Bá agus meisce na cúiseanna a bhí le bás de thimpiste Dolores O’Riordan – coiste cróinéara

Dúradh ag éisteacht Coiste Cróinéara i Londain inniu nach raibh aon fhianaise ann gur mhian le O’Riordan lámh a chur ina bás féin agus go raibh ag éirí leis an gcóir leighis a bhí á cur uirthi an galar dépholach a bhí ag cur as di a cheansú

Bá agus meisce na cúiseanna a bhí le bás de thimpiste Dolores O’Riordan – coiste cróinéara

Bhásaigh Dolores O’Riordan, príomhamhránaí The Cranberries, de bharr a báite i bhfolcadáin le linn di a bheith ar meisce, de réir thorthaí coiste cróinéara.

Bhásaigh an t-amhránaí mór le rá as Luimneach go tobann ar an 15 Eanáir i mbliana agus í ag fanacht in óstán an Hilton Park Lane i Londain le linn di a bheith i mbun ceol a thaifeadadh sa chathair sin.

Bhí sí 46 bliain d’aois.

Dúirt an Cróinéir Shirley Radcliffe nach raibh aon fhianaise ann gur mhian le O’Riordan lámh a chur ina bás féin agus go raibh ag éirí leis an gcóir leighis a bhí á cur uirthi an galar dépholach a bhí ag cur as di a cheansú.

“Níl aon fhianaise againn ach gur timpiste a bhí anseo. Ní raibh sé i gceist aici [bás a fháil], agus dealraíonn sé gur timpiste thragóideach agus sin uile í,” a dúirt an Cróinéir.

Bá agus meisce na cúiseanna a tugadh le bás an amhránaí.

I ráiteas a chuir The Cranberries amach tráthnóna, dúradh go raibh siad fós ag iarraidh déileáil le bás a gcara. Rinne siad comhbhrón ó chroí le páistí agus muintir an cheoltóra.

“Mairfidh Dolores go deo ina cuid ceoil. Ba mhór an sólás dúinn léargas a fháil ar an lorg dearfach a d’fhág sí ar dhaoine.

“Ba mhaith linn buíochas a ghabháil lenár leantóirí ar fad as na teachtaireachtaí a tháinig ina slaoda uathu agus a dtacaíocht sheasta ag an am crua seo. Iarraimid, más é bhur dtoil é, go léireofaí meas anois ar ár bpríobháideachas”.

Ba as Baile Uí Bhricín i gcontae Luimnigh do Dolores O’Riordan agus d’fhreastail sí ar scoil lán-Ghaeilge Chnoc na Labhras i gcathair Luimnigh. Bhí aithne mhaith uirthi chomh maith i gCorca Dhuibhne nuair a bhíodh teach saoire aici i nDún Chaoin.

Bunaíodh The Cranberries i Luimneach i 1989 agus bhaineadar cáil idirnáisiúnta amach sna 1990idí luatha lena gcéad albam Everybody Else is Doing It, So Why Can’t We?. Chuir an banna sé albam eile amach ina dhiaidh sin, ina measc No Need To Argue agus To The Faithful Departed. Ba é an bua ba mhó a luaití le rath na Cranberries ná guth binn sainiúil an Ríordánaigh.

Fág freagra ar 'Bá agus meisce na cúiseanna a bhí le bás de thimpiste Dolores O’Riordan – coiste cróinéara'