‘Ba cheart do Stormont stop a chur le ciorruithe ar chúrsaí Gaeilge in Ollscoil Uladh’ – Gael Linn

‘Tubaiste’ a bheadh ann gearradh siar ar sholáthar Gaeilge in Ollscoil Uladh, dar le Foras na Gaeilge

Réamonn Ó Ciaráin
Réamonn Ó Ciaráin

Tá achainí déanta ag Bainisteoir Réigiúnach Ghael Linn i gCúige Uladh, Réamonn Ó Ciaráin, ar bhaill chomhthionól an tuaiscirt gníomhú láithreach le stop a chur le ciorruithe atá beartaithe deireadh a chur leis an gcúrsa céime lánaimseartha sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh.

Fágann cinneadh seo na hOllscoile, a tháinig chun solais ar dtús ar Tuairisc.ie agus a bhfuil sé i gceist é a fhógairt go hoifigiúil níos deireanaí an tseachtain seo, go scaoilfear le ceathrar d’fhoireann na hinstitúide atá lonnaithe i mBéal Feiste agus i nDoire. Iomarcaíocht dheonach a bheidh i gceist.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Réamonn Ó Ciaráin nár “lorgaíodh tuairimí an phobail faoin athrú polasaí seo” agus mhol sé go n-iarrfaí “ar bhaill Tionóil agus ar dhaoine ar spéis leo ár dteanga náisiúnta agus canúint Chúige Uladh an beart seo a cheistiú”.

Dúirt Ó Ciaráin gur buaileadh ar mholadh den sórt seo cheana agus gur féidir é seo a chur ina cheart chomh maith “ach an toil a bheith ag na húdaráis chuí”.

Dúirt sé freisin go bhfuil “dul chun cinn nach beag déanta ag Roinn na Gaeilge, Ollscoil Uladh ar champas Bhéal Feirste agus meas idirnáisiúnta, dá réir, ar fhoireann na roinne sin. Meallann Ollscoil Uladh, Béal Feirste, mic léinn go leor agus is cóir go mbeadh de rogha acu cúrsa céime sa Ghaeilge a leanstan ar champus Bhéal Feirste na hOllscoile”, ar seisean.

Creideann sé go bhfuil cúis ar leith ann go mbeadh an Ghaeilge mar rogha céime “ó tharla gurb í teanga dhúchais na tíre í” agus go mbeadh a leithéid de rogha “ag teacht le deiseanna comhionannais teanga i gComhaontú Aoine an Chéasta agus le Cairt Chomhairle na hEorpa do Theangacha Réigiúnda agus Mionlaigh”.

Ní mó ná sásta atá an eagraíocht uile-oileánda, Foras na Gaeilge, faoin scéal ach oiread.

“Más fíor go mbeidh na ciorruithe seo á gcur i bhfeidhm, tiocfaidh laghdú tubaisteach ar sholáthar na Gaeilge do mhic léinn lánaimseartha”, a dúirt an Foras i ráiteas a d’eisigh siad do Tuairisc.ie.

“Is mór an trua go mbeidh poist á gcailliúint i réimse na Gaeilge agus go mbeidh deiseanna ceilte ar dhaoine óga amach anseo”, a dúirt siad.

Fág freagra ar '‘Ba cheart do Stormont stop a chur le ciorruithe ar chúrsaí Gaeilge in Ollscoil Uladh’ – Gael Linn'