Ba chóir do dhaoine a bhfuil ‘an t-ádh orthu Gaeilge a bheith acu’ tacú le foghlaimeoirí Bhliain na Gaeilge – McHugh

Thug an Rialtas a mbeannacht inniu do Bhliain na Gaeilge 2018 agus fógraíodh go mbeadh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ina phátrún ar an ‘gceiliúradh bliana’

Ba chóir do dhaoine a bhfuil ‘an t-ádh orthu Gaeilge a bheith acu’ tacú le foghlaimeoirí Bhliain na Gaeilge – McHugh

D’fhógair Aire Stáit na Gaeilge agus na Gaeltachta Joe McHugh inniu go bhfuil Bliain Na Gaeilge 2018 “faofa” ag an Rialtas.

Dúirt an tAire Stáit McHugh go mbeadh gach roinn rialtais agus Aire páirteach sa cheiliúradh ar mhaithe le “húsáid” na Gaeilge “a leathnú amach le linn na bliana” agus dúirt sé go raibh sé tábhachtach go dtacódh cainteoirí líofa Gaeilge leo siúd go mbuailfeadh an fonn iad an teanga a fhoghlaim an bhliain seo chugainn.

“Tá ríméad orm a chur in iúl gur thug an Rialtas lántacaíocht do chur chuige tras-Rialtais inniu do Bhliain na Gaeilge 2018, bliain speisialta chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár dteanga náisiúnta.  Is féidir liom a dheimhniú nach mbeidh Bliain na Gaeilge ag díriú ar chainteoirí líofa amháin.  Beidh fáilte roimh chách – foghlaimeoirí, daoine ar bheagán Gaeilge, daoine in Éirinn agus daoine thar lear.

“Tá sé tábhachtach mar sin go dtabharfaidh siad siúd a bhfuil an t-ádh orthu a bheith líofa nó a bhfuil an-chuid Gaeilge acu tacaíocht agus spreagadh dóibh siúd nach bhfuil an teanga ar a dtoil acu nó atá imithe as cleachtadh de bharr easpa deiseanna.”

D’fhógair an tAire Stáit McHugh fresin go mbeadh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn mar phátrún “ar an mbliain speisialta seo don Ghaeilge”, a bheidh á seoladh ag an Taoiseach, Leo Varadkar, ag Tithe an Rialtais Dé Céadaoin seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ba chóir do dhaoine a bhfuil ‘an t-ádh orthu Gaeilge a bheith acu’ tacú le foghlaimeoirí Bhliain na Gaeilge – McHugh'

  • Áine Uí Ghiollagáin

    An faoi foghlaimeoirí amháin bliain na Gaeilge? Is foghlaimeoir mé féin ach is gá adhaigh a thabairt ar an éigeandáil teanga i measc na n-og sa nGaeltacht seachas é a sheachaint.

  • Victor

    Ach cé a thabharfaidh tacaíocht dóibh siúd a bhfuil Gaeilge líofa acu cheana féin? Béim ar an bhfoghlaimeoir i gcónaí. “Ba chóir”! Ba chóir dósan gan a bheith ag rá le daoine nach cuid díobh é céard ba chóir dóibh a dhéanamh. Agus cé atá ag cur bac leis tuilleadh deiseanna a chruthú dóibh siúd atá “as cleachtadh”?

  • Éamonn Ó Floinn

    Níl ach míle cainteoir dúchais i mbunscoileanna ach tá siad ag cur amú níos mó airgid ar rud nach gcabhróidh leis an nGaeilge ar fud ar bith. Nach raibh ceann againn cheana féin? Agus cad a dhearna sé? Tada, seachas laghdú eile ar chainteoirí laethúla. Cinnte, is maith é go bhfuil daoine gan líofa ag úsáid a gcúpla focal ach is cuma sin nuair atá an Ghaeltacht i mbaol chomh mór sin. Ní mhairfidh sí gan phobail mhóra láidre.

  • Dee

    Ní ceist airgid í. Caitheadh an méid céanna ar oifigí Fhoras na Gaeilge a bhogadh le déanaí. Ceist tola atá Anseo. Tá aird agus cluasa an Rialtais againn anseo agus feictear dom go mbeidh deis iontach i rith Bhliain na Gaeilge chun ceist na Gaeltachta agus bánú na Gaeltachta a ardú agus a bhrú chun cinn. Ná cuirimis amú í ag lochtú a chéile.

  • Ruairí

    Leanaigí scéalta an mhaoinithe. Cén fáth gurb iad na ceantracha Gaeltachta is láidre na ceantracha is mó atá faoi míbhuntáiste? Tá na postanna á cur ar fáil ag an Údarás sna Gaeltachtaí laga. Tá na milliúin á chaitheamh ar Thionscal na Gaeilge i mBAC. Pólannais an dara teanga i mBAC agus Sínis an tríú teanga in ainneoin 125 bhliain de Thionscal na Gaeilge i mBAC.
    Ní mairfidh an Ghaeilge gan phobal Gaeltachta a labhranns í go nádúrtha sna tithe, sna siopaí, sna tithe táirne, ag an gclub peile srl. Ní mór fostaíocht, tithíocht agus sprid a chur ar ais ins na ceantracha Gaeltachta is láidre go háirid nuair is iad is mó atá faoi míbhuntáiste. Tá Bliain Bhréagach na Gaeilge ag bagairt orainn sa nGaeltacht. Chuir Cónradh na Gaeilge ar fáil muid chun go mbeidh orainn do bheith éisteacht chuile lá le bladar maslach, le cur i gcéill agus le béal bán ó Josepha McHugh faoi “Irish belongs to us all” ar feadh na bliana.