall a chaitheamh ag cur cora crua na patrarcachta trí chéile agus scamall bándearg Bharbie agus Ken id dhalladh?
Torann is glór is gliotram diamhair ag smiotadh do chluasa is a chuirfeadh dlús le bodhaire na haoise a gheobhair in Oppenheimer.
Aisteoireacht den scoth ó Robert Downey Jr agus áilleacht uasal Cillian Murphy id ghreamú den suíochán.
Scéal uafáis á insint gan fiacail a chur ann…cinedhíothú á phleanáil agus á chur i gcrích chun na Seapánaigh a cheansú i dtreo dheireadh an dara cogadh domhanda, nuair ná rabhadar meáite géilleadh d’fhórsaí na gComhghuaillithe.
Lucht pleanála an bhuama seo gan taise gan trócaire ag troid is ag sárú eatarthu fhéin, anuas air sin. Paranóia na Meiriceánach i gcoinne an Chumannachais, gan trácht ar fhrith-Sheimiteachas agus aon ní ná beart ná raibh Fíor-Mheiriceánach, ní maith.
Ní inniu ná inné a tháinig an meon MAGA ar an saol, is léir.
Thiocfá amach as an bpictiúrlann tar éis trí uair a’ chloig agus do cheann ina chíor thuathail agus do chluasa á bpléascadh.
Cén cneasú a bheadh uait ach tamall a chaitheamh ar thalamh beannaithe Barbie nó i ríocht Ken, tóg do rogha?
Bándearg, bándearg is bándearg eile fós – is nára fheice mé an dath bándearg go deo deo arís.
An bhábóg cháiliúil is a leathbhádóir Ken ag iarraidh tarrac le chéile is an phatrarcacht ag teacht sa tslí orthu.
Ní rómhaith a réitigh ‘Domhan Bharbie’ le Ken bocht.
Cead ag na mná a rogha rud a dhéanamh, ar a dtéarmaí féin. Ken bocht dúnta i ngrá léi, lán d’fhormad le haon fhear eile a fhéachann cam uirthi.
Gan an seanscéal a chíoradh uair amháin eile, chruthaigh Ken nach mór a bhí sa gcóras patrarcach dósan más i muineál a chéile a bhíonn formhór na bhfearaibh.
Iomaíocht agus forlámhas ar a chéile an bunphrionsabal fearúil, a léirigh sé, gan trácht ar chos ar bolg ar an mbantracht.
Níor mhór domhan nua, sochaí nua, a chruthú ina mbeadh comhoibriú agus comhionannas ag gach dream.
Nuair a bhí a cheacht foghlamtha aige bhí Ken sásta glacadh leis an bprionsabal san agus mhair Barbie is a cairde go sona sásta as san amach – mar a dheineann gach éinne sna finscéalta, gan trácht ar na fabhalscéalta.
Breis is billiún dollar atá bailithe ag pictiúrlanna an domhain ar an scannán Barbie agus a leath sin díreach de theacht isteach ag an scannán Oppenheimer.
Cad a deir sé sin linn?
N’fheadar cé acu is mó den dá scannán a chuir tinneas cinn orm, ach caithfear rud éigin a dhéanamh chun teitheadh ón ndíle bháistí atá mar shamhradh againn in Éirinn, i mbliana.
jpmorley0@gmail.com
Nár mhór an faoiseamh é dá dtiocfadh leithéidí Buster Keaton ar ais i bhfaisean i gCnoc a’ Chuilinn athuair! Ó nach ormsa a bheadh an scailéathan! Na tulcaí buile, diamhaire fuaime sin, an hamaráil iffreanda gan stad tríd síos, an greadadh míle bróg ar úrlár i hallaí, do shuíochán ag creathadh fé do thóin… cad chuige an tseafóid sin go léir? Cad is fiú scriopt má mhúchtar na focail ar fad fé mhaidhm fuaime a bhainfeadh plaosc do chinn díot? D’fhonn cumhacht agus uafás an bhuama a chur abhaile orainn? An amhlaidh a thuigtear dóibh nach bhfuil aon tsamhlaíocht ag an hoi polloi seo nó nach bhfuil sí acu féin, b’fhéidir? Seachnód gach rud a thiocfaidh amach as Woolyhood feasta, mar mhaithe le mo shláinte …agus mo dhá chluais.