Tús le cur go luath le hathbhreithniú ar scálaí pá Raidió na Gaeltachta

Tá an neamhréir idir an pá a fhaigheann iriseoirí i Raidió na Gaeltachta agus iriseoirí RTÉ agus Nuacht TG4 ina cnámh spairne le fada

Tús le cur go luath le hathbhreithniú ar scálaí pá Raidió na Gaeltachta

Cuirfear tús go luath le hathbhreithniú ar scálaí pá Raidió na Gaeltachta agus RTÉ chun iarracht a dhéanamh tabhairt faoi “neamhréireanna” atá sa chóras.

Tá sé i gceist ag RTÉ athbhreithniú a dhéanamh ar na scálaí pá ar fad atá i bhfeidhm san eagraíocht agus an córas a dhéanamh níos simplí. 167 grád ar fad atá ann i láthair na huaire.

Ag cruinniú de Choiste um Chuntais Phoiblí an Oireachtais mí Aibreáin, gheall bainisteoirí sinsearacha RTÉ go ndéanfaí athbhreithniú ar an éagsúlacht idir scálaí pá i Raidió na Gaeltachta agus RTÉ.

Thug RTÉ le fios do Tuairisc go gcuirfear tús leis an athbhreithniú sin go luath mar chuid d’athbhreithniú ar na scálaí pá uile san eagraíocht.

“Mar a luadh ag an seisiún leis an gCoiste um Chuntais Phoiblí, tá 167 grád éagsúil pá i bhfeidhm in eagraíocht RTÉ. Na gráid sin, agus gráid in RTÉ Raidió na Gaeltachta san áireamh, a bheidh á scrúdú san athbhreithniú a bheidh ag tosú go gairid d’fhonn struchtúr casta a shimpliú agus nuair is féidir, féachaint ar aon aimhrialtachtaí,” a dúirt urlabhraí de chuid RTÉ.

Tá an neamhréir idir an pá a fhaigheann iriseoirí i Raidió na Gaeltachta agus iriseoirí RTÉ agus Nuacht TG4 ina cnámh spairne le fada.

Níl an leagan amach céanna ar struchtúr foirne RnaG agus atá ar struchtúr foirne RTÉ, ach maítear, mar shampla, gur chóir go mbeadh Clár-Reachtaire i RnaG ar an scála céanna pá is a bheadh ag léiritheoir i RTÉ toisc na freagrachtaí céanna a bheith orthu.

Idir €45,000-€64,000 a fhaigheann Clár-Reachtaire RnaG, grád nach ann dó aon áit eile in eagraíocht RTÉ.

In aighneacht a chuir baill Cheardchumann Náisiúnta na nIriseoirí (NUJ) i RnaG faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán níos luaithe i mbliana, dúradh gur chóir go gcuirfí foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an bpá céanna lena gcomhghleacaithe in RTÉ.

“Ó thaobh tuarastail de, níl an fhoireann sa stáisiún á híoc ar chomhchéim le hoibrithe eile ar fud RTÉ, TG4 san áireamh, mar sin tá RnaG ar an ngannchuid ar roinnt bealaí éagsúla,” a dúradh san aighneacht.

Ag an gcruinniú de chuid an Choiste um Chuntais Phoiblí níos túisce i mbliana, dúirt Imelda Munster, Teachta Dála de chuid Shinn Féin, nach bhféadfaí glacadh leis go mbeadh daoine a bhíonn ag obair trí Ghaeilge ag fáil níos lú pá ná a gcomhghleacaithe a bhíonn ag obair trí Bhéarla.

Thug bainisteoirí sinsearacha RTÉ, an tArd-Stiúrthóir Dee Forbes ina measc, le fios ag an gcruinniú nach raibh aon eolas acu faoi aon éagothroime pá idir foireann RTÉ agus foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúradh go gcuirfí tuairisc a bheadh bunaithe ar an athbhreithniú faoi bhráid an Choiste nuair a bheadh sé críochnaithe.

Fág freagra ar 'Tús le cur go luath le hathbhreithniú ar scálaí pá Raidió na Gaeltachta'