Ba cheart an fhírinne faoi ‘rí na n-éan’ a insint do chuile ghasúr inniu, Lá an Dreoilín

Ní hé ‘rí na n-éan’ a bhíonn sa gcrúsca beag ná mór, ach éinín níos lú ar fad

Ba cheart an fhírinne faoi ‘rí na n-éan’ a insint do chuile ghasúr inniu, Lá an Dreoilín

Tá nós an dreoilín Lá Fhéile Stiofáin beo in Éirinn i gcónaí cé nach bhfuil sé baol ar chomh láidir is a bhíodh.

Ní de shiúl a gcos a théann gasúir thart sa lá atá inniu ann ach i gcarranna agus duine dá gcuid tuismitheoirí ag fanacht go dtiocfaidh siad amach as na tithe. Bíonn dreoilín beo sa gcrúsca ag cuid acu ach ní bhíonn ag cuid eile ach fata agus cúpla cleite sáite ann.

Daoine fásta a théadh thart leis an dreoilín sa tseanaimsir, is cosúil. Ní mórán measa a bhí ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin orthu. Sin é an Ciarraíoch a bhí ina chónaí i gCallainn i gCo. Chill Chainnigh. Seo é an cur síos a rinne seisean ina dhialann sa naoú haois déag:

Grathain an bhaile ag imeacht ó dhoras go doras le dreoilín i gcrann cuilinn ag iarraidh airgid chum bheith ar meisce um deireadh an lae. Is olc an nós a thabhairt dóibh é.

Níl a fhios agam cé mhéad de na gasúir a théann thart fós a bheadh in ann an rann traidisiúnta a bhain le Lá an Dreoilín a aithris. Bhí leaganacha éagsúla de ar fud na tír.

Seo leagan as iarthar Chonamara a d’fhoilsigh Domhnall Ó Fotharta sa mbliain 1892 ina leabhar Siamsa an Gheimhridh.

A dhreoilín, dreoilín, rí na n-éan,

Is mór do mhuirín, is beag thú féin,

Éirigh suas a bhean an tí

Is tabhair dhúinn ubh na circe duibhe,

Tá thiar i dtóin an tí.

Is beag an baol go sásódh ubh na circe duibhe ná canda de chíste milis lucht an dreoilín a thagann as na carranna galánta anois.

Tá marach mór amháin ar an rann sin ó thús go deireadh, ar ndóigh, agus is é sin nach é ‘rí na n-éan’ a bhíonn sa gcrúsca beag ná mór.

Chuala muid ar fad an scéal faoin gcaoi a ndearnadh rí den dreoilín nuair a cuireadh comórtas ar bun féachaint cén t-éan is airde a bheadh in ann eitilt.

Ba léir gur ag an iolar a bheadh an bua ach chuaigh an dreoilín i bhfolach in eireaball an iolair agus d’ardaigh sé os a chionn nuair a bhí an t-iolar féachta.

Bhí an finscéal sin ag Arastatal (384-322 R. Ch.) agus ag Plinias (23-79AD).

Má bhí is go raibh ní hé an dreoilín donn a chuaigh go hard san aer an lá sin.

Is féidir linn a dhearbhú anseo go sollúnta inniu gur éinín níos lú ar fad a bhí ann, éinín ar a dtugtar an dreoilín easpaig.

Tugtar an dreoilín ceannbhuí air freisin agus Diarmaidín riabhach uaireanta eile.

Is é an dreoilín easpaig an t-éinín is lú san Eoraip. Rinne Seán Mac Giollárnath cur síos air ina leabhar siúd Saoghal Éanacha. Dúirt sé gur éinín é atá tugtha do na crainnte. Ní fheicfeá go deo é faoin bhfál, a dúirt sé, mar a mbíonn an dreoilín donn go minic.

Thagair Mac Giollarnáth freisin don ‘chírín órga’ a bhíonn ar an rí beag seo. Sin é an fáth a dtugtar ‘goldcrest’ air i mBéarla.

‘Tá ball chomh buí le hór ar a bhaithis,’ a dúirt Mac Giollarnáth, ‘agus ar chúl cinn an choiligh tá ball álainn dearg. Is uaidh sin, is dóigh liom, a tugtar dreoilín easpaig air.’

Éan imirce é an dreoilín easpaig agus is iontach go deo an spreac atá ann, d’éinín chomh beag leis.

‘Níl aon ionadh d’iontaisí na n-éan is mó ná is spéisiúla ná an chaoi a dtugann an t-éinín seo aghaidh ar an dtréanfharraige agus ina ndéanann sé bealach thar uisce ó thír go tír,’ a dúirt Mac Giollarnáth .

‘Níl de mhéid ann ach mar a bheadh smuta clúimh. Níl meáchan unsa i gcúig cinn acu le chéile.’

Sin é ‘rí na n-éan’ le fírinne agus is ceart agus is cóir, go deimhin is cuí agus is tairbheach, go gcuirfí in iúl é do chuile ghasúr de lucht an dreoilín a thiocfas chomh fada leat inniu.

Fág freagra ar 'Ba cheart an fhírinne faoi ‘rí na n-éan’ a insint do chuile ghasúr inniu, Lá an Dreoilín'