Baile Átha Cliath na máistrí agus iad ag imirt ar a bhfód dúchais féin

D’éirigh go maith le Gaillimh sa chluiche i gcoinne Bhaile Átha Cliath cúpla seachtain ó shin, ach is mór idir sin agus aghaidh a thabhairt ar fhoireann Jim Gavin agus iadsan ag imirt ar a bhfód dúchais féin

Baile Átha Cliath na máistrí agus iad ag imirt ar a bhfód dúchais féin

Imreoirí na Gaillimhe agus Bhaile Átha Cliath ag stracadh as a chéile i Staid an Phiarsiagh. Pictiúr: INPHO/Lorraine O'Sullivan

Cluiche Ceannais na Sraithe Peile Náisiúnta – Baile Átha Cliath v Gaillimh, Páirc an Chrócaigh, 4.00i.n.

Tá sé 35 bliain ó shin, i gcluiche ceannais na hÉireann 1983, ó chas peileadóirí na Gaillimhe agus Bhaile Átha Cliath ar a chéile i gcluiche ceannais. Cuireadh ceathrar den pháirc sa chluiche mícháiliúil sin agus Dhá Aspal Déag Bhaile Átha Cliath, mar a thugtaí orthu, a thug Corn Mhig Uidhir leo.

Bhí achrann ann arís i Staid an Phiarsaigh cúpla seachtain ó shin nuair a chas an dá fhoireann seo ar a chéile agus ní chuirfeadh sé mórán iontais ar dhaoine dá mbeadh cúpla imreoir ag iarraidh díoltas a bhaint amach tráthnóna inniu.

B’fhearr do na Gaillimhigh, go háirithe, gan an iomarca ama a chaitheamh leis an bpleidhcíocht sin toisc go mbeidh neart eile le déanamh acu agus iad ag tabhairt aghaidh ar sheaimpíní na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh.

D’éirigh go maith leo sa chluiche sin i Staid an Phiarsaigh cúpla seachtain ó shin, cluiche a chríochnaigh ar comhscór, ach is mór idir sin agus aghaidh a thabhairt ar fhoireann Jim Gavin agus iadsan ag imirt ar a bhfód dúchais féin.

Sa chluiche sin i mBóthar na Trá, bhí Gaillimh in ann an chosaint a phlódú agus gan aon spás a thabhairt do thosaithe Bhaile Átha Cliath. Cé go raibh seilbh na peile ag na Laighnigh ar feadh formhór an chluiche, ní raibh deis acu a dhéanamh ach an liathróid a phasáil ó thaobh go taobh, agus gan mórán dul chun cinn á dhéanamh acu.

Beidh sé níos deacra ag Gaillimh é sin a dhéanamh ar fhaiche mhór Pháirc an Chrócaigh agus, chomh maith leis sin, shamhlófá go gcuirfidh Gavin foireann níos láidre chun páirce ná an ceann a d’imir i Staid an Phiarsaigh.

Ní raibh Stephen Cluxton sa chúl in aghaidh na nGaillimheach sa chluiche sin agus d’éirigh le Gaillimh cúpla scór a aimsiú tar éis dóibh brú a chur ar chiceanna amach Evan Comerford. Níor thosaigh Brian Fenton ach an oiread, fear atá ag imirt go hiontach faoi láthair agus a  spreag sé an-fheabhas ar imirt Bhaile Átha Cliath nuair a tháinig sé isteach sa dara leath i bPáirc an Phiarsaigh.

Chruthaigh Gaillimh go maith go dtí seo i mbliana agus tá siad áirithe anois i measc na bhfoirne is fearr sa tír faoi láthair. Ní hionann dul chun cinn a dhéanamh sa tsraith agus dul chun cinn a dhéanamh sa chraobh, ar ndóigh, ach ba chéim ollmhór chun cinn a bheadh ann dá mbeidís in ann taispeántas maith eile a thabhairt uathu i gcoinne Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna. Tá sé fós beagáinín róluath a bheith ag súil go mbuafaidís ar Bhaile Átha Cliath agus an fhoireann is láidre atá acu ag imirt do churaidh na hÉireann.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Conor Devaney (Ros Comain) agus Ciaran Brady (An Cabhán). Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

An Cabhán v Ros Comáin, Páirc an Chrócaigh, 2.00i.n.

I gcluiche ceannais Roinn 2, tabharfaidh an Cabhán agus Ros Comáin aghaidh ar a chéile i bPáirc an Chrócaigh. Díbríodh an dá fhoireann as Roinn 1 anuraidh ach beidh siad ag triall ar an bpríomhroinn arís in 2019 tar éis dóibh barr an tábla a baint amach i Roinn 2 i mbliana.

Tá cosúlachtaí idir na foirne seo agus iad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh leis na sinsir tar éis dóibh craobhacha faoi aois a bhaint le deich mbliana anuas. Aisteach go leor, cé nach mbeadh an oiread sin idir na foirne ó thaobh chaighdeán na himeartha de, is le Ros Comáin is minice go mór a bhíonn an lá agus iad ag imirt a chéile. As na naoi gcluiche is deireanaí atá imeartha idir an Cabhán agus Ros Comáin, níl ach ceann amháin acu buaite ag na hUltaigh.

É sin ráite, is beag a bhí idir na foirne sna cluichí sin, ceann na bliana seo san áireamh. Bhuaigh Ros Comáin an cluiche sin le dhá phointe. Ba dheacair don Chabhán deis níos fearr a fháil le deireadh a chur leis an gceannas atá ag Ros Comáin orthu. Ní bheidh mórán eatarthu ach seans nach n-éireoidh leis na hUltaigh an geábh seo ach oiread.

Rogha Tuairisc.ie: Ros Comáin

Fág freagra ar 'Baile Átha Cliath na máistrí agus iad ag imirt ar a bhfód dúchais féin'