Ba sa gclubtheach atá ag Cumann Iomána Buenos Aires a insíodh an scéal dúinn

Níl ach ceithre thír eile ar domhan a bhfuil níos mó daoine de shliocht na hÉireann iontu ná mar atá sa Airgintín

Ba sa gclubtheach atá ag Cumann Iomána Buenos Aires a insíodh an scéal dúinn

Dúisíodh rud éicint i gcúl mo chinn nuair a d’fhógair George Hamilton mianach an Éireannaigh a bheith in Alexis Mac Allister tar éis dósan croitheadh a bhaint as eangach na Polainne ag Corn an Domhain Déardaoin na seachtaine seo caite.

Tá sé ag tarraingt ar bhliain agus fiche ó shin ó thug turas Réalta CLG chuig na hAirgintíne mé agus ba ansiúd a d’fhoghlaim mé beagán faoi cheangal na tíre sin le Cumann Lúthchleas Gael agus go háirithe an tóir a bhí ar an iománaíocht ann, tráth dá raibh.

Ba sa gclubtheach atá ag Cumann Iomána Buenos Aires a insíodh cuid den scéal dúinn. Ansiúd a d’imir foirne Réalta na hÉireann a chéile i gcluiche taispeántais. Oiriúnach go leor is i gceantar den chathair a bhfuil Hurlingham mar ainm air atá an pháirc suite agus ba é rúnaí an chlub Dickie MacAllister an staraí.

Tá cur síos leitheadach curtha ar fáil ag meáin na hÉireann le seachtain faoin gcaoi ar fhág sinsir mhuintir Mac Allister tuaisceart Chontae Átha Cliath in 1868 nó gur chuireadar fúthu san Airgintín. Ba as oirthear agus lár na hÉireann formhór an 38,000 duine a chuaigh ar imirce ansiúd idir 1850 agus deireadh an chéid sin. Meastar suas le milliún dá sliocht a bheith san Airgintín sa lá atá inniu ann. Níl ach ceithre thír eile ar domhan a bhfuil níos mó díobh iontu – An Bhreatain, na Stáit Aontaithe, an Astráil agus Ceanada.

Bhí cluichí iomána á n-imirt i Buenos Aires in 1887 agus fiú go raibh cuid mhaith de na himircigh ba thúisce a tháinig ar Shlí na Fírinne nó ró-aosta chun iomána, bhí suas le 18 cumann ag plé leis an gcluiche i 1922. Ina measc bhí Buenos Aires Hurling Club, Mercedes, Wanderers, Bearna Baoghail, La Plata Gaels, Almirante Brown Capilla Boys, Saint Patrick’s Alumni, Saint Patrick’s Mercedes, Fahy Boys, St. Pauls, Irish Argentines, Juniors, New Lads, Santos Lugares, Club Nacional agus Belgrano.

Mar is léir ó chuid de na hainmneacha sin bhí dlúthcheangal idir an Eaglais Chaitliceach agus a gcuid scoileanna leis an gcluiche, rud a chabhraigh go mór, mar a tharla anseo sa mbaile go deimhin.

Bhí baint mhór freisin ag an náisiúnaí agus ag an scríbhneoir William Bulfin le cur chun cinn na hiomána in Buenos Aires timpeall an ama sin agus ar ndóigh bhí sé ar dhuine acu siúd a bhunaigh craobh de Chonradh na Gaeilge sa gcathair sin in 1899.

I gcomharsanacht Bhiorra in Uíbh Fhailí a saolaíodh Bulfin, a d’oibrigh mar thréadaí caorach nuair a chuaigh sé chun na hAirgintíne i dtosach. Chuaigh sé ag múineadh Béarla ansin agus as sin mar eagarthóir ar an nuachtán The Southern Cross. Thug an nuachtán sin tacaíocht do Chonradh na Gaeilge anseo in Éirinn agus tháinig airgid chun na heagraíochta ón Airgintín freisin.

Go deimhin sa gClaidheamh Solais i Meán Fómhair 1902 scríobh Pádraig Mac Piarais: ‘Níl in Éirinn páipéar a rinne an oiread ar son na Gaeilge agus a rinne an Southern Cross. Níl páipéar in Éirinn is féidir a chur i gcomórtas leis.’

Idir an dá linn ba mhíbhuntáiste damanta don iománaíocht thall ann nach ar an gcuma chéanna a fhásann an crann fuinseoige san Airgintín agus a fhásann sé ar an taobh seo den domhan. Glacann sé i bhfad níos mó ama air a theacht chun aibíochta anseo. Tá fuinseog na háite thall i bhfad níos dolúbtha ná ceann na hÉireann, rud a d’fhág nach raibh aon rogha ann ach na camáin a fháil as an tír seo.

Leis sin féin, imríodh Craobhchomórtas Iomána na hAirgintíne chuile bhliain go dtáinig deireadh na 1930idí agus Copa Victor Migues ag dul do na buaiteoirí. Ba é William McGrath as Cathair Dhún Iasca an captaen deireadh a ghlac seilbh air agus thug abhaile go Tiobraid Árann é nuair a d’fhill sé ar a thír dhúchais. Tá mé ag dul amú nó tá sé ar taispeántas i gcónaí i Lár na Páirce, an iarsmalann i nDurlas Éile.

Idir chostas agus chogadh tháinig meath ar an iománaíocht san Airgintín. Níor chuidigh sé leis an scéal ach an oiread go raibh meargántacht, achrann agus doirteadh fola i gceist rómhinic. De réir a chéile d’éirigh na clubanna as cluiche na fuinseoige agus chuaigh siad ag plé le ceann níos sibhialta – an haca. Sa mbliain 1848 ba as an gclub is túisce atá ainmhithe thuas agam leath na foirne a d’imir ar fhoireann haca na hAirgintíne ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain.

Tá pictiúr díobh crochta ar an mballa sa gclubtheach ina raibh Dicke Mac Allister ag inseacht a scéil dúinne in 2003 – aeráid a dtíre a d’fhág dath na gréine orthu, a sinsear a d’fhág a sloinnte orthu – Tommy Wade, Tommy Quinn, Luis Scally, Billy Dolan and Tommy Scally.

Haca, rugbaí, galf, póló agus cruicéad is mó a imríodh ina dhiaidh sin ar an 180 acra atá ag an gclub in Hurlingham. D’imrítí cluiche taispeántais ceart go leor ar an 25 Bealtaine chuile bhliain, lá saoire poiblí ag comóradh na réabhlóide a thug rialtas dá cuid féin don Airgintín in 1810.

Dhá chuairt a thug na All Stars ar Buenos Aires, in 2002 agus arís in 2009, agus thosaigh athbheochan na fuinseoige arís ansiúd in 2013 nuair a tháinig foireann faoi aois chun na tíre seo chun imirt i gcomórtas d’fhoirne idirnáisiúnta i nGaillimh.

Fág freagra ar 'Ba sa gclubtheach atá ag Cumann Iomána Buenos Aires a insíodh an scéal dúinn'