Athruithe móra ar fhoireann Raidió na Gaeltachta

Tá folúntais shuntasacha le líonadh ag RnaG sna Doirí Beaga, i gCasla agus i mBaile Átha Cliath

Athruithe móra ar fhoireann Raidió na Gaeltachta

Tá athruithe móra le déanamh ar fhoireann Raidió na Gaeltachta agus trí fholúntas shuntasacha le líonadh ag an stáisiún Gaeilge.

Tá Eagarthóir Stiúrtha Nuachta, Bainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt agus Comhfhreagraí Polaitíochta á lorg ag lucht an stáisiúin.

Inné a fógraíodh folúntas do Bhainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt. Tá Damien Ó Dónaill, a tháinig i gcomharbacht ar Edel Ní Chuireáin in 2021, ag éirí as an phost.

Beidh Comhfhreagraí Polaitíochta nua á lorg ag Raidió na Gaeltachta go luath chomh maith, mar go mbeidh an t-iriseoir Eoin Ó Catháin ag fágáil an raidió chun dul ag obair mar thuairisceoir ar chlár nua cúrsaí reatha ar RTÉ 1.

Tá an próiseas earcaíochta d’Eagarthóir Stiúrtha Nuachta RnaG ar siúl faoi láthair.

Beidh Ciarán Ó Fátharta, an té atá sa phost sin faoi láthair, ag dul ar scor ag deireadh na míosa agus 37 bliain caite aige ag obair leis an stáisiún i gCasla.

Ceapadh Ó Fátharta, arb as an Máimín i Leitir Móir ó dhúchas dó, mar Eagarthóir Stiúrtha Nuachta seacht mbliana ó shin.

Ba chraoltóir aitheanta spóirt é agus chaith sé cuid mhaith dá thréimhse le RTÉ Raidió na Gaeltachta ag plé le cúrsaí spóirt. Mar oibrí fuaime a thosaigh sé leis an stáisiún i dtús aimsire.

Tá cáil ar Ó Fátharta freisin mar chumadóir amhrán, agus ba é a chum na hamhráin aitheanta ‘Bearáilte’, ‘Maggie Thatcher’, ‘Amhrán Ráth Chairn’ agus ‘Amhrán na mBáid Mhóra’.

Fág freagra ar 'Athruithe móra ar fhoireann Raidió na Gaeltachta'