‘Ba chóir do choistí pleanála teanga na Gaeltachta ar fad teacht le chéile agus seasamh a thógáil’ – Mac Con Iomaire

Dar le duine de na daoine a d’ullmhaigh plean teanga na Ceathrún Rua, Tomás Mac Con Iomaire, go bhfuil sé in am ag lucht pleanála teanga sa Ghaeltacht ‘seasamh a thógáil’ agus deir Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne gur ‘leathphleananna’ a bheidh mar thoradh ar an gcóras cheal maoinithe

‘Ba chóir do choistí pleanála teanga na Gaeltachta ar fad teacht le chéile agus seasamh a thógáil’ – Mac Con Iomaire

Ba cheart do na coistí uilig a bhí ag plé leis an bpleanáil teanga ar fud na Gaeltachta “teacht le chéile agus seasamh a thógáil” faoina “laghad maoinithe” atá le cur ar fáil do chur i bhfeidhm na bpleananna teanga sna limistéir éagsúla pleanála teanga, dar le duine de na daoine a d’ullmhaigh plean teanga na Ceathrún Rua, Tomás Mac Con Iomaire.

Dúirt Mac Con Iomaire, iarcheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, le Tuairisc.ie nach bhfuil an t-airgead atá á lua le cur i bhfeidhm na bpleananna teanga “dóthanach ar chor ar bith” leis an bplean a réitíodh don Cheathrú Rua a chur i bhfeidhm.

Thug Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige i gConamara le fios an tseachtain seo caite nach bhféadfaí an plean teanga a d’ullmhaigh siad a chur i bhfeidhm gan maoiniú agus acmhainní breise agus dúirt an tOllamh Dónall Ó Baoill, a d’oibrigh ar an bplean teanga do Ghaoth Dobhair agus Íochtar na Rosann, go dteipfeadh ar na pleananna teanga cheal maoinithe agus ceannaireachta.

Thug urlabhraí ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne le fios do Tuairisc.ie aréir nár leor an maoiniú €100,000, atá á chur ar fáil do gach plean teanga, chun plean an cheantair sin a chur i bhfeidhm agus go dteastódh ar a laghad dhá oiread an méid sin chun go mbainfí a spriocanna amach.

Dúirt an t-urlabhraí gur léir gur “blanket budget” atá ag an Roinn “agus gan aon aird acu ar riachtanais na gceantar, nó líon na ndaoine atá ina gcónaí iontu nó láidreacht na teangan sna ceantair sin”.

Dúirt urlabhraí Chomharchumann Chorca Dhuibhne nach mbeidh sna pleananna a chuirfear i bhfeidhm ach “leathphleananna” mura gcuirfí an maoiniú cuí ar fáil.

“Caithfear na pleananna féin a chiorrú siar. Lorgaíodh méid áirithe airgid agus lorgaíodh go bhfostófaí líon áirithe daoine. Is dócha go gcaithfí gach rud atá luaite sa phlean a dhéanamh ach ní bheadh agat ansan ach leathphlean agus leathjab déanta,” a dúirt sé.

Beidh cruinniú anocht ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne chun ceist na pleanála teanga a phlé.

Idir an dá linn, tá molta ag Tomás Mac Con Iomaire go dtiocfadh na grúpaí ar fad atá ag plé leis an bpleanáil teanga le chéile neamhspleách ar an státchóras chun “seasamh a thógáil”.

“Is dóigh liom go bhfuil sé in am ag na grúpaí ar fad teacht le chéile, neamhspleách ar an Státchóras agus plean a chur chun cinn. Nuair a thosaigh an próiseas seo dhá nó trí bliana ó shin, bhí daoine ag teacht agus ag obair as lámha a chéile. B’fhiú dóibh ar fad teacht le chéile arís, plé a dhéanamh agus seasamh a thógáil. Tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na coistí le chéile neamhspleách ar an Roinn agus an tÚdarás,” a dúirt Mac Con Iomaire.

Níl plean teanga na Ceathrún Rua faofa ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh, go fóill. Seoladh trí phlean teanga an tseachtain seo caite I nGaoth Dobhair – plean Chois Fharraige, plean Ghaoth Dobhair agus plean Chloch Chionnaola.

Dúirt ionadaithe ó choistí Ghaoth Dobhair agus  Íochtar na Rosann agus Chois Fharraige go bhfuil amhras orthu go bhféadfaí na pleananna a chur i bhfeidhm agus gan ach €100,000 ar fáil chuige sin.

Chuir Údarás na Gaeltachta “fáilte mhór” an tseachtain seo caite roimh sheoladh na gcéad phleananna teanga faoin bpróiseas pleanála teanga a tugadh isteach faoi Acht na Gaeltachta 2012. I ráiteas a d’eisigh an eagraíocht, dúradh gur “céim shuntasach eile í seo atá á tógáil sa bpróiseas pleanála teanga”.

Dúirt Cathaoirleach Bhord an Údaráis Anna Ní Ghallachair gur leor an maoiniú €100,000 chun tús láidir a chur le cur i bhfeidhm na bpleananna teanga.

Fág freagra ar '‘Ba chóir do choistí pleanála teanga na Gaeltachta ar fad teacht le chéile agus seasamh a thógáil’ – Mac Con Iomaire'

  • Hiy

    Ni neart go cur le cheile!

  • Mánus

    Is léir go bhfeiceann na pobail ar an talamh go bhfuil an Státchóras agus rialtas FFFG i mbun cur i gcéill arís. Is athbheochaint teanga atá i gceist i measc an óige sa cuid is mó den “Ghaeltacht Oifigiúil” agus theastódh foireann mór lánaimseartha le socheolaithe, teangeolaithe, oideachasóirí srl. dá mbeadh an Státchóras agus rialtas FFFG dáiríre faoin Ghaeilge a shlánú mar theanga phobail.
    Obair dheonach faoi stiúr Státchórais bhréagach atá sa Phleanáil Teanga.