Is beag tír ar domhan anois nach n-aithneofaí inti focail an dáin If I must Die. Meastar faoin tráth seo go bhfuil leaganacha den saothar deireanach a d’fhoilsigh an tOllamh, an file agus an scoláire litríochta Refaat Alareer, aistrithe go breis is 40 teanga éagsúla i gceithre hairde na cruinne.
Cothrom na míosa seo, ar an gCéadaoin an 6 Nollaig 2023, cuireadh alltacht ar phobal Gaza nuair a scaip an scéal gur fheallmharaigh arm Iosrael an fear séimh a spreag na mílte mac léinn chun pinn nó gur eascair ann glúin úrnua de scríbhneoirí óga Palaistíneacha.
Rugadh Refaat Alareer i gceantar Shujayia i gcathair Gaza ar an 23 Meán Fomhair, 1979. Ghnóthaigh sé céim BA sa Bhéarla ó Ollscoil Ioslamach Gaza sa mbliain 2001 agus céim MA ó Choláiste Ollscoile Londan sa mbliain 2007. Sa mbliain 2005 chaill sé scoláireacht a thabharfadh deis luachmhar dó bliain a chaitheamh ag staidéar sa Bhreatain, toisc gur chuir rialtas Iosrael cosc air an Phalaistín a fhágaint (laistigh de thréimhse dhá bhliain ina dhiaidh sin, diúltaíodh cead taistil as Gaza dó deich n-uaire). Sa mbliain 2017, bhronn Ollscoil Putra na Malaeisia Céim Dochtúra Ph.D. air i Litríocht an Bhéarla, bunaithe ar fhilíocht Donne. Unframing John Donne’s Transgressive Poetry in Light of Bakhtin’s Dialogic Theories ba theideal dá thráchtas. In aois a hocht mbliana fichead dó, bhronn Ollscaoil Ioslamach Gaza Ollúnacht air, saothar Shakespeare anois lárnach ina theagasc agus é ag múineadh Litríocht Dhomhanda agus an scríbhneoireacht chruthaitheach. Sa mbliain 2015 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na heagraíochta We are not Numbers a thugann guth d’ógánaigh Gaza, trí mheantóireacht agus spreagadh, a gcuid scileanna scríbhneoireachta a fhorbairt lena scéalta a insint.
Le linn agallaimh a thug sé don Electronic Intifada i nDeireadh Fomhair 2023, léirigh Refaat an imní a bhí air go marófaí é, toisc go raibh bagairtí faighte aige ó fhórsaí míleata Iosrael ar mhórán ócáidí. Bhí tocht ina ghuth nuair a dúirt sé: “Is fear léinn mé. Is é an rud is láidre atá agam sa mbaile ná Expo marker. Ach má thagann na saighdiúirí, tá mé chun an marcóir sin a chaitheamh leo – fiú más é an gníomh deireanach é a fhéadfaidh mé a dhéanamh.”
Toisc nach raibh ach 44 bliain slánaithe aige nuair a sciobadh uainn é, ní bheidh a fhios againn go deo cén tionchar a bheadh aige ar chúrsaí litríochta dá mairfeadh sé. Ag cur síos dó ar a dhlúthchara, dúirt Yousef Aljamal: “Ba é Refaat peann agus claíomh Gaza. D’fhág sé le huacht againn na síolta dóchais a phlandáil sé – dóchas dá phobal go mbeadh feabhas i ndán dóibh sa todhchaí. Ba dhuine dínn féin é Refaat, fear intleachtúil a labhair teanga na ndaoine, a thug ardán dá n-aislingí agus dá mianta. Ardóidh na mílte an lóchrann a d’iompair sé: caithfidh siad a gcuid Expo markers leis na fórsaí forghabhála mar ghníomh dúshláin.”
Ba dheacair do scata dá chuid mac léinn cur síos ceart a dhéanamh ar an bhfear a chothaigh iontu buanghrá don bhfocal scríofa. Dúirt duine acu: “Anois gur chugam a thiteann sé ómós a scríobh dó, tá mé balbh. Is deacair dom glacadh leis gur i measc mo chuimhní cinn amháin a mhairfidh sé feasta agus nach siúlfaidh sé isteach inár seomra ranga go deo arís, ag roinnt a chuid grinn agus dea-ghiúmar linn.”
Toisc é a bheith ag síormhóradh na litríochta, ba mhinic na mic léinn ag spochadh as, á rá gur dhócha go mbíodh cóip de Hamlet faoina adhairt aige istoíche, rud a bhaineadh gáire croíúil as. De bharr a umhlaíochta agus a phearsantacht réchúiseach, d’éirigh cairdeas daingean idir é féin agus mórán dá chuid scoláirí. “Bhí sé dian agus é ag bronnadh marcanna, ach bhí a fhios againn gur bhuaine tairbhe na ngrád a shaothraíomar go dícheallach uaidh.”
Sa mbliain 2014 a foilsíodh an díolaim Gaza Writes Back (ar spreagadh an teideal as an leabhar cáiliúil faoin iarchoilíneachas The Empire Writes Back). Chuir sé roimhe a chuid mac léinn óga a chumasú leis na miotais bholscaireachta faoi Phalaistínigh a bhréagnú trí mhodh na litríochta, mar gur chreid sé gur rud uilíoch, iltréimhseach í an litríocht. Sa chnuasach seo tá gearrscéalta le cúigear déag scríbhneoirí óga as Gaza (ar mná iad triúr déag acu) in eagar aige, mar aon le trí scéal uaidh féin. Daoine iad go léir a bhain le glúin a d’fhulaing go géar faoi léigear agus imshuí Iosrael, go háirithe sna blianta 2008-9. Ba chor cinniúnach dá n-ealaín é agus iad ag lorg oscailt agus modh len iad féin a chur in iúl ina dhiaidh. Tugann an leabhar seo deis dóibh cuimhní a muintire a chaomhnú agus a scéal féin a reic don saol mór gan chinsireacht, gan scagadh.
An bhliain dár gceann, bhí Alareer mar chomh-eagarthóir (le Laila El-Haddad), ar leabhar eile darb ainm Gaza Unsilenced (2015). Díolaim neamhfhicsin é, a scríobhadh mar fhreagairt liteartha ar ionsaithe Iosrael ar Gaza sa mbliain 2014, ionsaí inar maraíodh 2,400 duine. Sa chnuasach Light in Gaza: Writings Born of Fire (Eagarthóirí: Jehad Abusalim, Jennifer Bing, Mike Merryman-Lotze, 2022), tá píosa tochtmhar ó Alareer dar teideal Gaza asks: When Shall this Pass?
Chreid Refaat i gcumhacht an fhicsin. Dar leis go spreagann sé an léitheoir le díriú ar dhaonnacht an duine seachas ar a gcuid tuairimí polaitiúla. “Cuireann an ficsean feabhas orainn mar dhaonnaithe,” a dúirt sé. “Fásaimid leis, tá sé de chumhacht aige sinn a athrú ó bhonn, sinn a spreagadh chun gnímh go minic – gníomhú chun feabhais an chine dhaonna.”
Agus drogall uirthi glacadh leis an scéal go raibh Refaat Alareer caillte, dúirt an t-údar cáiliúil Susan Abulhawa nach é go bhfuair sé bás, gurb amhlaidh a d’iolraigh sé, mar, ar sí: “Is idéal é Refaat, agus ní fhaigheann idéal bás.”
Tá an leabhar If I must Die: Poetry and Prose, cnuasach iarbháis de phrós agus filíocht le Refaat Alareer in eagar ag Yousef Aljamal, foilsithe an tseachtain seo ag OR Books i Nua-Eabhrac.
Pat Butler
Iontach, a Áine! Míle buíochas.
Criostóir
Ní hé Refaat Alareer an laoch ‘séimh’ gan cháim a thugann Áine le fios. Thacaigh sé le sléacht an 7ú Deireadh Fómhair agus dúirt sé go bhféadfaí ionsaí dlisteanach a dhéanamh ar gach sibhialtach in Iosrael toisc gur ‘trodairí’ iad ar fad. Nuair a chuir Micheál Martin Tvuít amach ag cáineadh an ionsaithe Hamas ar Iosrael, scríobh Refaat ‘Mo náire thú’ (‘Shame on you’) faoin Tvuít. Féach ar a chuntas Twitter ‘Refaat in Gaza’ (tá sé fós ann) le haghaidh tuilleadh samplaí dá leithéid. Tuigim go raibh tráma ar Refaat agus gur fhulaing sé cruatan agus foréigean, ach caithfear an fhírinne a insint agus cuid dá thuairimí déisteanacha faoi na Giúdaigh a lua in alt mar seo faoina shaol. Laochadhradh atá scríofa ag Áine Uí Fhoghlú thuas.
Treasa
Alt fíor shuimiúil faoi fear cumhachtach go mbeidh a thionchar le feiscint i gcónaí. Saol álainn eile sciobtha ag Iosrael.
Áedán Dáire Ó Donghaile
“Laochadhradh atá scríofa ag Áine”, go deimhin, agus raiméis ceart críochnaithe scríofa ag Criostóir.
Aithníonn Comhdháil Geneva cearta na bPalaistíneach chun cuir in éadan forghabhála á dtíre le fórsa, ach séanann Criostóir á gcearta cuir in éadan na forghabhála le peann agus páipéar!
Seán
Maith thú a Áine, alt álainn in ómós do Laochra scríbhneoireachta, dúnmharuithe ag sceimhlitheoirí Iosraelacha.
Mór an trua gur bheartaigh Criostóir an 7ú Deireadh Fómhair 2023 a roghnú mar a shlat tomhais chun tosnú ag féachaint ar stair na Palaistíne, cá dtosnóinn a cur síos ar an méid marú, creachadh agus cinedhíothú atá déanta ag na hIosraelaigh ó 1948 ar aghaidh!
jpmorley0@gmail.com
Is daor a dhíol sé as a thuairimí a nochtadh, as cead cainte a chleachtadh, go háirithe as dánaíocht a dhéanamh ar fhórsaí na forghabhála le focail.
As anáil a tharraingt, as a bheith beo beathúch mar Phalaistíneach.
Ní áirím é a bheith mórálach as a chine agus as a chultúr féin.
Ba cheart go mbeadh a fhios aige go bhfaigheadh ‘Lebensunwertes’ mar é a bheith aige go géar agus go dóite ó na hIosraelaigh.
Rud a fuair.
Colmcille Ó Monacháin
Ní miste a lua gur aistríodh an dán ‘If I Must Die’ go Gaeilge. Tá dhá aistriú, ar a laghad, ann – ceann a rinne Colm Ó Ceallacháin agus ceann a rinne Tomaí Ó Conghaile.
Cabríní
Alt cumhachtacht faoi fear a bheith cumhacht agus tionchar aige ar smaointeoireacht an Domhain ar feadh ns blianta amach anseo de bharr a chuid scríbhneoireacht.
Críostóir, bíonn dhá insint ar gach scéal, ach nuair a thógann tú fíricí agus iad a chasadh agus iad a lúbadh chun scéal eile a insint, níl ann ach bréag. Chaith Refaat Alareer a shaol ag foghlaim, ag múineadh agus ag scríobh. Ba fear chéile agus athair é. Rugadh agus chaith sé a shaol in áit a bhí a chearta daonna agus cearta a phobal curtha faoi chos ag Stáit Iosrael gach aon lá. Ba aisteach an rud é nach mbeadh fuath aige don Stáit a chur é faoi chos. Ba aisteach an rud é mura raibh sé ag gníomhú chun todhchaí saor ó ionsaithe agus brúidiúlacht a bheith ag a mhuintir. D”úsáid sé a pheann chun gníomhaíocht a dhéanamh agus rinne sé difir sa saol gairid a bhí aige, sula sciob Iosrael uaidh é. An naomh é? Seans nach ea. Ach ba laoch é, agus a scéal inste go cumasach ag Áine.
Áine Uí Fhoghlú
Le cead an eagarthóra, ba mhaith liom pointe amháin a shoiléiriú d’fhonn an fhírinne a thaifead i dtaca le dearcadh Refaat i leith na nGiúdach. Maíonn Criostóir go raibh “tuairimí déisteanacha faoi na Giúdaigh” aige, ach is a mhalairt ar fad a bhí fíor. D’aon ghnó a chuir sé saothar an fhile Ghiúdaigh Iosraelaigh Yehuda Amichai ar churaclam a chúrsa féin agus chuir i bhfáir ar a chuid mac léinn nár cheart do chlaondearcadh polaitíochta seasamh sa tslí ar dhea-litríocht riamh. Chomh maith leis sin, ba chuid lárnach dá theagasc ar shaothar Shakespeare an dráma ‘The Merchant of Venice’. Roghnaíodh sé an carachtar Shylock, an Giúdach a raibh gach éinne ag tromaíocht air agus chaitheadh sé an-chuid ama ag iarraidh ar a chuid mac léinn iad féin a shamhlú leis agus mhúsclaíodh sé bá agus trua iontu don charachtar. Tá gach rud dár fhoilsigh Refaat léite agam agus formhór a chuid agallamh cloiste agam, agus níl fianaise ar bith le fáil in aon áit go raibh “tuairimí déisteanacha faoi na Giúdaigh” aige. Go deimhin, is a mhalairt ar fad atá fíor.
Carraig
Is léir gur bollscaire de chuid Iosraeil é Críostóir. Ní thugann sé aon cheart ná leathcheart do na Palaistínigh chéasta chráite atá ag gabháil trína bpíolóidí in Gaza lá i ndiaidh lae de dheasca bhrúidiúlacht arm Iosraeil.
Claondearcadh míthrócaireach aige. Mo náire é.
Criostóir
Más fíor go bhfuil mioneolas agat ar shaol agus ar shaothar Refaat, a Áine, tá sé aisteach nár aithin tú blas an fhrithSheimíteachais ar an méid a dúirt sé ar X (Twitter), áit a raibh sé de nós ag aige Iosrael a ionannú leis an stát Naitsíoch, é ag rá go raibh ‘Hitler chomh síochánta céanna le ceannaire Iosraealach ar bith’. Aon duine a dhéanann comparáid mar sin, tuigeann sé go bhfuil sé ag cothú fuath frithGhiúdach agus ag scaipeadh mífhaisnéis mhailíseach faoin stair. Tá sé ag tabhairt le fios go bhfuil na hIosraelaigh ag iarraidh na Palaistínigh a dhíothú sa tslí chéanna agus a bhí na Naitsithe ag iarraidh na Giúdaigh a dhíothú, rud atá go hiomlán místairiúil agus bréagach – gan ach sampla amháin a lua, tá ardú mór tagtha ar an daonra Palaistíneach ó tháinig ann d’Iosrael. Bhí 1.7 milliún Palaistíneach ann in 1948 – tá 5.5 milliún ann sa Bhruach Thiar agus i stráice Gaza sa lá atá inniu ann (sin gan trácht ar dá mhilliún Arabach in Iosrael féin). Tháinig laghdú ar dhaonra Giúdach na hEorpa faoi dhá thrian san Uileloscadh (maraíodh 6 mhilliún acu). Éinne a bhfuil cur amach aige ar an stair tuigeann sé gur samhnasach an chomparáid atá ann, mar sin.
Faoi mar a luaigh mé, dúirt Refaat go raibh sé inghlactha ionsaithe sceimhlitheoireachta a dhéanamh ar shibhialtaigh Iosraelacha agus thacaigh sé le Hamas. In agallamh leis an BBC díreach tar éis an 7ú Deireadh Fómhair, dúirt sé gur ‘dlisteanach agus morálta’ an méid a rinne Hamas an lá sin nuair a rinne siad slad agus éigniú ar shibhialtaigh. Tá sé aisteach gur gá dom seo a mheabhrú do dhaoine, ach is grúpa é Hamas atá ag iarraidh na hIosraelaigh go léir a dhíothú agus ní dhéanann siad idirdhealú idir Giúdaigh agus Iosraelaigh i gcoimhlint an Mheánoirthir – tá siad ag iarraidh na Siónaigh/Giúdaigh ar fad in Iosrael a chur de dhroim an tsaoil. Bhí sceimhlitheoirí Hamas an-bhródúil as ‘Giúdaigh’ a mharú ar an 7ú Deireadh Fómhair (rud is léir ó ghlaonna gutháin a rinne na sceimhlitheoirí ar a muintir agus ó na físeáin a ghlac siad féin ar a ngníomhartha barbartha).
Maidir le staidéar a dhéanamh ar ‘Merchant of Venice’: cad is fiú do dhuine bá a chothú le Giúdaigh na Meánaoiseanna nuair a thacaíonn sé le grúpa a dhéanann slad ar Ghiúdaigh an lae inniu?
Sampla amháin eile, mura leor an méid thuas: nuair a bhí tuairiscí ann gur dódh leanaí Iosraelacha in oighinn ar an 7ú Deireadh Fómhair, d’iarr Refaat go tarcaisniúil ar Twitter an ndearnadh sin ‘le púdar bácála nó ina éagmais’. An é sin an fear ‘séimh’ a bhfuil an oiread sin ómóis agat dó, a Áine, agus atá tú ag iarraidh laoch a dhéanamh de?