Bainisteoirí, imreoirí agus lucht tacaíochta ag prapáil don séasúr nua

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar chuid de na scéalta is mó a bheidh á bplé nuair a chuirfear tús le séasúr eile i bPríomhroinn Shasana an deireadh seachtaine seo chugainn

Bainisteoirí, imreoirí agus lucht tacaíochta ag prapáil don séasúr nua

Cuirfear tús le Príomhroinn Shasana oíche Dé hAoine nuair a thabharfaidh Liverpool agus Norwich City aghaidh ar a chéile. Tá súil ag Manchester City a dtríú craobh as a chéile a bhuachan an séasúr seo agus tá an chuma ar fhoireann Pep Guardiola gurb iadsan fós is láidre sa tsraith.

Agus na foirne, na bainisteoirí agus na himreoirí nua ag fáil réidh do thús an tséasúir nua, caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar chuid de na scéalta is mó a mbeifear ag faire orthu.

An féidir le Liverpool an beart a dhéanamh i mbliana?

Tar éis dóibh 97 pointe a bhaint amach sa tsraith an séasúr seo caite, tá amhras ann an mbeidh Liverpool in ann feabhsú i mbliana. Níor chaill foireann Jurgen Klopp ach aon chluiche amháin sa Phríomhroinn anuraidh, ceann as baile i gcoinne Manchester City, ach bhí an t-ádh glan orthu nár bhain aon droch-ghortú d’aon duine dá gcuid réaltaí móra.

I ndiaidh dóibh Sraith na gCuradh a bhuachan mí an Mheithimh, bhí an-deis ag Liverpool imreoirí mór le rá a mhealladh chucu ach níor tapaíodh an deis sin. Níl ceannaithe acu go dtí seo ach beirt ógánach, Sepp van den Berg agus Harvey Elliot, agus ní fheicfear iadsan ach anois agus arís i gcaitheamh an tséasúir.

Tá Alex Oxlade-Chamberlain agus Joe Gomez tagtha chucu féin arís tar éis tamall fada gortaithe ach tá bearnaí fós sa scuad. Níl aon duine acu chun teacht isteach in áit Andy Robertson má ghortaítear an tAlbanach agus d’fhéadfaí an rud céanna a rá i gcás Sadio Mané agus Mo Salah, nach bhfuair mórán de bhriseadh i rith an tsamhraidh agus iad beirt ag imirt i gCorn Náisiúin na hAfraice.

Is í an tsraith an comórtas is tábhachtaí do lucht leanúna Liverpool ach tá sé thar a bheith deacair sárfhoireann seo Manchester City a shárú. Éacht a bheadh ann dá n-éireodh le foireann Klopp 90 pointe a bhaint amach i mbliana ach chuile sheans go mbeidh níos mó ná sin ag teastáil chun an tsraith a bhuachan.

An dtabharfar saoirse do Lampard?

Frank Lampard. Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Agus é ina laoch mór ag lucht tacaíochta Chelsea, measadh go mbeadh Frank Lampard ina bhainisteoir ar an gclub uair éigin amach anseo ach seans gur beag duine a cheap go dtarlódh sé chomh tapa seo. Bliain amháin a chaith Lampard i gceannas ar Derby County sa dara roinn sular fhill sé ar Stamford Bridge.

Cé go ndearna Chelsea sách maith anuraidh nuair a chríochnaigh siad sa tríú háit sa tsraith, níor thaitin an bainisteoir Mauricio Sarri ná a chuid teaicticí le lucht tacaíochta Chelsea. Tabharfar saoirse níos mó do Lampard ach is deacair don bhainisteoir nua mórán dul chun cinn a dhéanamh ina chéad bhliain i gceannas.

Ní hamháin go bhfuil cosc ar Chelsea imreoirí a cheannach, tá an t-imreoir is fearr a bhí acu, Eden Hazard, imithe go dtí Real Madrid. Bhíodh Chelsea ag brath go mór ar an mBeilgeach le roinnt blianta anuas.

Tá Christian Pulisic tagtha isteach tar éis dóibh é a cheannach ó Borussia Dortmund anuraidh ach níl an Meiriceánach ach 20 bliain d’aois agus ní bheidh an tionchar céanna aige agus a bhíodh ag Hazard.

Rinne ógánach eile, Callum Hudson-Odoi go maith do Chelsea anuraidh ach bhain drochghortú dó ag deireadh an tséasúir agus beidh mí nó dhó eile ann sula mbeidh sé in ann dul chun páirce arís.

Táthar á cheapadh go dtabharfaidh Lampard deis do na himreoirí atá tagtha ó acadamh Chelsea. Bhí Mason Mount ar fheabhas agus é ag imirt faoi cheannas Lampard le Derby anuraidh agus gheobhaidh Tammy Abraham seans i measc na dtosaithe.

B’iontach an t-éacht ag Lampard áit a bhaint amach i Sraith na gCuradh arís an bhliain seo chugainn ach fiú mura n-éiríonn leis, ba cheart deis cheart a thabhairt dó.

An bhfaighidh Villa luach a gcuid airgid?

Tar éis dóibh ardú céime a bhaint amach i mbliana, beidh Aston Villa ag iarraidh a chinntiú nach ngabhfaidh siad síos go dtí an dara roinn arís i ndiaidh aon séasúir amháin. Chun feabhas a chur ar an scuad, fuair siad réidh le cuid de na seanfhondúirí, Glenn Whelan san áireamh, agus tá scata mór imreoirí nua tugtha isteach acu.

Dhá imreoir déag atá ceannaithe ag Villa go dtí seo agus is iad Manchester United anois an t-aon fhoireann eile sa Phríomhroinn a bhfuil níos mó caite acu an samhradh seo. £134 milliún ar fad atá caite acu níos mó ná gach club eile san Eoraip seachas United, Real Madrid, Atletico Madrid, Barcelona agus Juventus.

Rud amháin é imreoirí a cheannach ach is rud eile é iad a spreagadh lena míle dícheall a dhéanamh, an rud is tábhachtaí don bhainisteoir Dean Smith. Níl taithí ag formhór na n-imreoirí atá ceannaithe ag Villa ar an bPríomhroinn agus ar ndóigh ní bheidh siad i gcleachtadh a bheith ag imirt lena chéile. Chaith Fulham breis agus £100 milliún anuraidh agus gan acu dá bharr ach séasúr tubaisteach.

In ainneoin an chaiteachais sin uile, is dóigh gurb é Jack Grealish, fear atá ag imirt do Villa ó bhí sé sé bliana d’aois, an t-imreoir is tábhachtaí atá acu. Bhí sé ar fheabhas anuraidh agus má éiríonn chomh maith leis féin John McGinn agus Conor Hourihane agus a a d’éirigh leosa dara leath den séasúr anuraidh, beidh an-seans ag Villa ísliú céime a sheachaint.

An gcuirfidh Ole rudaí ina gceart arís?

Ole Gunnar Solskjær. Pictiúr:INPHO/Morgan Treacy

Thuas seal thíos seal a bhí Manchester United faoi cheannas Ole Gunnar Solskjær go dtí seo. Nuair a thug an club bata agus bóthar do José Mourinho i lár mhí na Nollag, d’imir United dhá chluiche dhéag faoi Solskjær sa Phríomhroinn gan aon cheann a chailliúint agus bhí deis iontach acu áit a bhaint amach i Sraith na gCuradh na bliana seo.

Thit an tóin as cúrsaí ó mhí an Mhárta ar aghaidh áfach. Níor bhuaigh siad ach péire de na naoi gcluiche deireanach a d’imir siad sa tsraith agus sa séú háit a bhí United faoi dheireadh an tséasúir.

Moladh go hard na spéire sa chéad chúpla mí sin é, ach bhuail amhras daoine faoi Solskjær ina dhiaidh sin. Beidh ar an mbainisteoir tús maith a chur leis an séasúr seo chun muinín a chothú athuair.

I measc na gcúiseanna a luadh an gcliseadh, dúradh nach raibh an fhoireann sách aclaí agus ba cheart go mbeadh réiteach simplí air sin i rith an tsamhraidh agus traenáil dhian déanta.

Tá sé tábhachtach go dtabharfadh United na himreoirí cearta isteach an tseachtain seo chomh maith. D’íoc siad go daor as Harry Maguire cheana ach seans go réiteoidh sé an deacracht mhór atá acu i measc na gcosantóirí.

Margadh maith a bheadh ann dá n-éireodh leo babhtáil a dhéanamh le Juventus agus Pablo Dybala a thabhairt go dtí Old Trafford ar Romelu Lukaku.

Tá scuad láidir go maith ag United dá mbeidís uilig ag imirt i mbarr a maitheasa agus is é an dúshlán is mó atá ag Solskjær a ndícheall a bhaint astu go seasta. Má bhíonn United fós ag streachailt aimsir na Nollag, beidh an bainisteoir go mór faoi bhrú.

Fág freagra ar 'Bainisteoirí, imreoirí agus lucht tacaíochta ag prapáil don séasúr nua'

  • Des O Murchu

    Nul points sacar liomsa , zzzzz!