Ba thrua mura bhfreagrófaí paidreacha lucht Pheil na mBan 

Níos minice ná a chéile is ar pháirceanna na mban a fheictear an pheil is taitneamhaí, siocair gan oiread béime a bheith ann ar an tseilbh a choinneáil 

 Ba thrua mura bhfreagrófaí paidreacha lucht Pheil na mBan 

Níl mé in ann a rá leat cén chráifeacht a bhaineann le hardfheidhmeannaigh na gcumann éagsúil spóirt sa tír agus ní bhaineann sin dom. Ach oiread leis an gcuid eile againn is é is móide gur beag acu a théann ar a nglúine ar dhul chun leapa dóibh. 

Ainneoin sin, déarfainn mura agnóisithe amach agus amach iad, go ndéanann siad corr-achainí ar thóir fabhair, agus b’fhéidir fiú guí anois agus arís, chuig pé cumhacht ina gcreideann siad féin. 

Ní móide gur mór a bheidís a iarraidh – lá breá dá gcluichí ceannais, dea-choimhlint, agus b’fhéidir scaití, ar mhaithe leis an sparán a neartú, cluiche comhscóir anois agus arís. 

Ní mór dá leithéidí a bheith iomlán neodrach dar ndóigh, ach cé a chuirfeadh milleán orthu siúd atá i mbun Chumann Peile na mBan dá gcuirfeadh siadsan aguisín lena n-iarratas, más faoina n-anáil féin é. Sin nár dhona an rud é dá mbainfeadh Áth Cliath amach cluiche ceannais na sinsear.  

Ní bheidh siad inniu ann, ach léiríonn tinrimh na mblianta seo caite ag na cluichí ceannais an tionchar a bhí ag athbheochan an chluiche sa bpríomhchathair ar an spórt sin. 

23,500 duine ar meán a bhí i láthair ag na seacht mbabhta ceannais a imríodh idir 2009 – 2015 nuair a bhí mná Chorcaí ina neart. Áth Cliath a chuir deireadh lena bhforlámhas siúd.  

Seachas 2022 (Mí v Ciarraí) bhí siadsan i ngach cluiche ceannais eile a imríodh ó shin, tráth ar dhúbail meán-líon an lucht féachana, (44,500). Níl mé ag bacadh le 2020 nuair nach raibh a leithéid ann de bharr Covid. 

Is tuar dóchais go raibh 46,500 i láthair dhá bhliain ó shin nuair a bhuaigh contae na Mí ar Chiarraí, ach measaim go mbeadh ionadh fiú ar lucht na bpaidreacha dá dtiocfaí i ngar ná i ngaobhar don fhigiúir sin inniu. 

Dá mbeadh an bua ag na fir ar an Domhnach seo caite, ghríosódh sin muintir na Gaillimhe, ach is léir iad a bheith in ísle brí. Chaith mé tamall i gCiarraí an tseachtain seo caite freisin agus ba bheag de thrácht a bhí ar bhabhtaí ceannais an lae inniu ansiúd. 

Is mór an trua. Níos minice ná a chéile is ar pháirceanna na mban a fheictear an pheil is taitneamhaí, siocair gan oiread béime a bheith ann ar an tseilbh a choinneáil. 

Nó go dtáinig na babhtaí ceathrú ceannais i gCraobh Shinsearach na bliana seo níor dheacair a thuar céard a thitfeadh amach. Bhuaigh Gaillimh, Ciarraí agus Áth Cliath craobhacha a gcúigí féin ar bheagán anró. Ní raibh oiread sin ceapadh go mbuafadh Ard Mhacha ó thuaidh, ach bhuaigh siad ar Dhún na nGall i gcluiche ina rabhthas taobh le ham breise.  

Ba bheag a chreid ach an oiread go mbuafadh siad ar Mhaigh Eo san iomaíocht a lean, ach ba é bua na Gaillimhe ar Áth Cliath (tar éis am breise freisin) iontas mór na bliana. 

Tá an bhliain caite ag Cumann Peile na mBan ag ceiliúradh 50 bliain a mbunaithe. Is maith an oidhe sin orthu. Ní hamháin go bhfuil deis imeartha tugtha acu do leath na tíre, ach tá siad le moladh as an gcaighdeán a bhaineann leis agus freisin as gan faitíos a bheith orthu tabhairt faoi bheartais nua – úsáid an chloig agus an bhonnáin an sampla is follasaí dó sin. 

Leathdhosaen de chlubanna an chontae a chuir na himreoirí ar fáil don fhoireann a thug an bua do Ghaillimh ar Chorcaigh sa mbabhta leathcheannais – is í an báireoir Dearbhla Gower as Cill Mochuda/Na Crócaigh an t-eisceacht.  

Bhí dosaen clubanna faoin bhfoireann a chuaigh chun páirce nuair a bhuaigh Ciarraí ar Ard Mhacha – bhí beirt as Corca Dhuibhne, Deisceart Chiarraí agus na Gaeil. 

Tráth seo an chomórtha, tá mé ag baint an-solamar as píosaí atá léite agam anseo agus ansiúd faoin gcaoi ar tugadh faoi fhorbairt chluiche na mban.  

Bhí tús curtha leis an eagar i nGaillimh sular bunaíodh an Cumann Náisiúnta in Óstán Hayes i nDurlas Éile i bhfómhar 1984. Bhí Gaillimheach, Frank Kearney as an Leacach in aice Bhaile Chláir, mar leaschathaoirleach agus Margaret Colleran as an gcathair mar rúnaí. B’iníon í Margaret le Paddy Colleran, duine de sheachtar deartháireacha as Currach Bhunáin a d’imir le Sligeach. 

Tá áit faoi leith ag Paddy i stair CLG. Ball den Gharda Síochána a bhí ann, rud a d’fhág go mba mhinic a aistríodh ó áit go háit é. D’imir sé peil le seacht gcontae, Sligeach, Maigh Eo, Gaillimh, Cabhán, Corcaigh, Port Láirge agus Tiobraid Árann, mar aon le Connachta, Mumhain agus Ulaidh i gComórtais an Bhóthair Iarainn. 

B’iomaí spórt eile a chleacht na mná a chuaigh chun páirce nuair a d’imir Gaillimh in aghaidh Uíbh Fhailí sa gcéad imirt acu i bPeil na mBan. I lár na líne leath-thosach bhí Philomena Connolly – deirfiúr le hiománaithe an Chaisleáin Ghearr. Ar an bhfoireann freisin bhí Rosemary Divilly as Órán Mór agus Nono McHugh as an gCladach a bhí ar fhoireann de chuid an chontae a bhuaigh craobh camógaíochta dhá bhliain roimhe sin. 

Lúthchleasaí cruthanta ab ea Nono McHugh arbh í freisin an chéad chaptaen a bhí ar fhoireann sacair ban na hÉireann nuair a d’imir siad an Bhreatain Bheag i 1973. 

Bhí lúthchleasaí ildánach freisin ar fhoireann Chiarraí a thug an Chraobh go Ciarraí den chéad uair tar éis dóibh an bua a fháil ar Uíbh Fhailí, 4-6 – 1-5, ar an mBaile Beag i gcontae Thiobraid Árann i 1976. 

Ba í sin a gcaptaen, Mary Geaney as Oileán Ciarraí a scóráil 3-2 d’iomlán a foirne. Ba ise réalta a linne, ní hamháin ar pháirceanna na peile, ach freisin ag camógaíocht, cluiche inar imir sí le Corcaigh. Leathdhosaen uair a d’imir Mary i gcluiche ceannais na fuinseoige idir 1978 agus 1988, ina captaen nuair a bhuaigh siad i 1980. 

Trí bliana dár gcionn bhí Mary ar fhoireann haca na hÉireann a bhuaigh Corn Idir-Ilchríocha na mBan. 

Fág freagra ar ' Ba thrua mura bhfreagrófaí paidreacha lucht Pheil na mBan '