‘Bagairt don daonlathas’ – cáineadh géar ar phlean Johnson an pharlaimint a chur ar fionraí

‘Feillbheart agus bagairt don daonlathas’ a thug Jeremy Corbyn ar iarratas Boris Johnson go gcuirfí parlaimint Westminster ar fionraí agus dúirt spéicéir Westminster John Bercow gur ‘feall ar an mbunreacht’ a bheadh ann

‘Bagairt don daonlathas’ – cáineadh géar ar phlean Johnson an pharlaimint a chur ar fionraí

“Feillbheart agus bagairt don daonlathas” é iarratas Boris Johnson ar Bhanríon Shasana parlaimint Westminster a chur ar fionraí an mhí seo chugainn ar feadh cúig seachtaine. 

B’in a bhí le rá inniu ag ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn faoin scéal go raibh faoin bPríomh-Aire nach bhfillfeadh feisirí ar an bparlaimint go dtí an 14 Deireadh Fómhair.

Fágann sin gur fíorbheagán ama a bheadh ag feisirí chun reachtaíocht a thabhairt isteach in iarracht cosc a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh. 

Mhaígh Boris Johnson i litir a chuir sé chuig na feisirí go mbeadh “fuílleach ama” acu an Breatimeacht a phlé, ach tá cáineadh forleathan déanta ar an mbeart.

Dúirt Jeremy Corbyn gur raibh “alltacht” air faoi “mhíchúram uafásach” rialtas Johnson a bhí ag iarraidh an pharlaimint a chur ar fionraí “ar mhaithe le scrúdú a sheachaint ar a phleananna místuama i dtaobh an Bhreatimeachta gan mhargadh”.

“Is mór an náire é seo agus bagairt atá ann ann dár ndaonlathas,” a dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre. 

Dúirt spéicéir pharlaimint Westminster John Bercow gur “feall ar an mbunreacht” a bheadh ann dá gcuirfí plean Johnson i gcrích.

Dúirt Bercow gur cuma cén insint a dhéanfaí ar an scéal go raibh sé “ríshoiléir” gurb amhlaidh go rabhthas ag iarraidh cosc a chur ar na bparlaimint an Breatimeacht a phlé agus a dualgas a chomhlíonadh maidir le “dán na tíre a mhúnlú”.

Thacaigh an DUP, ar a bhfuil an rialtas ag brath chun fanacht i gcumhacht,  le cur chuige Johnson. 

“Tabharfaidh sé seo deis dúinn ár dtosaíochtaí a chur i dtiúin le tosaíochtaí an Rialtais,” a dúirt Arlene Foster, ceannaire an DUP.

Dúirt CéadAire na Breataine Bige Mark Drakeford, gur chóir reifreann Breatimeachta eile a bheith ann i bhfianaise fhionraí na parlaiminte.

“Throid Boris Johnson feachtas reifrinn ar mhaithe le cumhacht a thabhairt athuair don pharlaimint agus tá sé anois ag iarraidh ar an mBanríon an doras a dhúnadh ar ár ndaonlathas. Tá an bonn bainte de gheallúintí lucht an fheachtais ar son an imeachta. Tá sé in am an scéal a chur faoi bhráid an phobail,” arsa Mark Drakeford.

Fág freagra ar '‘Bagairt don daonlathas’ – cáineadh géar ar phlean Johnson an pharlaimint a chur ar fionraí'