Ba chóir fostaithe a oibríonn trí Ghaeilge a íoc ag an ráta céanna le fostaithe an Bhéarla – tuarascáil

Deir RTÉ go ndéanfar ‘breithniú cuí’ ar na moltaí sa tuarascáil seo sna laethanta amach romhainn

Ba chóir fostaithe a oibríonn trí Ghaeilge a íoc ag an ráta céanna le fostaithe an Bhéarla – tuarascáil

Tá ráite ag Coiste Oireachtais gur chóir do RTÉ tabhairt faoin mbearna pá atá idir craoltóirí na Gaeilge agus an Bhéarla san eagraíocht. Dúradh go gcaithfí a chinntiú go bhfuil cothromaíocht ann ó thaobh cúrsaí tuarastail, is cuma cé acu i mBéarla nó i nGaeilge a bhíonn duine ag obair.

I dtuarascáil nua de chuid Choiste um Chuntais Phoiblí na Dála (PAC) a foilsíodh an tseachtain seo, léirítear imní faoin mbearna pá atá idir na fir agus na mná sa stáisiún agus an bhearna idir craoltóirí na Gaeilge agus an Bhéarla.

Tá an neamhréir idir an pá a fhaigheann iriseoirí i Raidió na Gaeltachta agus iriseoirí RTÉ agus Nuacht TG4 ina cnámh spairne le fada.

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ, ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh ag léiritheoir i RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.

Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire RnaG, grád nach ann dó aon áit eile in eagraíocht RTÉ.

Cé go bhfuil RTÉ tar éis tabhairt faoi athbhreithniú níos leithne maidir le cúrsaí pá san eagraíocht, léirigh an coiste imní nach dtagraíonn an t-athbhreithniú do cheist na gcraoltóirí Gaeilge agus go bhféadfadh moill a bheith ar réiteach na faidhbe dá bharr.

Dúirt RTÉ go dtabharfadh siad “breithniú cuí ar na torthaí seo sna laethanta amach romhainn”.

Rinneadh cáineadh i dTeach Laighean mí Dheireadh Fómhair seo caite ar an neamhréir a deirtear atá idir pá fhoireann Raidió na Gaeltachta agus foireann RTÉ.

Nuair a ceistíodh í maidir leis an neamhréir pá, dúirt ceannasaí RTÉ, Dee Forbes, go raibh tús le cur le hathbhreithniú ar chúrsaí pá in RTÉ go luath agus go mbeadh athbhreithniú ar an ngrád ‘Clár-Reachtaire’ i Raidió na Gaeltachta mar chuid de sin.

Dúirt Forbes gur tháinig an grád sin i bhfeidhm nuair a bunaíodh Raidió na Gaeltachta i 1972 agus go raibh súil aici go ndéanfadh an t-athbhreithniú, a mheas sí a thógfadh thart ar shé mhí, cinnte de go mbeadh grád an Chlár-Reachtaire “cothrom”.

Ag an gcruinniú sin i dTithe an Oireachtais, dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gurb amhlaidh go raibh “pionós” á chur orthu siúd atá ina gcónaí sa Ghaeltacht, bunaithe ar rud a tharla sa bhliain 1972.

Agus RTÉ ag fanacht ar thuarascáil Choimisiún um Thodhchaí na Meán, a bhfuiltear ag súil a fhoilsiú an tseachtain seo chugainn, tá a thuairim féin eisithe ag an gcoiste um chuntais phoiblí tar éis scrúdú a dhéanamh ar mhaoiniú an chraoltóra agus ar cheisteanna gaolmhara.

Deirtear sa Tuarascáil nua freisin nach bhfuil RTÉ “ag déanamh a dhóthain chun a spleáchas ar mhaoiniú Stáit a laghdú”.

“Is ábhar imní don choiste cé go bhfuil méadú tagtha ar mhaoiniú an Státchiste do RTÉ ó 2016 go 2020, nach bhfuil an craoltóir ag déanamh a dhóthain chun a spleáchas ar mhaoiniú Stáit a laghdú. Ba cheart don Roinn dul i dteagmháil le RTÉ chun iniúchadh a dhéanamh ar bhearta chun a spleáchas ar mhaoiniú Státchiste a laghdú agus tuarascáil a sholáthar do PAC faoi mhí na Samhna 2022 ag léiriú an dul chun cinn atá déanta ar an ábhar.”

Fág freagra ar 'Ba chóir fostaithe a oibríonn trí Ghaeilge a íoc ag an ráta céanna le fostaithe an Bhéarla – tuarascáil'