Ba mhaith liom ‘a thuiscint’ cén fáth a bhfuil an ghramadach chomh deacair sin

Ní hannamh a úsáidtear ainm briathartha de chineál ‘a thuiscint’ fiú agus an t-eolas lena mbaineann sé ag teacht ina dhiaidh

Ba mhaith liom ‘a thuiscint’ cén fáth a bhfuil an ghramadach chomh deacair sin

Labhair mé tamall ó shin ar na habairtí ‘Tá sí ag seinm ceoil’, ‘Is maith liom ceol a sheinm’ agus ‘Ba bhreá liom seinm ag an gceolchoirm sin’. 

Dúirt mé go mbíonn cásanna ann nuair nach gá do dhuine ‘ag’ ná ‘a’ a úsáid. Ba mhaith liom filleadh ar chóras ‘a’ inniu, áfach, agus cur leis.   

Má thógaimid an leagan ‘Is maith liom ceol a sheinm’, tugtar le tuiscint san abairt sin go mbíonn focal nó eolas ag teacht roimh an ainm briathartha de ghnáth nuair a bhaintear leas as an mír ‘a’ agus nuair a shéimhítear an t-ainm briathartha féin. 

Sin mar a bhíonn go minic, ceart go leor, ach ní i gcónaí. ‘Cuspóir’ a thugtar ar an bhfocal ‘ceol’ sa leagan ‘Is maith liom ceol a sheinm’. Is ionann é agus ‘x’ san abairt ‘Is maith liom x a dhéanamh’.

Uaireanta, bíonn ‘x’ ag teacht i ndiaidh an ainm bhriathartha ach fós féin, is gá ‘a’ a chur roimh an ainm briathartha agus é a shéimhiú. Seo mar a mhíníonn Antain Mac Lochlainn an scéal ar a shuíomh seisean, aistear.ie, agus scagadh á dhéanamh aige ar an abairt ‘Is deacair dúinn tuiscint [sic] cén díomá a bhí uirthi nuair nár éirigh léi an post a fháil’:

‘Is é an locht atá ar an abairt ná go bhfuil cuspóir ag an ainm briathartha ‘tuiscint’ agus gur cheart ‘a’ a chur roimhe agus é a shéimhiú, díreach mar a dhéanfaí i gcás abairt shimplí mar Ní féidir liom Gréigis a thuiscint. Mar seo a bheadh: Is deacair dúinn a thuiscint cén díomá a bhí uirthi nuair nár éirigh léi an post a fháil.

‘Ní léir ar an chéad fhéachaint cá bhfuil an cuspóir sa chéad abairt thuas. Is é an chaoi gur cuspóir atá sa chlásal iomlán ‘cén díomá a bhí uirthi…’. Sin é an rud atá deacair a thuiscint.’ 

Tá roinnt samplaí ag Gearóid Stockman in Cruinneas Gramadaí agus Corrfhocal Eile atá ar aon dul leis sin agus a bhain sé as leabhair na n-údar breá aduaidh. Is le Séamus Ó Grianna na cinn thíos agus an litriú mar a bhí aige féin:

‘Ba dheacair a radh [> a rá] cé aca b’fhearr a rabh culaidh éadaigh air’ (Cioth is Dealan, ‘Máire’).

‘Agus ba mhian léithe a chur i n-umhail domh nach rabh taidhbhsí ar bith ann’ (Nuair a Bhí Mé Óg, ‘Máire’). 

‘Agus nár dhoiligh a mhíniughadh [> a mhíniú] dóbhtha go rabh sé faoi cheangal ag móid…’ (An Teach nár Tógadh, ‘Máire’). 

Is é an ‘cuspóir’ (‘x’) sna habairtí thuas an méid a bhfuil líne faoi. 

Soiléiríonn an tOllamh Stockman an scéal leis an sampla ciotach ‘Níl mé ábalta cad é a tharla do thiománaí an chairr bhuí a insint duit’. Sa chás sin, tá an clásal fada ‘cad é a tharla do thiománaí an chairr bhuí’ ina chuspóir ag an ainm briathartha ‘a insint’, ach tá sé rófhada. Sin an fáth a mbogtar siar é, i ndiaidh an ainm bhriathartha: ‘Níl mé ábalta a insint duit cad é a tharla do thiománaí an chairr bhuí’.

Ní chuireann an feiniméan seo ar ceal an méid atá pléite againn cheana faoi leithéidí ‘ag seinm’, ‘a sheinm’ agus ‘seinm’ as féin, ach is fiú a bheith san airdeall air agus a thuiscint go dtarlaíonn sé cuibheasach minic sa Ghaeilge.

An té a chloíonn go docht leis an tuiscint ‘cuspóir’ + ‘a’ + ‘ainm briathartha séimhithe’, is fearr leis leithéid (1) ‘Ba mhaith liom fáil amach cad a tharla dó’ a rá sa chéad chás de, agus ansin (2) ‘Ba mhaith liom é sin a fháil amach’ sa dara cás. Éilíonn an ghramadach scríofa ‘a fháil’ sa dá chás, ach uaireanta cloistear leagan (1) i gCúige Mumhan de bharr na tuisceana doichte thuasluaite.

Fág freagra ar 'Ba mhaith liom ‘a thuiscint’ cén fáth a bhfuil an ghramadach chomh deacair sin'

  • Tash

    Dáiríre?
    Nuacht?

  • Christina Chen

    a eagarthóir dhil, bhain tú an underlining de na samplaí….