Ba chóir aitheantas stáit a thabhairt do chrógacht agus d’ uaisleacht Maurice McCabe

Bhí sé d’ádh ar na Gardaí, ar an stát agus ar mhuintir na hÉireann go raibh laoch sa bhfórsa nuair a bhí laoch de dhíth go géar

Ba chóir aitheantas stáit a thabhairt do chrógacht agus d’ uaisleacht Maurice McCabe

Ní féidir an bonn a fhaigheann Gardaí cróga a bhronnadh ar an Sáirsint Maurice McCabe, cé gur léir don saol a chrógacht. 

Is le síntiús $1,000, a bhronn Walter Scott, coimisinéir onórach ar phóilíní Nua-Eabhrac, ar na Gardaí i 1923 a cuireadh tús leis an scéim faoina mbronntar boinn óir, airgid agus chré-umha ar Ghardaí a léiríonn crógacht agus iad ar dualgas. 

Ghnóthaigh 89 Garda bonn óir go dtí seo, cuid acu tar éis a ndúnmharaithe agus iad ar dualgas. Is é Adrian Donohoe an Garda deireanach ar bronnadh bonn óir ar a mhuintir tar éis do robálaithe é a dhúnmharú i gcontae Lú in 2016.

Ní foláir coinníollacha éagsúla a shásamh chun Bonn Scott a thuilleamh. Ní leor gníomh, dá chróga é, chun bonn a thuilleamh mura raibh an Garda a rinne é i ngarchontúirt bháis, agus lántuiscint aige/aici ar an gcontúirt.

Is léir mar sin, faraor, nach bhfuil Maurice McCabe cáilithe chun bonn Scott a fháil de réir na dtéarmaí a leag Walter Scott amach agus an scéim á cur ar bun. Tá aitheantas agus buíochas an Gharda Síochána agus an stáit tuillte go hard aige, ach níl gradam ar fáil lena chur in iúl go hoifigiúil.

D’éirigh Maurice McCabe as a phost ag meán oíche aréir tar éis dó tríocha bliain a chaitheamh sa bhfórsa. Chuaigh an coimisinéir cúnta Fintan Fanning chun cainte leis ina theach cónaithe i gcontae an Chabháin ag an deireadh seachtaine. Ní fios cad a dúirt siad lena chéile ach níor athraigh an sáirsint a intinn. Tá deireadh lena shaothar mar Gharda.

Rinne an Breitheamh Peter Charleton cur síos géar ar chaighdeán iompair agus seirbhíse na nGardaí le gairid, mar a rinne an Breitheamh Frederick Morris deich mbliana roimhe. Tar éis dó líomhaintí in aghaidh Ghardaí Dhún na nGall a fhiosrú, dúirt Morris go raibh caighdeán na smachta sna Gardaí chomh híseal go raibh sé dosheachanta go dtarlódh tubaiste uair éigin.

Tháinig an tuar faoin tairngreacht  sa tréimhse sin sna heachtraí a d’fhiosraigh an Breitheamh Charleton.

Seachas dúnmharú a chur i leith Garda go mailíseach, is deacair ionsaí níos náirí ar a chlú a shamhlú ná mí-úsáid ar pháiste a chur ina leith.

Tá Maurice McCabe, a bhean chéile Lorraine, agus a gclann le chéile fós ainneoin an fheachtais nimhiúil ina choinne a d’ordaigh an t-iarChoimisinéir Martin Callinan. Tá an scéal scanrúil inste ó thús go deireadh i dtuairisc Charleton.

Mhol an tAire Dlí agus Athchóirithe Dlí Charlie Flanagan díograis, dúthracht agus crógacht an iarsháirsint inné. Tá eiseamláir thábhachtach fágtha mar oidhreacht aige agus an Garda Síochána á atheagrú, dar leis an Aire.

Dúirt Charlie Flanagan freisin go rachadh sé chun cainte le Maurice McCabe go luath chun buíochas an Rialtais a chur in iúl dó. Bhí sé gnóthach, a dúirt sé nuair a fiafraíodh de cén fáth nár casadh ar a chéile iad ó foilsíodh tuairisc Charleton ar an 11 Deireadh Fómhair, breis agus trí seachtaine ó shin.

Tá gach moladh a chuala sé ó d’fhógair sé go raibh deireadh lena ré mar Gharda tuillte ag Maurice McCabe. Bhí sé d’ádh ar na Gardaí, ar an stát agus ar mhuintir na hÉireann go raibh laoch sa bhfórsa nuair a bhí laoch de dhíth go géar.

Ba chóir aitheantas stáit a thabhairt dá chrógacht, dá uaisleacht agus dá dhionghbháilteacht. Mar chomhartha buíochais, agus mar chomhartha go dteastaíonn fíor-ardú caighdeáin sna Gardaí. 

Is leor smaoineamh ar an dochar a dhéanfaí murach a ndearna Maurice McCabe, agus murach ar fhulaing sé.

Fág freagra ar 'Ba chóir aitheantas stáit a thabhairt do chrógacht agus d’ uaisleacht Maurice McCabe'

  • Máiread

    Maith thú Cathal.