Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona ‘dóchasach’ agus próiseas comhairliúcháin le bunú faoi chomharthaí Gaeilge

Bhí cruinniú inné ag Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona, Béal Feirste le hUachtarán na hollscoile agus é ina raic faoi cheist na comharthaíochta dátheangaí ar an gcampas

Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona ‘dóchasach’ agus próiseas comhairliúcháin le bunú faoi chomharthaí Gaeilge

Tá sé tugtha le fios ag Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona, Béal Feirste go bhfuil siad sásta leis an chruinniú a bhí tráthnóna inné acu le hUachtarán na hollscoile faoina n-éileamh ar chomharthaíocht dhátheangach.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie i ndiaidh an chruinnithe, dúirt urlabhraí de chuid an Chumainn Ghaelaigh go raibh siad “dóchasach” mbeidh rath ar a n-éileamh ar chomharthaíocht ar champas na hollscoile agus gur tugadh le fios dóibh go raibh próiseas comhairliúcháin le cur ar bun anois faoi cheist na gcomharthaí san ollscoil.

Tá sé ina raic faoi cheist na comharthaíochta dátheangaí in Ollscoil na Banríona, ó thug údarás na hollscoile le fios coicís ó shin don Chumann Gaelach ansin go mbeadh sé “provocative, offensive and intimidatory” comharthaí dátheangacha – Béarla agus Gaeilge – a chrochadh.

Chuir dearcadh na n-údarás “díomá agus fearg mhór” ar lucht na Gaeilge san ollscoil agus thuill freagra Oifig an Leas-Shainsealéara ar an éileamh ar chomharthaí Gaeilge diancháineadh ó dhaoine agus ó ghrúpaí éagsúla.

Ghabh Uachtarán feidhmeach agus Leas-Sheansailéir Ollscoil na Banríona, James C McElnay leithscéal as aon duine a maslaíodh ag an fhreagra a thug sé ar éileamh Chumann Gaelach na hollscoile ar chomharthaíocht dhátheangach ar an gcampas i mBéal Feirste.

Tá sé i gceist ag Uachtarán na Ollscoil na Banríóna bualadh chomh maith le haontachtaithe san ollscoil atá ag cur i gcoinne an éilimh ar chomharthaíocht dhátheangach.

An tseachtain seo caite chuir aontachtaithe óga in Ollscoil na Banríona litir chuig údaráis na hollscoile chun an “imní mhór” atá orthu faoin éileamh ar chomharthaíocht dhátheangach ar champas na hollscoile a léiriú.

I litir ina raibh macalla de ráiteas cáiliúil David Trimble go raibh an Tuaisceart tráth ina “cold house for Catholics”, deir Cumann na nAontachtaithe Óga gurbh amhlaidh go dtreiseodh comharthaí Gaeilge an “chill factor” do Phrotastúnaigh in Ollscoil na Banríona.

Dúirt urlabhraí ó Chumann Gaelach na hOllscoile le Tuairisc.ie gur trua leo go mbeadh a leithéid de dhearcadh ag Cumann na nAontachtaithe Óga.

“Is mór an trua go bhfuil an dearcadh seo ag daoine, is léir nach bhfuil siad eolach faoi mhuintir na Gaeilge. Ní labhraíonn Cumann na nAontachtaithe Óga ar son achan aontachtóir.

“Tá aontachtóirí ina ndlúthbhaill den Chumann Gaelach agus tá muid oscailte do gach duine. Fáiltíonn muid roimh an tacaíocht a fuair muid go dtí seo ó dhaoine i ngach gné den tsochaí agus tá súil againn dul i ngleic le tuairimí mar seo amach anseo,” a dúirt Oisín Mag Uiginn ó Chumann Gaelach Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

 

Fág freagra ar 'Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona ‘dóchasach’ agus próiseas comhairliúcháin le bunú faoi chomharthaí Gaeilge'