Deineadh Comhar na Múinteoirí Gaeilge a lánscor dhá bhliain ó shin. Zombaí-eagraíocht ba ea é faoin tráth sin. Tháinig deireadh lena ré, d’fhéadfaí a rá, sa bhliain 2013. Baineadh an maoiniú de agus fágadh ar an trá fholamh é.
Bunaíodh CNMG i 1964. Dúradh ina thaobh: “Feidhmíonnan an eagraíocht seo mar fhoinse threorach do mhúinteoirí uile na tíre atá ag múineadh Gaeilge nó ag múineadh trí Ghaeilge, ina gcuid iarrachtaí chun cur lena ngairmiúlacht féin agus chun feabhas a chur ar shiollabais agus ar fhoghlaim na Gaeilge. Chuige sin foilsítear acmhainní éagsúla teagaisc agus cuirtear seirbhísí gairmiúla ar fáil i bhfoirm seimineár agus cúrsaí.”
Chothaigh sé comhoibriú chun leas mhúineadh na Gaeilge ag an dara leibhéal.
Áis thábhachtach do mhúinteoireacht na teanga ba ea CNMG. Thug sé misneach, spreagadh agus treoir do mhúinteoirí. Bhí tionchar mór aige ar fhorbairt, ar athrú agus ar leasú an churaclaim ag an dara leibhéal. Gach bliain bhíodh cruinniú faoin scrúdpháipéar Ardteiste agus scileanna scrúduithe eagraithe ag na brainsí éagsúla ina ndeintí córas ceartúcháin na bpáipéar scrúdaithe a mheas, a thomhas agus a phlé go hoscailte.
D’fheidhmigh sé freisin mar idirghabhálaí idir múinteoirí agus an Roinn Oideachais. D’fhéadfadh múinteoirí a dtuairimí, a mísháshástacht agus a dtnútháin a nochtadh i dtaobh gnéithe den chúrsa ag cruinnithe agus iad cinnte go gcloisfeadh an Roinn ina dtaobh agus go ndéanfaí beart dá réir, b’fhéidir.
Sna blianta deireanacha faoi uachtarántacht Mhichíl Uí Mháirtín agus stiúrthóireacht Anna Davitt bhí an-dul chun cinn déanta ag an eagraíocht ó thaobh na nuatheicneolaíochta agus na modhanna nua múinteoireachta teanga de.
Bhí thart ar dhosaen brainse den eagraíocht ag gníomhú ar fud na tíre. B’iad Comhar Chorcaí, Comhar Bhaile Átha Cliath/Chill Mhantáin, Comhar na Gaillimhe/Mhaigh Eo, Comhar Lú, Comhar Laoise, Comhar Chill Dara agus Comhar Thír Chonaill na brainsí ba ghníomhaí. Rug Comhar Chorcaí an chraobh leis, dar liom, as an méid oibre a dhein sé faoi chathaoirleacht Dhónaill Uí Mhurchú agus rúnaíocht Mary Fleming.
Is cuimhin liom go mbíodh Óstán an Vienna Woods plódaithe ag na cruinnithe ar bhonn rialta agus bhíodh fadhb ag Dónall agus Mary ionad a bhí mór a dhóthain a aimsiú i gCathair Chorcaí do Lá na nDaltaí ag deireadh an chéid seo caite agus ag tús an chéid seo. Is cuimhin liom féin suas le 600 dalta a bheith in Óstán an River Lee ar ócáid amháin.
B’iontach an t-ábhar misnigh agus an spreagadh a thug Lá na nDaltaí dóibh siúd a bhí ag ullmhú don Ardteist. Bhailíodh daltaí ó chian is ó chóngar ar an lá seo agus níl insint scéil ar an uchtach a tugtaí dóibh agus iad ag fáil comhairle, treorach agus nótaí den scoth ó mhúinteoirí éirimiúla, spreagúla, oilte.
Chaith mé féin roinnt mhaith blianta ag feidhmiú ar son na heagraíochta. Liosta le háireamh iad na daoine iontacha ar chas mé orthu agus iad ag saothrú go deonach ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn agus a neartú sa chóras oideachais. Cara sa chúirt in am an lagmhisnigh agus an ghátair ba ea CNMG don mhúinteoir agus don dalta araon. Agus níorbh é gur chosain sé an t-uafás airgid chun é a chothabháil ach an oiread.
Mór an trua ná bhfuil sé ann a thuilleadh. Ba iad na scoileanna ‘Béarla’ ba mhó a bhain leas as an eagraíocht áirithe seo, dar liom. Is ag dul i laghad atá na línte tacaíochta don teanga le gach bliain a ghabhann thart agus, ar bhealach, ba é Comhar na Múinteoirí Gaeilge an líne thacaíochta dheiridh a bhí fágtha.
Is boichte go mór an Ghaeilge sa chóras oideachais dá uireasa.
Fág freagra ar 'Ba é Comhar na Múinteoirí Gaeilge an líne thacaíochta dheiridh a bhí fágtha ag an teanga sa chóras oideachais…'