Ba bheag nár rug mé ar thua an tseachtain seo caite le dochar a dhéanamh do roinnt carranna

AN SAOITHÍN AERÁIDE: An fada uainn an lá go ndéanfaidh sluaite feargacha léirscrios ar charranna mar a rinneadh, tráth an Reifirméisin, ar dhealbha na naomh i séipéil Chaitliceacha na Mór-Roinne, an fada uainn an t-íolbhriseadh aeráide?

Ba bheag nár rug mé ar thua an tseachtain seo caite le dochar a dhéanamh do roinnt carranna

Ba bheag nár rug an Saoithín Aeráide ar thua an tseachtain seo caite d’fhonn dochar a dhéanamh do roinnt charranna. Ba é an chaoi go raibh sé díreach tar éis teacht ar an bhfíseán thíos ar Twitter:

Teocht 22 céim sa Ghraonlainn. Tá 12 billiún tona oighir tar éis leá in imeacht 24 uair an chloig. An gá a thuilleadh a rá? 

Ach níor rug an Saoithín Aeráide ar thua chun smionagar a dhéanamh den chéad charr a tharlódh roimhe amuigh ar an tsráid. Bhí dhá chúis leis sin. Sa chéad áit, níl aon tua in árasán an tSaoithín Aeráide. Sa dara háit, tá rud beag céille ag an Saoithín Aeráide agus tuigeann sé gur fearr smacht a choinneáil ort féin nuair a bhuaileann taom feirge thú – fiú nuair a bhíonn údar an-mhaith leis an bhfearg.

Mar sin féin, rith cúpla ceist achrannach leis: 

Cén fhad eile a bheidh daoine eile ar cás leo a bhfuil i ndán don phláinéad seo in ann smacht a choinneáil orthu féin? 

An fada uainn an tubaiste timpeallachta a chuirfidh gníomhaí aeráide éigin thar bhéal na binne agus a dhéanfaidh sceimhlitheoir aeráide as? 

An dtiocfaidh an lá go gcuirfidh gealt éigin buama ar eitleán d’fhonn deireadh a chur leis an dochar a dhéanann aerthaisteal don aeráid? 

An fada uainn íolbhriseadh nua-aimseartha – sluaite feargacha ag dul amach ar na sráideanna chun léirscrios a dhéanamh ar charranna príobháideacha, ar stáisiúin pheitril agus ar ardoifigí na gcomhlachtaí móra ola mar a rinneadh, tráth an Reifirméisin, ar dhealbha na naomh i séipéil Chaitliceacha na Mór-Roinne? 

Agus i bhfianaise easpa gnímh na n-údarás, an bhféadfaí locht a fháil dáiríre ar aon íolbhristeoirí aeráide a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo?

Fág freagra ar 'Ba bheag nár rug mé ar thua an tseachtain seo caite le dochar a dhéanamh do roinnt carranna'

  • Pól Ó Braoin Comhrá

    Tá sé éasca a bheith ag caint… bíonn carr ag teastáil anseo in Éirinn má tá tú ag iarraidh dul mórán áiteanna. Bíonn teas ar phraghas réasúnach ag teastáil uaim sa teach sa ngeimhreadh… is beag iad na roghanna atá ann. Déan níos lú eitilte, mar shampla, agus b’shin cabhair bheag sa treo ceart an aeráid a shabháil ó athrú.