Ba chóir d’Fhoras na Gaeilge díriú níos mó ar chur chun cinn na Gaeilge seachas bainistiú deontas – tuarascáil

Deirtear i dtuarascáil Baker Tilly gur gá ‘athnuachan’ a dhéanamh ar an bhForas agus gur cosúil é le ‘heagrais bheaga’ éagsúla a bheadh faoin aon díon

Ba chóir d’Fhoras na Gaeilge díriú níos mó ar chur chun cinn na Gaeilge seachas bainistiú deontas – tuarascáil

Deirtear i dtuarascáil nua faoi Fhoras na Gaeilge gur chóir don eagraíocht trasteorann díriú níos mó ar chur chun cinn na Gaeilge seachas a bheith róghafa le bainistiú agus dáileadh deontas.

Deirtear sa tuarascáil gur gá “athnuachan” a dhéanamh ar an bhForas agus gur cosúil é le “heagrais bheaga” éagsúla a bheadh faoin aon díon.

De réir tuairisc ar Nuacht TG4 anocht, moltar sa tuarascáil a rinne na comhairleoirí Baker Tilly don Fhoras, athruithe radacacha struchtúracha a dhéanamh ar an eagraíocht.

Ar na hathruithe sin bhunófaí oifig an Phríomhfheidhmeannaigh san eagraíocht le ceannas a ghlacadh ar ghnóthaí polasaí.

Deirtear sa tuarascáil  go bhfuil deacrachtaí ag Foras na Gaeilge maidir leis an easpa úsáide a bhaintear as acmhainní áirithe agus an ró-úsáid a bhaintear as acmhainní eile. Maítear chomh maith go mbíonn doiléire ann maidir le róil bhaill foirne agus le ról an Fhorais féin agus go mbíonn an iomarca freagrachtaí ar bhaill foirne áirithe.

Moltar tiomantas agus obair na foirne agus na bainistíochta sa tuarascáil ach maítear go bhfuil fís straitéiseach an Fhorais lag. Moltar daoine san eagraíocht as a bheith sásta obair laistigh de “struchtúr lochtach”.

Deirtear go bhfuil laigí eile ann i dtaca le cúrsaí cumarsáide agus go mbíonn “easpa aontachta” i gceist le cur chuige na heagraíochta. Deirtear sa tuarascáil gur cosúil an Foras sa mhéid sin le scata “eagras beag”.

Thuairiscigh Nuacht TG4 tráthnóna gur cuireadh in iúl d’fhoireann Fhoras na Gaeilge mí an Mhárta go raibh cúraimí cumarsáide, margaíochta, agus feasachta na heagraíochta aistrithe ón rannóg seirbhísí forbartha chuig an rannóg seirbhísí corparáideacha.

Cuireadh in iúl don fhoireann gurb é seo an chéad chéim maidir lena chinntiú go bhfuil struchtúr an Fhorais oiriúnach do na haidhmeanna atá aige.

Tuairiscítear go bhfuil míshásamh i measc bhaill foirne na heagraíochta faoin athstruchtúrú seo a bheith déanta gan dul i gcomhairle le lucht na gceardchumann.

Gheall Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach an Fhorais, don fhoireann níos túisce an mhí seo go bpléifí  aon athruithe eagraíochtúla eile leis na ceardchumainn agus leis an bhfoireann sula ndéanfaí aon athruithe eile dá leithéid.

Fág freagra ar 'Ba chóir d’Fhoras na Gaeilge díriú níos mó ar chur chun cinn na Gaeilge seachas bainistiú deontas – tuarascáil'

  • Dónall

    Scannallach cad atá ag titim amach i saol na Gaeilge…..cad atá ar siúl ag na hEagrais atá ag fáil a gcuid maoiniú ón bhForas? Is fiú sin a fhiosrú!!