Ba léir go raibh mo 320 leathanach tar éis straidhn a chur ar phrintéir bocht an tsiopa…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo : te bruite a bhí an dréacht dá úrscéal nua a bhí ina dhá lámh ag ár gcolúnaí, ach ní raibh cead aige breathnú air…

Ba léir go raibh mo 320 leathanach tar éis straidhn a chur ar phrintéir bocht an tsiopa…

An lá cheana, phriontáil mé amach an t-úrscéal atá idir lámha agam den chéad uair. Ní mise a phriontáil, dáiríre, ach fear an tsiopa soláthairtí oifige síos an bóthar.

Níl printéir sa teach agam le fada an lá.

Pé scéal é, den chéad uair ó thosaigh mé ag líonadh leabhar nótaí don saothar seo ag tarraingt ar sheacht mbliana ó shin, bhí rud éigin a raibh cosúlacht leabhair air i mo lámha agam. Bhí toirt ann. Agus teas! Ba léir go raibh an 320 leathanach tar éis straidhn a chur ar phrintéir bocht an tsiopa. Go deimhin bhí an carn páipéir a bhí á iompar i mo dhá lámh agam (gan fillteán nó clúdach eile timpeall air toisc go raibh an phriontáil féin sách daor) chomh te bruite sin gur thosaigh mé ag léamh, nach mór i ngan fhios dom, agus mé ag siúl abhaile. Ach a luaithe is a rith sé liom céard a bhí á dhéanamh agam, stop mé. D’iompaigh mé an carn páipéir bunoscionn agus dheifrigh abhaile.

An rud is deacra, idir babhtaí eagarthóireachta éagsúla, ná do shúile a choinneáil ón saothar a bhíonn idir lámha agat.

Ach bíonn sos riachtanach toisc go mbíonn na súile céanna tinn tuirseach tar éis babhta eagarthóireachta, an fo-chomhfhios maraithe amach, agus an stóras íomhánna in aigne an scríbhneora folamh.

Céard is féidir le scríbhneoir a dhéanamh lena chinntiú nach ngéillfidh sé don chathú breathnú ar an togra a bhíonn idir lámha aige nuair nár chóir dó? Géilleadh don saol a bheadh aige mura mbeadh sé ag scríobh lá agus oíche an freagra is fearr atá agam ar an gceist sin.

Bíonn drochnós ag scríbhneoirí dearmad a dhéanamh ar a riachtanais féin nuair a bhíonn iomlán a n-airde dírithe ar thogra éigin. Seo an t-am leis an bhfaillí sin a chur ina cheart.

Agus m’úrscéal ag fanacht orm ar bharr mo dheasc – bunoscionn – téim ag rothaíocht faoi dhó nó faoi thrí sa lá, tugaim cuairt ar chairde agus gaolta agus léim na leabhair ficsin úd nach mbíonn cead agam a léamh nuair a bhím féin i mbun pinn.

Tá pléisiúr amháin á chur ar an méar fhada agam go fóill beag: cuairt a thabhairt ar an siopa soláthairtí oifige arís d’fhonn peann dearg agus peann gorm nua a cheannacht, nó b’fhéidir ceann uaine.

A luaithe agus a bheidh siad sin ceannaithe agam iompóidh mé an carn leathanach ar mo dheasc bunoscionn arís ionas go mbeidh an taobh clóite thuas, agus tabharfaidh mé faoin gcéad bhabhta eagarthóireachta eile.

Feicfimid ansin an bhfuil teannas agus téagar ann chomh maith le toirt agus teas.

Fág freagra ar 'Ba léir go raibh mo 320 leathanach tar éis straidhn a chur ar phrintéir bocht an tsiopa…'

  • Diarmuid Ó Druachain

    “Printéir”? ? Béarla. Cuma cad tá in aon fhoclóir; Béarla.

  • Mick

    Ná fág in umar na hainnise muid – cén focal ba cheart dúinn a úsáid in ionad ‘printéir’?
    Ach taobh amuigh de sin, cad é do thuairim den alt féin? Nach bhfuil sé sin níos tábhachtaí?
    Cheap mise gur thug Alex léargas suimiúil dúinn ar an phróiseas (Béarlachas?) cruthaitheach, agus go háirithe ar na deacrachtaí ag baint le heagarthóireacht a dhéanamh ar do scríbhneoireacht féin.