‘Ba mhór an chailliúint d’Uíbh Ráthach dá ndíbreofaí Zoe Ware as an tír’

Ealaíontóir agus Gael den scoth í Zoe Ware a bhfuil an díbirt thar tír amach á bagairt uirthi féin agus ar a muintir, a deir an t-amhránaí aitheanta, Seán Garvey, a mhúin an amhránaíocht ar an sean-nós di

Sean Garvey

Zoe Ware, duine de thriúr deirfiúracha atá i mbéal an phobail toisc go bhfuil an díbirt thar tír amach á bagairt orthu, ar dhuine na de na cailíní óga ‘is Gaelaí’ dár casadh riamh ar an amhránaí traidisiúnta aitheanta Seán Garvey, a mhúin an amhránaíocht ar an sean-nós agus an fhidil don Cheanadach óg.

Craoladh inniu ar an An Saol ó Dheas ar RTÉ RnaG taifead de Zoe ag rá ‘A Rí an Domhnaigh’ agus Seán Garvey á tionlacan ar an ngiotár. Ba é Tomás Rua Ó Súilleabháin a chum ‘A Rí an Domhnaigh’, achainí ar Dhia teacht i gcabhair air in am an ghátair.

Tuairiscíodh ar an suíomh nuachta TheJournal.ie inné go raibh Zoe, a bheirt deirfiúracha Gráinne agus Gobnait, agus a dtuismitheoirí Shannon agus Kate, le cur ar ais go Meiriceá Thuaidh mar gheall ar fhadhbanna a bhain lena víosaí.

Is sa Choireán in Uíbh Ráthach atá an teaghlach ag cur fúthu le cúig bliana anuas agus is ar Scoil Mhichíl Naofa i nGaeltacht Chiarraí Theas atá an chlann óg ag freastal. Is ar an scoil sin freisin a mhúin Seán Garvey an sean-nós agus an veidhlín do Zoe Ware.

“Ba mhór an trua dá gcaillfí ón scoil agus ón réigiún í. Is ealaíontóir den scoth í i ngach slí, ina cuid cainte agus ina cuid amhránaíochta go háirithe.

“Tá an-suim go deo aici sa traidisiún agus sa Ghaelainn; bhí istigh ar an Oireachtas anuraidh agus bhí an-mhaith, bhí meas ag gach aon duine uirthi,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Tháinig muintir Ware go hUíbh Ráthach den chéad uair sa bhliain 2010 agus iad ar víosa saoire ach shocraigh siad síos san áit ina dhiaidh sin. Tuairiscítear ar TheJournal.ie gur de bharr mearbhall maorlathais atá an díbirt á bagairt anois orthu.

Tugadh cead don teaghlach fanacht in Éirinn nuair a chuaigh an víosa saoire in éag. Thugadh oifigigh áitiúla imirce de chuid an Gharda Síochána stampa dóibh gach trí mhí go dtí Bealtaine na bliana 2012.

Ba le linn na míosa sin a thosaigh na cailíní ag freastail ar Scoil Mhichíl Naofa. Tá Zoe ag súil le dul ar aghaidh go Coláiste na Sceilge i mí Mheán Fómhair na bliana seo má éiríonn leis an teaghlach an díbirt a sheachaint.

2c8a1067-detail-medium-310x415Dúirt Laoise Nic Aogáin, príomhoide na bunscoile, gur scéal truamhéalach a bhí ann agus go bhfuil pobal na scoile ar fad “an-cheanúil” ar na cailíní.

“Tá a fhios ag na daltaí eile faoin scéal, agus tádar sin an-cheanúil ar na páistí. Is drochrud é i ndáiríre, is tábhachtach gach duine sa scoil ach is cailíní an-deasa iad agus iad ag déanamh an-iarracht sa scoil, le cúrsaí ceoil, amhránaíochta agus Gaeilge.

“Tá na fréamhacha thíos acu anseo agus is anseo atá a gcuid cairde. Ba bhreá leo fanacht anseo agus níl siad ag tnúth le dul ar ais go Ceanada nó na Stáit Aontaithe,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Dúradh leo go gcaithfidís cur isteach ar víosa nuair a bhí an stampa deiridh faighte acu agus chuir. Níor chuala siad ó Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (INIS) go ceann 15 mí, de réir a dtuairisce féin, nuair a diúltaíodh dá víosa. Diúltaíodh an t-iarratas mar ba ó na Gardaí a fuair siad na stampaí inimirce gan teagmháil a dhéanamh leis an INIS.

Cuireadh ina leith freisin nárbh acmhainn don teaghlach fanacht in Éirinn bunaithe ar an méid airgid a bhí ina gcuntas bainc i mí Aibreán na bliana 2013. Is aistritheoir teicníochta agus leighis é Shannon a mbíonn conarthaí idirnáisiúnta aige agus is bean chabhrach í Kate atá ag súil le clárú leis an mBord Altranais. Baineadh an cead díobh fanacht sa Stát, áfach, ar 12 Nollaig 2012.

D’fhág siad an tír agus d’fhill uirthi ag deireadh na bliana 2013 agus iarratas úr ar víosa ullmhaithe acu. Diúltaíodh an t-iarratas sin mar gheall ar an trioblóid a bhain leis an gceann eile.