Baile Átha Cliath atá ar thóir na fuascailte i gcoinne Mhaigh Eo an geábh seo

Imreoidh Baile Átha Cliath agus Maigh Eo in aghaidh a chéile i gcluiche ceannais peile na mban tráthnóna agus mná Bhaile Átha Cliath ag súil nach é an briseadh croí a bhain dóibh le trí chluiche ceannais anuas atá i ndán dóibh arís

Baile Átha Cliath atá ar thóir na fuascailte i gcoinne Mhaigh Eo an geábh seo

Sarah Tierney, Maigh Eo, Sinead Ahearne, Baile Átha Cliath. ©INPHO/Morgan Treacy

Seachtain i ndiaidh chluiche na bhfear, tá mná Bhaile Átha Cliath agus Mhaigh Eo ag dul chun páirce i bPáirc an Chrócaigh do chluiche ceannais na hÉireann. Ach, murab ionann agus fir Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo caite, is í foireann Bhaile Átha Cliath a bheidh ar thóir na fuascailte ón mbriseadh croí inniu.

Cé nach bhfuil siad ag fanacht 66 bliain, mar atá foireann Stephen Rochford, tá trí chluiche ceannais as a chéile caillte ag mná Bhaile Átha Cliath. Is iad Corcaigh a sháraigh iad i ngach ceann de na cluichí sin. Dhá phointe a bhí idir na foirne in 2015 agus ní raibh ach an t-aon phointe amháin eatarthu in 2014 agus 2016.

Ó tharla Corcaigh a bheith cloíte sa chluiche leathcheannais, tá foireann Bhaile Átha Cliath ag súil gur deis iontach an lá inniu Craobh na hÉireann a bhuachan. Ní hé amháin nach iad Corcaigh a bheidh ina n-aghaidh ach tá sárpheil á himirt ag Baile Átha Cliath i mbliana.

Agus scrios á dhéanamh ag Sinéad Aherne, Noelle Healy agus Nicole Owens sa líne lántosach, níl aon fhoireann tagtha i bhfoisceacht deich bpointe de Bhaile Átha Cliath sna ceithre chluiche atá imeartha acu sa chraobh go dtí seo. Ní haon easpa taithí a chuirfidh as dóibh ach an oiread mar go mbeidh trí imreoir déag ag tosú tráthnóna a thosaigh i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh.

In ainneoin chumas a gcuid tosaithe, seans gur tábhachtaí a bheidh iarrachtaí chosantóirí Bhaile Átha Cliath Cora Staunton a stopadh.

Cé gurb é seo an tríú séasúr is fiche ag Staunton le foireann shinsir Mhaigh Eo, tá bean Cheathrú na Con fós ar dhuine de na himreoirí is fearr sa tír. 1-9 a d’aimsigh sí nuair a bhuaigh Maigh Eo ar Chorcaigh sa chluiche leathcheannais ag tús na míosa seo agus beidh Maigh Eo ag brath go mór uirthi más fúthu Craobh na hÉireann a thabhairt leo inniu, den chéad uair ó 2003.

Imreoir eile a bhí ar fheabhas sa chluiche sin in aghaidh Chorcaí an cúl báire, Yvonne Byrne. Tá Byrne agus Staunton ar bheirt den triúr ag Maigh Eo a d’imir leo in 2003. Má bhíonn siadsan i mbarr a maitheasa, d’fhéadfadh an lá a bheith leis na Connachtaigh.

Mar sin féin, níl aon amhras ach gurb iad Baile Átha Cliath is láidre agus de bharr na gcluichí atá caillte acu le cúpla bliain anuas, is cinnte go mbeidh díocas ceart orthu.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Fág freagra ar 'Baile Átha Cliath atá ar thóir na fuascailte i gcoinne Mhaigh Eo an geábh seo'