Athruithe suntasacha ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste i mbliana

Tá athruithe á ndéanamh ar scrúduithe na hArdteiste arís i mbliana mar chúiteamh ar na deacrachtaí a bhí ag daltaí de dheasca na paindéime

Athruithe suntasacha ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste i mbliana

Beidh athruithe suntasacha ar pháipéar a dó sa Ghaeilge d’Ardteist 2020.

Fanfaidh páipéar a haon mar atá le 60 marc don chluastuiscint agus 100 marc don cheapadóireacht.

Ag an ardleibhéal beidh rogha níos leithne ag daltaí ar pháipéar a dó agus níos lú ceisteanna le freagairt. Ní bheidh ach léamhthuiscint amháin le déanamh i mbliana, seachas dhá cheann agus ní bheidh ach leath oiread ceisteanna le freagairt faoi chúrsaí próis agus filíochta. 120 marc a bheidh ag dul le Páipéar a Dó seachas 200, mar a bhíonn de ghnáth.

Tá athruithe á ndéanamh ar scrúduithe na hArdteiste arís i mbliana mar chúiteamh ar na deacrachtaí a bhí ag daltaí de dheasca na paindéime.

Ceithre cheist a bhíonn ar pháipéar a dó na Gaeilge gach bliain ach beidh rogha níos mó i gceist i mbliana. In áit dhá léamhthuiscint, A agus B, a dhéanamh ar 100 marc beidh rogha ag an dalta i mbliana léamhthuiscint A nó B a dhéanamh. 50 marc a bheidh ag dul leis an léamhthuiscint i mbliana dá bharr.

De ghnáth bíonn ar an dalta trí cheist eile, a bhaineann le cúrsaí litríochta, a fhreagairt ar pháipéar a dó ach beidh rogha bhreise anseo i mbliana chomh maith. Ní bheidh ar dhaltaí ach dhá cheist faoi chúrsaí litríochta a fhreagairt seachas trí cinn.

Bíonn prós agus filíocht roghnach agus prós agus filíocht éigeantach ar an bpáipéar gach bliain (Ceist 2 agus Ceist 3) agus de ghnáth bíonn ceithre cheist le freagairt sa chuid seo den pháipéar, dhá cheann faoin bprós agus dhá cheann faoin bhfilíocht.

Ach in 2022 ní bheidh le freagairt ach dhá cheist ar fad agus beidh rogha ag an dalta dhá cheist a fhreagairt faoin bprós nó dhá cheann a fhreagairt faoin bhfilíocht. Beidh rogha eile chomh maith aige más maith leis, is é sin ceist amháin a fhreagairt faoin bprós agus ceist eile a fhreagairt faoin bhfilíocht.

70 marc ar fad a bheidh ag dul leis an bhfilíocht nó an prós, in áit 100, an gnáthmharc.

Níl aon athrú déanta ar an litríocht bhreise ag an Ardleibhéal – ceist amháin atá le freagairt ar shaothar amháin as na sé shaothar atá ainmnithe agus 40 marc atá ag dul leis an gceist seo.

Tá an leasú céanna déanta ar an litríocht ag an Ghnáthleibhéal.

Fág freagra ar 'Athruithe suntasacha ar scrúdú Gaeilge na hArdteiste i mbliana'