Ba chóir d’oibrithe poiblí droim láimhe a thabhairt le tairiscint mhaslach an rialtais

Is féidir an t-ualach a chur ar na daoine is boichte sa tsochaí seo nó is féidir cáin bhreise a lorg ó na daoine is saibhre

Ba chóir d’oibrithe poiblí droim láimhe a thabhairt le tairiscint mhaslach an rialtais

Níl aon chríoch, is cosúil, leis an ardú ar phraghsanna.  Tá Electric Ireland anois ag fógairt go bhfuil ardú 26.7% ar phraghas an leictreachais agus ardú 37.5% ar phraghas an gháis. Cuirfidh na harduithe seo míle euro in aghaidh na bliana nach mór le bille fuinnimh an ghnáth-theaghlaigh.

Agus deir na saineolaithe go bhfuil tuilleadh arduithe ag teacht, go háirithe má shocraíonn an Rúis stop a chur le gás a sholáthar don Eoraip mar fhreagra ar na smachtbhannaí.

Deir an rialtas go mbeidh pacáiste cúnaimh sa mBuiséad a chabhróidh le teaghlaigh déileáil leis an ngéarchéim seo sa gcostas maireachtála, ach níl muinín ag mórán as an ngeallúint seo.

Tháinig an fógra seo díreach ag an am céanna gur thosaigh oibrithe sa tseirbhís phoiblí ag déanamh a machnaimh faoin ardú pá atá le cur faoina mbráid.

Ach an ardú atá ann dáiríre, nó an ísliú é ar chumas na n-oibrithe airgead a chaitheamh?

I dtairiscint an rialtais, tá sé beartaithe ardú 6.5% a thabhairt thar tréimhse dhá bhliain.

Tá trí chuid i gceist san ardú: 3% don bhliain seo, ag dul siar go dtí mí Feabhra; 2% i mí an Mhárta seo chugainn; agus 1.5% i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo chugainn.

Ag dul leis sin, tá ardú 2% faoin gcomhaontú Ag Tógáil Móimintim, a bhfuil leath de faighte cheana.

Ach tá an ráta boilscithe ag 10% sa mbliain faoi láthair, agus gach seans go rachaidh sé chun donais.  Is é sin le rá, thar thréimhse dhá bhliain, go mbeadh boilsciú 20% ann. Cuir é sin i gcomparáid leis an 6.5% atá beartaithe mar ardú pá, agus ciallaíonn sé go mbeidh an gnáthoibrí in ann 14% níos lú earraí a cheannach ag deireadh na tréimhse i gcomparáid le tús na bliana seo.

Ní ardú é sin le fírinne, ach gearradh siar.

Is sa gcomhthéacs sin a bhreathnóidh oibrithe ar an gcomhaontú nua seo.

Ní bheidh aon chinneadh le déanamh go dtí i ndiaidh an Bhuiséid, nuair a bheidh a bhfuil ar intinn an rialtais a dhéanamh faoin gcostas maireachtála le feiceáil.

Céard is féidir leis an rialtas a dhéanamh?

Deir an tAire Airgeadais, Pascal Donohoe (Fine Gael) agus an tAire Caiteachais Phoiblí Michael McGrath (Fianna Fáil) go gcosnóidh an comhaontú €500 milliún in aghaidh na bliana, is nach bhfuil tuilleadh airgid ar fáil.

Ach ta níos mó faighte ag an stát cheana féin ná mar a ceapadh go mbeadh, agus nach féidir tuilleadh a lorg freisin ó na daoine is saibhre sa tír.

Ar na rudaí atá, b’fhéidir, beartaithe tá cáin speisialta ar an mbrabús as cuimse atá á dhéanamh ag na comhlachtaí breosla.

Agus tá a gcuid brabúis ag dul in airde gan smacht.

Eascraíonn ceist eile as sin.

An toradh ar na harduithe ar phraghsanna breosla ar easpa breosla amháin, nó an bhfuil leas á bhaint as scéal chogadh na hÚcráine le muid a fheannadh?

Tá foláireamh tugtha ag eagraíochtaí ar nós Cumann Uinseann de Pól go mbeidh cúrsaí níos measa i mbliana ná in aon bhliain ón ngéarchéim in 2011.

Sea, tá dhá rogha ann: is féidir an t-ualach a chur ar na daoine is boichte sa tsochaí seo, pinsinéirí, daoine gan jabanna is daoine gan dídean, nó is féidir cáin bhreise a lorg ó na daoine is saibhre, trí, mar shampla, cáin ar shaibhreas.

Tá a fhios againn, ámh, go bhfuil Fine Gael ag iarraidh luach polaitiúil a bhaint as a leithéid de cháin a dhiúltú is go mbeidh siad ag iarraidh feachtas toghcháin a bhunú ar an seasamh sin.

Agus tá sé soiléir go bhfuil Fine Gael agus Fianna Fáil ar aon phort i dtaobh na heacnamaíochta faoi láthair, agus is ar éigean go ndéanfadh ceannaire úr aon difir.  Ar aon chuma ní bheidh ceannaire úr ann aimsir an Bhuiséid.

Le cabhrú leis an rialtas maidir leis an gcomhaontú pá tá iarracht ar siúl idirdhealú a dhéanamh, nó scoilt más fearr leat, idir oibrithe poiblí agus oibrithe san earnáil phríobháideach.  Sean-chleas is ea e sin, ach is port é atá á sheinm go forleathan anois sna meáin.

Is í fírinne an scéil ná seo. Dá bhfaigheadh oibrithe poiblí ardú ceart bheadh sé sin mar eiseamláir do na hoibrithe eile, agus a mhalairt.

Ceapaim gur chóir do na hoibrithe poiblí droim láimhe a thabhairt leis an tairiscint mhaslach seo ón rialtas. Déanta na fírinne is ísliú ioncaim 14% atá i gceist, agus ní chreidim go ndéanfaidh pacáiste cúnaimh an rialtais sa Bhuiséad mórán difir don ghéarchéim atá i ndán dúinne nach bhfuil maoin shubstaintiúil againn.

Fág freagra ar 'Ba chóir d’oibrithe poiblí droim láimhe a thabhairt le tairiscint mhaslach an rialtais'

  • Tony

    Sa Bhreatain tá ceannaire nua ceaptha acu Tá an Príomh-Aire Truss ag beartú ciorruithe cánach do dhaoine saibhre. Seans ar bith bheadh ​​cathú ort ar ais go dtí an Bhreatain anois