‘Pionós’ á chur ar chraoltóirí Gaeltachta bunaithe ‘ar rud a tharla i 1972’

Rinneadh cáineadh i dTeach Laighean tráthnóna ar an neamhréir a deirtear atá idir pá fhoireann Raidió na Gaeltachta agus foireann RTÉ

‘Pionós’ á chur ar chraoltóirí Gaeltachta bunaithe ‘ar rud a tharla i 1972’

Tá cáineadh déanta i dTithe an Oireachtais tráthnóna ar an neamhréir a deirtear atá idir an pá a fhaigheann iriseoirí i Raidió na Gaeltachta agus iriseoirí RTÉ. 

Agus é ag labhairt ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais ag a raibh ceannasaí RTÉ, Dee Forbes i láthair, dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go raibh “éagothroime” ann maidir le pá daoine a bhí fostaithe ag Raidió na Gaeltachta. 

Nuair a ceistíodh í maidir leis an neamhréir pá, dúirt Forbes go raibh tús le cur le hathbhreithniú ar chúrsaí pá in RTÉ go luath agus go mbeadh athbhreithniú ar an ngrád ‘Clár-Reachtaire’ i Raidió na Gaeltachta mar chuid de sin. 

Dúirt Forbes gur tháinig an grád sin i bhfeidhm nuair a bunaíodh Raidió na Gaeltachta i 1972 agus go raibh súil aici go ndéanfadh an t-athbhreithniú, a thógfaidh thart ar sé mhí dar léi, cinnte de go mbeadh grád an Chlár-Reachtaire “cothrom”. 

Mheas an Teachta Dála Ó Cuív nach raibh sé ceart nach raibh athbhreithniú déanta ar an ngrád áirithe sin roimhe seo. 

“Dá gcuirfinn ceist ort faoi dhifríochtaí pá bunaithe ar ghnéas, an ndéarfá, ‘Bhuel, tá sé ann ó ’72 agus sin an saol a bhí ann?’” a d’fhiafraigh Ó Cuív d’Ard-Stiúrthóir RTÉ. “Nó an ndéarfá, ‘Tá sé sin éagothrom uile. Caithfear é a chur ina cheart anois’.” 

Dúirt Ó Cuív gurb amhlaidh go raibh “pionós” á chur orthu siúd atá ina gcónaí sa Ghaeltacht bunaithe ar rud a tharla sa bhliain 1972. 

An Teachta Dála Éamon Ó Cuív

Dúirt Ceannasaí Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha, go raibh gá leis an ngrád nua nuair a bunaíodh RnaG mar gur theastaigh daoine a bhí “ildánach” agus go bhfuil “obair aisteach” á déanamh ag Clár-Reachtairí. 

Dúirt sé go ndeachaigh grád an Chlár-Reachtaire chomh fada leis an mBinse Caidrimh Thionsclaíoch in 2002, go ndearnadh staidéar air agus gur leagadh síos na figiúirí a bheadh ag baint leis an ngrád. 

Dúirt Mac Donncha go raibh an t-athbhreithniú nua ag teastáil agus go gcaithfí breathnú arís ar an ngrád agus ar ghráid eile i Raidió na Gaeltachta “chun rudaí a chur ina gceart” ionas nach mbeadh idirdhealú á dhéanamh idir daoine atá ag obair do Radio One, 2FM nó Raidió na Gaeltachta. 

Ag an gcruinniú i dTeach Laighean tráthnóna, d’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Shinn Féín Pa Daly an mbeadh Raidió na Gaeltachta níos fearr as dá mbeadh siad ag feidhmiú neamhspleách ó RTÉ. 

Dúirt Dee Forbes go raibh súil aici go raibh leas á bhaint ag Raidió na Gaeltachta as a bheith mar chuid de RTÉ agus d’iarr sí ar Ghearóid Mac Donncha tuilleadh a rá faoin gceist sin. 

“An buntáiste is mó atá ag baint le bheith mar chuid de RTÉ ná go bhfuil muid istigh i ngréasán i bhfad, i bhfad níos mó,” a dúirt Ceannaire Raidió na Gaeltachta. “Ciallaíonn sé go bhfuil fáil againne ar na hacmhainní a chuirtear ar fáil do RTÉ.” 

Ceannaire Raidió na Gaeltachta, Gearóid Mac Donncha

Luaigh Mac Donncha stiúideonna a bheith ar fáil, cúrsaí teicneolaíochta, rannóg dlí agus córas acmhainní daonna ar chuid de na réimsí ina bhfuil sé de bhuntáiste ag Raidió na Gaeltachta a bheith ag feidhmiú laistigh de RTÉ. 

D’admhaigh Mac Donncha go raibh “deacrachtaí” ann maidir le trealamh. 

“Tá go leor trealaimh, ní hamháin i Raidió na Gaeltachta ach in RTÉ ar fad, atá á choinneáil le chéile le sellotape. Tá infheistíocht ag teastáil sa trealamh in áiteanna go leor,” a dúirt sé. 

Dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Niamh Ní Churnáin, ag an gcruinniú nach mbeadh RTÉ in ann stáisiún raidió Gaeilge do dhaoine óga a chur ar fáil ceal acmhainní. 

 

Fág freagra ar '‘Pionós’ á chur ar chraoltóirí Gaeltachta bunaithe ‘ar rud a tharla i 1972’'

  • Eimear

    Faightear réidh le Quangos na Gaeilge & déantar an t-airgead a infheistiù sna Gaeltachtaí.

  • Brendan Keane

    Níl tada ach neamhréir & éagothroime in Éirinn faoin Ghaeilge i ngach earnáil.

  • Peadar

    Brendan, ceart agat, tá géarchéim ann anois maidir leis an bPol Oid. Gael. Teip iomlán air..é caite le chéile ag dreamanna nach fios dóibh faoi inmharthanacht mhion teanga…mo náire iad!!

  • Colm Ó Cearúil

    Beidh reachtaíocht úr de dhíth, chun iallach a chur ar RTÉ a dualgais a comhlíonadh mar an craoltóir Náisiúnta. Bainfidh seo leis an mbuiséad ón Stát chiste, achmannaí, soláthar foirne is ar eile. Faraor ghéar, tá ghá freisin le oideachais a chur ar an mbainistíocht faoi cad a ciallaíonn rannpháirtíocht i Náisiúin na hÉireann.